Top Issue 1-2024

6 May 1999 Edition

Resize: A A A Print

Deis ag daonlathas na hAlban buille a bhualadh

Le roinnt seachtainí anuas bhí feachtas fíochmhar ar siúl ag daorphreas na hAlban in aghaidh an SNP. Mar is dual d'fheachtas den chineál sin níor bhain loighic ná réasún leis. Is í an imní atá ar lucht an mheoin choilínigh in Albain go bhfuil níos mó agus níos mó daoine sa tír sin, go háirithe daoine óga, ag dúil le neamhspleáchas náisiúnta. Sin an chúis atá le fuath na bunaíochta don SNP. Bainfidh siad leas as gach cleas leis an treocht sin a mhúchadh. Tá náisiúnaithe fós in Albain a shíleann go socrófar gach rud de réir réasúin agus go ngéillfidh an stát ``Briotanach'' go héasca do thoil an tromlaigh. Beidh maitheas déanta má thuigeann siad gur réamhbhlaiseadh beag de chur i gcoinne na saoirse an fhíochmhaireacht a d'fhulaing siad le cúpla mí anuas. Bhí misneach ag Alex Salmond tabhairt faoi eachtraíocht na nAngla-Mheiriceánach sna Balcáin. Cháin sé buamáil na hIúgslaive i gcraoladh teilifíse as a mídhlisteanacht agus as a bheith ina ``unpardonable folly.'' Ba bhreithiúnas measartha é sin ach is mór an chreidiúint atá ag dul dó as an seasamh sin a ghlacadh i lár feachtas toghchánaíochta agus Albain ar maos le bladhmann agus gríosóireacht chogaidh, macalla as Éirinn 1914.

Faoi mar a tharlaíonn sé tá go leor den mhearbhall ar an SNP trí chéile sna cúrsaí seo. Tá Salmond ar son fanacht amach as ECAT/NATO ach a bheith páirteach in Aontas Iarthar na hEorpa.

Éilíonn an SNP go mbeadh fórsaí cosanta ag Albain faoi mar is dual do stát neamhspleách ach níl siad ar aon intinn maidir le feidhm nó méid na bhfórsaí céanna. Tá dornán daoine, ar a laghad, sa pháirtí a bhfuil luí acu le harm ollmhór agus cabhlach agus aerfhórsa a bheith acu. Go deimhin ní fada ó bhí craiceálaí amháin i gceannasaíocht an SNP ag caint faoi na deiseanna a bhí ann do náisiún beag sa chogaíocht cheimiceach agus bhitheolaíoch! Le 300 bliain anuas tá an chogaíocht impiriúil in úsáid le mórtas as ``Briotanachas'' a chothú d'fhonn an tAontas a dhaingniú.

Cuirtear adú le díograis Blair (Albanach ó bhreith agus ó thógáil, go slána Crom sinn!) maidir leis na hionsuithe ar an Iaráic (atá ar siúl i gcónaí) agus ar an Iúgslaiv a fhios a bheith aige go bhfuil an Ríocht Aontaithe féin i mbaol a díbhunaithe. Agus féach san impireánacht reatha gurb iad na hAlbanaigh frith-Albanacha Robin Cook, George Robertson agus Doug Henderson is mó a chlúdaíonn iad féin le haprún anbhúistéara. Is é an geall a thug an SNP do mhuintir na hAlban go mbeadh reifreann ann faoi neamhspleáchas ach tromlach a bheith acu i toghchán an lae inniu. Ach tá rud ann a d'fhéadfadh an pharlaimint nua a dhéanamh beag beann air sin agus bheadh tacaíocht fhorleathan ann dó. B'in glacadh le forógra flaithis, deimhniú sollúnta ó chomhaltaí pharlaimint na hAlban ar an Scottish Right of Claim a foilsíodh i 1988.

Dheimhnigh an Right of Claim rud níos bunúsaí ná an neamhspleáchas féin, gur i muintir na hAlban agus iontusan amháin a mhair flaitheas na hAlban. Bhí an cháipéis sin treascrach go smior mar bhí an prionsabal daonlathach a chuir sé chun tosaigh glan contráilte leis an mbunús atá le flaitheas i ndlí Shasana, nach bhfuil sárú ar thoil Pharlaimint Westminster. Smaoinigh gur shínigh formhór d'fheisirí parlaiminte Pháirtí an Lucht Oibre agus na nDaonlathaithe Liobrálacha an t-éileamh chomh maith le líon mór de cheannairí pobail, ard-cheardchumannaigh agus maithe móra na hAlban. Dála an scéil bhí John Smith, réamhtheachtaí an Bhláraigh, orthu siúd a shínigh é. Dá mbeadh an Right of Claim faomhaithe ag Parlaimint na hAlban bheadh buille marfach tugtha don Ríocht Aontaithe sa chló ina bhfuil sí. Buailtear an buille sin.

Colm de Faoite


Ní héisteacht go labhairt



Nuair a chruinníonn Sinn Féin le chéile don Ard Fheis an deireadh seachtaine seo ní bheidh orthu ach rún amháin a phlé a bhainfeas leis an Ghaeilge, rún, mar a tharlaíonn sé, a iarrann comharthaí dhátheangacha agus a cuireadh isteach ag cumann nuabhunaithe i mbliana in Ollsoil na Trionóide, Baile Atha Cliath. Rún amháin. Maithfí an duine a cheapfadh go mbeadh cath na Gaeilge thart agus an bua faighte ag lucht na Gaeilge, ach bheadh sé nó sí ar strae. Níl an cath thart fós agus tá skirmish eile le troid ann i rith na hArd Fheise féin, dála an scéil, a bhaineann leis an dhátheangachas agus ár gcoimitmint dó.

Ach má táimid chun méar a dhíriú i dtreo éinne, gur chóir dúinn bhreathnú orainn féin ar dtús.

Tá Sinn Féin mar páirtí ag cur córas aistriúcháin comhuainigh ar fáil i mbliana arís don Ard Fheis. Tá costas nach beag ag baint leis an chóras seo a thabhairt amach ar léasa don deireadh na seachtaine ach `sin coimitmint a ghlac an páirtí tamall de bhlianta ó shin nuair a bhí muid chun tosaí i sreachailt na teangan, agus ag ardú ceisteanna faoi imeallú agus díchlaonadh in aghaidh na Gaeilge.

Níl aon dabht ná gur ghnothaigh an páirtí meas ó ghrúpaí ar fud na tíre dá bhrí an díograis a chur gníomhaithe Shinn Féin isteach san fheachtas a mhair ó lár na n-ochtóidí ar aghaidh. Níl a fhios agam anois, agus Clár na hArd Fheise i gcló gan ach rún amháin faoin Ghaeilge ann, an bhfuil an cath thart? Ar bhuaigh lucht na Gaeilge a sreachailt agus gan fios a chur orainn? Nó ar bhog muid ar aghaidh, mar a mhol Máirtín Ó Muilleoir ceithre nó cúig bliana ó shin le linn díospóireachta ag Slógadh Shinn Féin, ó bheith inár `mbrúghrúpa' ar son na Gaeilge, muid ag déanamh na hoibre gurbh fhearr do na ngrúpaí teangan féin a dhéanamh?

Ag cruinniú i nGaoth Dobhair dhá mhí ó shin, nuair a chruinnigh iarchimí le Gaeilge ó na carcaireacha éagsúla le chéile chun Cumann na Fuiseoige a athsheoladh, thuairimigh cuid des na cainteoirí go raibh, go pointe, an talamh athraithe; go raibh cuid mhaith des na héilimh bainte amach a chur Gaeil chun tosaí - ó thuaidh agus ó dheas - agus go mbeadh ról nua, feasta, ag Poblachtanaigh le Gaeilge... úsáid na Gaeilge a láidriú, seirbhisí tré Gaeilge a neartú agus a leathnú, agus cumas na Gaeilge mar teanga oibre a chruthú agus a spreagadh.

Beidh deis againn sin a dhéanamh i rith an deireadh seachtaine seo nuair atá an Ard Fheis ar siúl. Tá lán cead ag chuile cainteoir a rogha teanga a úsáid - tá an Béarla chomh inghlactha leis an Ghaeilge mar theanga oibre ag imeachtaí mar seo - agus níor chóir go mbeadh aon easpa ocáidí cainte ag daoine a dtuairimí a roinnt linn ar go leor leor téamaí, trí Gaeilge.

Ní fiú dúinn bheith ag maíomh as ár n-iarrachtaí féin `dhátheangachas' ná chomhurraim don ghaeilge a bhaint amach má tá muid ag brath ar sampla na gcluasán córas aistriúcháin na hArd Fheise. Ní fiú faic na cluasáin céanna mura bhfuil:

a) daoine sa lucht éisteachta nach dtuigeann Gaeilge

b) daoine ag labhairt Gaeilge, chun `leithscéal' a thabhairt dóibh a chomhlíonann (a) na cluasáin a chrochadh lena gcluasa breatha poblachtacha.

Deirtear liom, ó am go ham go mbíonn poblachtanaigh áirithe robhrodúil na cluasáin a chaitheadh ar eagla go gceapfadh daoine eile nach mbeadh an Ghaeilge acu. Ní chreidim sin.Bheadh daoine ro-fhiosrach ar `cad a bheadh an boc sin thuas ar an ardán' á rá! Ní fadhb éisteachta nó éisteoirí atá ann ach fadhb cainteoirí.

Caithfidh Gaeil an pháirtí seo - agus tá a lán againn ann - an Ghaeilge a bhrú chun tosaí ar imeachtaí móra poiblí mar Ard Fheis Sinn Féin. Bíodh na comharthaí dhátheangacha ann, agus bíodh an córas dhátheangach ann chomh maith, ach ní fiú faic iad mura bhfuil daoine chun úsáid a bhaint astu.

Tá éisteoirí Gaeilge againn amuigh ansin. Tugaigí a lá dóibh, a chainteoirí. Labhraigí an teanga an deireadh seachtaine seo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland