Top Issue 1-2024

6 December 2010

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Scrabble as Gaeilge

AGUS rudaí i bhfad níos tromchúisí ná caitheamh aimsire ar intinn daoine na laethanta seo is dócha go bhfuil mé ag dul sa seans libh ag scríobh faoi fhiontar úr i saol na Gaeilge le cúpla seachtain anuas: Scrabble as Gaeilge.
Is  é Glór na nGael atá i ndiaidh an chluiche atá aitheanta go hidirnáisiúnta a fhoilsiú don chéad uair i nGaeilge mar chuid dá straitéis um normalú an teanga. Anuraidh d’éirigh le Glór na nGael ‘Junior Scrabble’ a fhoilsiú agus bhí (agus tá i gcónaí) éileamh mór ar an chluiche ag tuistí agus naíonraí ar fud na tíre. Cluiche míreanna mearaí móide cluichí litriú simplí a bhí ann agus tugadh moladh dó mar nach raibh áiseanna mar é, le branda so-aitheanta leis ar fáil ag an am.
Ar ndóigh bhí daoine ag fiosrú an mbeadh Scrabble as Gaeilge do dhaoine fásta, idir foghlaimeoirí agus daoine le cumas na Gaeilge riamh ag teacht.  B’fhada muid ag fanacht agus b’fhéidir go raibh spreagadh chun gníomh ann dúinn nuair a foilsíodh leagan Scrabble na Breatnaise timpeall 5 bhliain ó shin. Idir an dhá linn bhí teaghlaigh agus cairde ag cur Scrabble Béarla in oiriúint do chluichí Gaeilge tríd roinnt de na tíleanna a athrú agus rialacha a chruthú ‘sa bhaile’.
Bliain ó shin thug Glór na nGael faoin togra agus rinneadh anailís ar mhinicíocht na litreacha i dtéacsanna samplacha éagsúla. Imríodh cluichí le foirne litreacha éagsúla, cuid ina raibh consain agus séimhiú cónasctha, cuid ina raibh úrú agus túslitreacha ceangailte agus ar ndóigh bhí plé fada ann faoi cheist na gutaí le agus gan síneadh fada.
Faoi dheireadh aontaíodh ar fhoireann litreacha agus scóranna cuithe ag dul le gach litir agus aontaíodh conradh le húinéirí an bhranda, Tinderbox Games agus cuireadh roinnt boscaí den chluiche ar fáil le triall a bhaint astu. Don taifead staire, bhuaigh mo mhac Malachaí an chéad chluiche riamh ar bhord chuí Scrabble as Gaeilge nuair a shleamhnaigh sé BÓ isteach ar chearnóg sa chúinne ina raibh Luach Focail Faoi Thrí leis agus a ghnóthaigh 64 phointe dó. Ach beidh lá eile ag an Paorach agus buafaidh mé mo choróin ar ais uaidh go luath.
Tá Scrabble as Gaeilge, agus Junior Scrabble ar fáil (ar €20 agus €18 postas san áireamh) ón suíomh www.udar.ie, nó is féidir iad a fháil ó thimirí Ghlór na nGael agus costas an phostais a shábháil. Bronntanas maith don Nollaig agus bígí cinnte de go mbainfidh sibh na huaireanta spóirt agus spraoi as.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland