Top Issue 1-2024

15 July 1999 Edition

Resize: A A A Print

Y2K , Y2K no, no, no...

Tá daoine ann a deir linn go dtiocfaidh an domhan mar is eol duinn chun stad iomlán ag meánoíche an 31Nollag 1999. Tá go leor leor gléasanna, uirlísí leitreacha, sorn, cuisneoirí, videonna, córas téamhtha tithe, eitleáin, bancanna agus gach uile rud eile gur féidir leat smaoineamh faoi `cláraithe' le sceallóg siliceon a theipfidh ar an dáta sin. `Seo an fhadhb Y2K mar a tugtar uirthi. `Year 2000' - nuair a nach mbeidh na mílte ríomhaire ar fud an domhain in ann tuiscint go bhfuil muid ag gluaiseacht go mílaois nua siocair gur ndearnadh ias a chlárú iad ar dtús le cumas an dhá mhéar deireannach d'uimhir a aithint (`98 nó `99, mar shampla) ach nach dtuigfidh siad an dhá mhéar `00' sa bhlian 2000. . Tá, a deir na daoine seo, impleachtaí ann duinn go léir (cé gur rud iartharach, críostaíoch am Mhílaois ag deireadh an lae). `Má tá rud ar bith ann a oibríonn ar chóras réamhchláraithe, ní bheidh sé in ann bogadh ar aghaidh mura bhfuil sé reidh do Y2K' a deir na heolaithe. Agus b'fhéidir nach ar `ghléasanna'amháin atá na heolaithe ag trácht...

Is maith liom amhrán nó suantraí a chanadh don pháiste i rith na hoíche, go mór mór na leathanta seo agus a chuid fiacla úra ag gobadh tríd. Labhraím leis agus canaim amhráin leis i gciúnas na hoíche. Agus, sa chiúnas idir scréadáil agus beiciú, is am maith é chun macnamh a dhéanamh ar fhadhbanna móra an tsaoil. Ar ndóigh, ní hionann macnamh agus reiteach, agus an maidin dar cionn is anamh atá reiteach aimsithe agam ar aon de na fadhbanna, ach bíonn an gasúr ciúin arís ar a laghad.

Le déanaí, `sé an rud atá ag buaireamh mo smaointe i lár na hoíche ná fadhbanna na ríomhairí ag deireadh na bliana seo, an fhadhb Y2K.

Bhí mé ag déanamh macnamh ar sin an oíche arú agus mé ag canadh suantraí le Malachaí. Ar ndóigh b'fhearr liom amhráin agus suantraí Gaeilge ná Béarla a rá leis, ach caithfidh mé a admháil nach bhfuil mo thaisce amhrán Gaeilge chomh mór sin go líonfadh sé an bearna idir a trí agus a ceithre ar maidin nuair a éalaíonn codladh agus nuair a nach bhfuil rud ar bith ann a chiúnfadh an buachaill ach amhránaíocht i nglór íseal.

Ar ndóigh, `sí fuaim mo ghlóir a chuireann suaimhneas ar an pháiste, chan foclaí na n-amhrán féin Ní thuigeann Malachaí bocht aon teanga fós, neachtar Béarla nó Gaeilge. Agus dá bhrí sin, thig liom aon saghas amaidíocht a chumadh agus a chanadh leis, amhráin a dhéanann ciall agus cinn nach bhfuil aon ciall ag baint leo seachas mílseacht na bhfocal féin.

Dearfaidh ceol-eolaithe amach ansin nach bhfuil aon rud nua faoi seo, agus go bhfuil go leor amhráin amaideacha ann cheana féin, cuid acu a scríobhadh d'aon ghnó, cuid eile a tháinig síos chugainn ón sean-nós agus cuid mhaoith acu a chiúnann páistí - nó a thugann comhairle fóthairseachúil don éisteoir.

Tá seanamhrán Albánach den chinéal seo a bhfuil cúrfá iontach fad-radharcach leis agus cé gur canadh é don chéad uair na céadta blianta ó shin chonaic an duine a chum na focal an fhadhb Y2K ag teacht! B'fhéidir go n-aithneoidh cuid agaibh an cúrfá `yitukey, yitukey, no, no, no...'. Tá mé ag rá libh, a léitheoirí - go bhfuil an t-amhrán amaideach sin ar cheann des na hamhráin is fadradharcaí a scríobhadh riamh agus is botún mór a leithéid de chiall a mhaslú tríd `amaidíocht' a chur air.

Is amhrán fíor cliste é. Is amhrán aontachtóireacht é. Agus, thar aon rud eile, is amhráin mílaoiseach é. Leoga, thig leat argóint a dhéanamh go bhfuil an cúrfá leis ar an sampla is luaithe d'amhrán mílaoiseach a aithníonn an fhadhb sin a luaigh mé níos luaithe: `Má tá rud ar bith ann a oibríonn ar chóras réamhchláraithe, ní bheidh sé in ann bogadh ar aghaidh mura bhfuil sé reidh do Y2K' . Agus sin díreach an fhadhb atá ann do na hAontachtóirí fós, go bhfuil siad `cláraithe; ar chóras nach n-aithníonn go bhfuil an domhan bogtha ar aghaidh i dtreo aoise/mílaoise nua. Cén freagra atá ag na haontachtóirí ar sin:

Yitakey yitakey, no, no, no.

Nach léir don bodhar gur Y2K, Y2K No, No, No atá mar `fo-theachtaireacht' ann, dairire?

Na fir buí agus aontachtóirí bochta. Mura ndéantar `athchlárú' ar a sceallóga idir anois agus deireadh na bliana tá plimp agus tubaiste i ndán don Aontas!


Ciniochas ar an Idirlíon



Tá grúpaí ciníocha ag iarraidh muintir na hÉireann a mhealladh le bheith ina mbaill de `Chlann Airíoch' an domhain de réir alt a bhí sa Sunday Tribune an Domhnach seo chaite.

Ós rud é gur féidir le duine ar bith a bhfuil ríomhaire aige úsáid a bhaint as an idirlíon, is gléas iontach í le bolscaireacht a scaipeadh. Tuigtear anois go bhfuil dreamanna den eite dheis ag cur a dtuairimí ciníocha chun cinn gan mórán stró.

Tuigtear go mbíonn grúpaí ciníocha anuas ar dhaoine aeracha chomh maith le ciní eile. Creidtear go bhfuil rud éigin ar iarraidh ag daoine a mothaíonn go gcaithfidh siad a bheith anuas ar dhreamanna eile. Tá siad féin amhrasach fúthu féin toisc nach mothaíonn siad iomlán mar dhaoine ar fáthanna éagsúla. Tá dearcadh simpli eile ann a rá gur daoine bománta go hiomlán iad.

Is ó na Stait Aontaithe Mheiriceá ina bhfuil na grupaí den eite dheis eagraithe le úsáid foirfe a bhaint as an idirlíon a thagann cuid mhaith den chiníochas idirlíne seo. Anois tá siad ag baint úsáid as chultúr na gCeiltigh lena mballraíocht a mhéadú. Tá úsáid a bhaint acu as na seanscéalta miotasaigh agus as comharthaí ceilteacha le daoine a mhealladh chuig a gcuid dtuairimí.

Ar ndóigh, is féidir a shamhailt gur maith leo na scéalta gaiscíocha ar laochra ceilteacha a úsáid agus a chur le tuiscint gur dream maith cogaíochta a bhí iontu i gcónaí. Lena chois sin, is léir go mbeadh rudaí ar leith a dtiocfadh leo a roghnú le maitheasaí níthe bána agus fionn a chur chun tosaigh. Ar ndóigh bheadh Fionn Mac Cumhaill é féin ina laoch mór a chosain tir na hÉireann leis na Fianna cróga . Déarfainn nach mbeadh trácht ar bith acu ar an seanfhocal, ``Is geal leis an fhiach dhubh a ghearrcaigh féin.''

An méid sin ráite, is dócha gur féidir leo na scéalta a roghnú, athruithe agus eagarthacht a dhéanamh orthu de réir mar is mian leo. Bheadh na grúpaí ciníocha seo in ann a leaganacha féin de na scéalta seo a chumadh agus a athscríobh ar an idirlíon gan dul trí chóras ceartúcháin ar bith ná cead a iarraidh ó údárás dá laghad. Nach deirtear go dtig leis an dhiabhal sliochtanna ón Bhíobla a aithris ar mhaithe leis féin. Nach minic a gcluintear Paisley ag baint úsáid as an Bhíobla fosta.

Mar aon leis sin is dócha nár mhaith leis na grúpaí ciníocha atá ag scaipeadh an bolscaireacht seo trácht a dhéanamh ar an dóigh ina bhfuil a lán teangacha ceilteacha ann, neart traidisiúin eagsúla agus nósanna ar leith ag an phobal ceilteach. B'fhéidir nár mhaith leo a lua go bhfuil gaolta difriúla acu freisin.

Tuigim gur dream ciníoch roinnt mhaith de na Éireannaigh atá lonnaithe i Sasana , i Meiriceá agus i dtíortha eile thar lear. Cinnte, gan eolas cruinn ar chultúr na gCeiltigh déarfainn go mbeadh cuid de na daoine seo meallta ag tuairimí na faisistigh.

Táimid uilig breá cleachtaithe le ráiteisí ciníocha a chluinstin ó na dilseoirí sna Sé Chontae. Sileann roinnt acu, fiú, gur dílseoir a bhí i gCúchulainn féin a rinne a dhícheall le Cúige Uladh a chosaint.

Caithfidh a admháil chomh maith, áfach, go bhfuil muid inár gcónaí i dtír ina bhfuil ciníochais go mór i réim ar feadh i bhfad ar fud an dhá chontae is tríocha. Tá leatrom le feiceáil ar an lucht siúil go minic ó institiúidí stáit, ó na gardaí agus ón phobal i gcoitinne. Anois, is cinnte go bhfuil an leatrom céanna á dhéanamh ar na teifigh a tháinig chun na tire seo.

Tuigtear go bhfuil grúpa faisisteach eagraithe cheana féin i mBaile Atha Cliath. `Reclaim Dublin' a chuireann siad orthu féin agus b'iadsan a ndúirt gur ionsaigh siad ar chúigear gorm le déanaí. Leoga, ní ar mhaithe le muintir na hÉireann a rinne siad a leithéid.

Caithfidh aineolas na bhfaisistigh a cheartú i dtólamh agus in agallamh nó i ndíospóireacht oscailte is féidir sin a dhéanamh. Is mór an trua nach féidir a leithéid a dhéanamh ar na suíomhanna ar an idirlíon.

An Draoi Rua


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland