Top Issue 1-2024

29 April 1999 Edition

Resize: A A A Print

Teach na nGealt?

I ndiaidh díoladh cúig theach déag ar mhilliún punt an teach an tseachtain seo chuaigh thart, is léir go bhfuil sochaí dhá aicmeach in Éirinn chomh fhad a's a bhaineann sé le cúrsaí tithíochta.

Nuair a thit an casúr don uair deireannach ar cheant an cúigiú teach (milliún punt) déag i mBaile Atha Cliath an tseachtain seo chaite, agus nuair a bhailigh an ceantalaí a chuid páipéarachas, geallúintí £15M ina measc, ba léir go raibh céim dotharraingte glactha i rás naireach na tithíochta príobháidí in Éirinn. Díoladh an 15 theach ar mhilliún punt an teach taobh istigh de thréimhse ceithre uair a' chloig nuair a cuireadh ar an mhargadh iad, agus rugadh an coinciap d'Ascaill na Milliúnaithe. Nó, ba chóir a rá, Ascaill na Milliúnaithe Míre.

Tá daoine ann a deirfeas go bhfuair siad a raibh tuillte acu, na milliúnaithe seo. Deirtear go raibh siad, cuid acu, ag íoc as an chéim féin, as an stadas a bhaineann le teach nó seoladh a bhfuil boladh an tsaibhris ag baint leis. Dá bhrí sin, níor chóir dúinn, daoine nach bhfuil in ann tithe ar an deichniú cuid den phraghas sin a cheannacht, níor chóir dúinn bheith imníoch faoi cad a déanann daoine saibhre lena maoin. Tagann an nath cainte Béarla chun cuimhne go bhfuil sé éascaí amadán a scaradh óna chuid airgid agus má bhí cruthúnas de dhíth ar an teoiric sin, tá sé faighte againn an tseachtain seo.

Tá slat tomhais nó ráta costais ann a bhaineann le tithe nua, a chuireann le tuiscint go gcosnaíonn teach nua, críochnaithe ar ard chaighdeán, timpeall £60 in aghaidh na troighe cearnóigí. I gcás na dtithe seo in ascaill na milliúnaithe, deirtear gur chosnaigh siad níos mó ná sin, go raibh `críochnú' ar an chaighdeán is áirde riamh ar na tithe, agus gur chóir figiúr de £100 in aghaidh na troighe cearnóigí a úsáid. Tá, deirtear linn, 3600 troigh chearnógach sna tithe seo, agus de réir leis an ríomhaithe sin, ba chóir go mbeadh praghas ar £360 000 an teach i gceist. Tá duine éigin ag carnadh brabúis iontaigh, domhínithe as díol na dtithe seo agus bhí sé ro-éascaí na hamadáin a scaradh óna gcuid airgid.

Deirfidh daoine nach bhfuil aon rud gur féidir a dhéanamh faoi seo, go bhfuil an margadh saor i réim in Éirinn agus dá bhrí sin nach bhfuil muid in ann stop a chur le praghasanna mar sin. Ach má's fíor sin, níl aon dochas ann don aicme tithíochta eile in Éirinn - an t-aicme nach féidir leo praghasanna arda a íoc as tithe agus atá, mar gheall ar mhéadú na bpraghasanna ar bharr an chairn, á ndíbirt as an mhargadh ar fad. Ba chóir go mbeadh tithe ann, mar cheart, do gach uile duine in Éirinn, agus ba chóir go mbeidís ann ar phraghas iníoctha. Ní tharlóidh sé sin, áfach, go dtí go bhfuil srian curtha ar phraghasanna ar bharr an mhargaidh agus go dtí go mothófar éifeacht an tsréin sin ar bhun, nó phointe iontrála, an mhargaidh. Ní bheidh na tosaitheoirí in ann tosú fiú muna bhfuil bunphraghas insroichthe leagtha síos, agus ciallaíonn sé sin go mbeidh ar an rialtas stop a chur le brabús den saghas a chonaic muid an tseachain seo chuaigh thart. Nuair atá an iomarca airgid ag daoine, nuair atá níos mó airgid acu ná mar atá ciall, déanann siad rudaí amaideacha, amhail bhrabús leathmhilliún punt a thabhairt do thógálaí tí - ach dá bhrí an amaidí sin, tá na daoine ar bheagan ioncaim ag fulaingt, agus ins an mhargadh `saor' sin rialaíonn méid do shaibhris méid do chearta.

Ba chóir, dá bhrí sin, stop a chur le hollbhrabús i dtogáil tithe mar a chonaic muid an tseachtain seo chaite mar chéim amháin i reiteach na faidhbe easpa tithíochta atá chomh fhorleathan sin in Éirinn. Tá céimeanna eile, ar ndóigh, talún a chur ar fáil, cabhair a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh morgáiste, páirtíocht idir comhairlí agus tionóntaigh i gceannacht tithe agus araile. Ach, ní mór srian a chur ar phraghasanna a dhibríonn praghas gach uile teach, nua nó sean, beag nó mór, suas leo.

Tá sé rud beag íorónach, ach tcítear go gcaithfear lucht an tsaibhris a chosaint óna n-amaidí féin anois agus ó robáil sa mhargadh tithíochta ionas go mbeidh daoine eile ábalta bheith páirteach sa mhargadh sin.


Ní mhúchfaidh an Blárachas raidiceas na mBreatnach



Déardaoin seo chugainn den chéad uair toghfaidh muintir na Breataine Bige comhthionól a bheas ag plé leis an tír uile agus léi amháin. Pé rud a dhéanann an comhthionól nó pé rud atá i ndán dó ní bheidh cúrsaí mar an gcéanna sa Bhreatain Bheag go deo arís. In ainneoin iarrachtaí na mBlárach stampa ruibéir a dhéanamh den chomhthionól - agus déanfar tréaniarracht é a chur ar ``teachtaireacht'' - ní féidir ach go mbeidh sé níos forásaí agus níos daonlathaí ina mheon ná an foras in Westminster. Ní talamh torthúil é don Bhlárachas an Bhreatain Bheag. Maireann traidisiún láidir frith-Thóraíoch i smior agus smúsach na mBreatnach. Ní raibh tromlach parlaiminte ag an Tóraithe sa Bhreatain Bheag riamh, rud nach féidir leis na hAlbanaigh a mhaíomh.

In ainneoin gur éirigh leis na mBlárach Alun Michael a bhrú ar aghaidh mar cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Bheag (agus, dá bhrí sin, mar iarrthóir ar oifig an Chéad Rúnaí) trí lúbaireacht sna ceardchumainn thug tromlach na mball aonair tacaíocht do Rhodri Morgan. Ní móide go bhféadfaí ``New Labour'' a thabhairt ar an gcuid is mó de chraobhacha an pháirtí sa Bhreatain Bheag. Tá aisling an tsóisialachais beo i gcónaí i gcathracha agus gleannta an deiscirt go háirithe.

Faoin tráth seo tá Plaid Cymru níos faide ar clé ná an páirtí Blárach chomh fada agus a bhaineann sé leis an gcuid is mó dá raon polasaithe. Tugann ceannaire an Blaid, Dafydd Wigley FP, faoin gcaiteachas ollmhór ar Trident fad is atá easpa fearas scoile agus ospidéil ardchaighdeáin sa Bhreatain Bheag (agus, ar fud na Ríochta Aontaithe, dá ndeirfí é). Cáineann sé na Bláraigh as an gcogaíocht sna Balcáin agus deir sé gur ceart plé leis na fadhbanna ansin tríd na Náisiúin Aontaithe. Tá polasaí an Blaid bunaithe ar fheabhsú seirbhísí poiblí a n-íocfaí astu le córas céimnithe cánach. Níl Plaid Cymru sásta go laghdófaí an ráta caighdeánach de cháin ioncaim fad is atá riachtanais shóisialta gan sásamh. Deir siad go dtabharfaidís ar ais deontais do mhic léinn agus an nasc idir pinsin agus an meántuarastal. Beidh sé de mhíbhuntáiste ag pé dream a bheas i gceannas ar an gComhthionól Breatnach nach mbeidh sé de chumhacht acu cánacha a ghearradh, a ardú nó a mhaolú (fiú sa raon cúng a bheas faoi na hAlbanaigh). Dhéanfadh a leithéid difríocht don chosmhuintir. Tá mórán gach dream sa Bhreatain Bheag ag súil leis go bhfógrófar go luath go leanfar le Stádas Chuspóir 1 i gcás na tíre sin maidir le cistí struchtúrtha AE ach tá amhras ann an mbeidh comh-mhaoiniú ar fáil ó Londain. Bíonn doicheall i gcónaí ar an Státchiste airgead a chaitheamh sa Bhreatain Bheag. Is buille é don Bhreatain Bheag polasaí Bhanc Shasana a bhfuil punt róluachmhar mar thoradh air. Baineadh monarcha de chuid Lucas den tír le déanaí agus suíodh í sa Pholainn mar go raibh sé níos saoire earraí a easpórtáil uaithi sin (agus go raibh na tuarastail níos ísle).

Beidh ar an gcomhthionól tabhairt faoin neamart a déantar sa tuaisceart i gcúrsaí forbartha. Caitear 80% den infheistíocht ar cheantar nach bhfuil ach 10% d'achar na tíre ann. Bronnann Aisínteacht Fhorbartha na Breataine Bige 90% dá chiste maoinithe ar ``shárthionscnaimh,'' polasaí atá go maith do leithéid Castnewydd/Newport nó Wrecsam ach a fhágann an tuath agus na bailte beaga bánaithe. Tá Páirtí an Lucht Oibre ag súil le 50% de na suíocháin sa chomhthionól nua agus d'fhéadfadh go mbainfidís é sin amach. Mar sin féin tá siad faoi bhagairt ón eite chlé. Tá triúr iarrthóir ag Páirtí Cumannach na Breataine a deir gurb é atá de dhíth sa chéad dul síos ``fíorpharlaimint'' a dhéanfadh forbairt ar an ngeilleagar gan a bheith ag brath ar infheistíocht ón iasacht agus tuarastail bheaga. Is iad na tosaíochtaí a luann siad an t-oideachas poiblí, tithíocht, díothú na bochtaineachta, cothú na n-ealaíon agus dúshaothrú ciallmhar ar acmhainní talaimh. Tá iarrthóirí san iomaíocht freisin ag na Glasaigh, Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre (muintir Arthur Scargill) agus ag an gComhaontas Sóisialach Aontaithe (manglam aisteach a bhfuil idir phoblachtaigh Bhreatnacha agus an SWP ann).


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland