Top Issue 1-2024

6 December 2010

Resize: A A A Print

Tá eileafant sa seomra - an tEuro nach bhfuil cead a phlé

Angela Merkel

LE MÁIRTÍN Mac EOIN

TÁ na meáin, idir clóite is craolta, plúdaithe le seachtainí anuas le plé faoin géarchéim eacnamaíochta is airgeadais.  Baineann an chuid is mó de le freagathacht Fhianna Fáil as an ngéarchéim, agus tá sé sin tuillte.
Ach tá eileafant sa seomra nach bhfuil cead a lua: sé sin freagarthacht na hEorpa as an bhfadb.
Tá sé soiléir gur thug na bainc an iomad ar iasacht do lucht tóigeála, ag ceannach talún ar phraghsanna ró-árd is ag díol tithe ar phraghsanna ri-ró-ard.
Ach cé thug an t-airgead dona bainc?  Taobh thiar den mheargántacht dhúchasach, bhí meargántacht na mbanc Gearmáineacha.  Mar is iad a thug airgead go fialmhar dona bainc Éireannacha, gan rialú is gan cúram ceart.  Rinne siad sin toisc go raibh airgead go flúirseach acu.
Ag an am céanna bhí rialtas na Gearmáine ag iarraidh spreagadh a thabhairt do infheistíocht i dtionscail tairgthe, agus choinnigh an rialtas na rátaí úis íseal le cabhrú leó.  Agus bhain siad leas as an Euro le freastal ar a gcuid riachtanaisí féin.
D’oir an polasaí sin don Ghearmáin.  Ach níor oir sé don tír seo.  Bhí airgead flúirseach anseo freisin, mar gheall ar na bainc Ghearmáineacha agus chuaigh praghsanna  - is praghsanna tithe ach go hairithe - in airde dá bhárr.  Theastaigh rátaí úis a bheith ard againn le brú a chur ar phraghsanna, ach bhí rátaí isle againn mar gheall ar an nGearmáin.
Agus ba chuma le Banc Cheannas na hEorpa riachtanaisí na hÉireann.  Bhí muid, agus támuid, ró-bheag.  Ach toisc go rabhamar san Euro, bhí orainn glacadh le rialacha a leag an Ghearmáin is an Eoraip síos.
Chiallaigh sé sin go raibh praghsanna tithe níos airde ná mar ba ghá dóibh a bheith, agus ciallaíonn sé sin anois go bhfuil fiacha nios mó ar dhaoine a cheannaigh tithe ná mar ba chóir a bheith.
Sé sin tá an Euro taobh thiar de chuid mhaith dena deacrachtaí atá orainn, agus is chun teacht i gcabhair ar an Euro a tháinig an IMF anseo is chun teacht i gcabhair ar an Euro a chaithfeas cáinfhaisnéis ghéar a bhrú ar íosaicme na tíre.
Ach ní luaitear an tEuro riamh insan bplé nuachtáin, telefíse nó raidió.  Níl cead aon cháineadh beag nó mór a dhéanamh ar rud ar bith a bhaineann leis an Eoraip.
Ach má támuid dáiríre faoi thiocht amach as an bhfaopach ina bhfuilimid, caithfidh tuiscint ar dtúis céard is cúis leis an bhfaopach.
Agus pointe eile, a bhaineann leis go díreach.
Go hiondúil nuair a bhíonn deacrachtaí den chineál seo ann, déantar dí-luacháil ar an airgeadra. Ach arís ní féidir linne é sin a dhéanamh mar ní linne an tEuro, is leis an Eoraip é, sé sin leis an nGearmáin.
Ach cén fáth go nglacfadh an tír seo fiacha móra nua - nuair is chun leas tíortha é an tEuro a chosaint nios mó ná mar is é ár leasna é.
Ach sin é atá ag tarlúint.  Nior tháinig an IMF anseo chun cabhrú linne, nó le beatha a chur ar ais in eacnamaíocht na tíre, ach chun cinntiú nach dteipfeadh ar an Euro is nach dteipfeadh ar na bainc Ghearmáineacha.
Nílimid linn fein maidir leis seo.  Tá muintir na Gréige sa riocht chéanna.
Ach an ndéanfaidh muide an troid chéanna is atá dha déanamh acu sa nGréig?

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland