Top Issue 1-2024

15 April 1999 Edition

Resize: A A A Print

Ar Eagla go nDéanfaimid Dearmad

I measc na dtuairiscí uafásacha ag teacht ón Seirbia agus scéalta faoina céadta marbha, agus na mílte díthreabhaithe agus díshealbhaithe, bheadh sé eascaí dearmad a dhéanamh go bhfuil thragóidí eile ag tarlú fós in áiteanna eile sa domhan. Bhí leid, an tseachtain seo chuaigh thart mar shampla, nach bhfuil deireadh fós le ceann amháin de na tragóidí is scanallaí sin, agus go bhfuil fadhbanna na Tiomora Thoir le reiteach fós.

Chraol Sianal 4 clár faisnéise ag tús na seachtaine, beathaisnéis teilifíse den ghníomhaí Tom Hyland, a ríomhaigh scéal Hyland ó d'fhág sé a phost mar thiománaí bus agus ó d'éirigh sé ina `ainmhí polaitiúil idirnáisiúnta', aitheanta anois mar údar ar cheist Timora Thoir, aitheanta mar dhuine nach bhfuil uaid ach reiteach a aimsiú d'fhadhbanna na tíre sin.

Ar ndóigh, bhí Tom Hyland ina iarthiománaí bus sular thosaigh sé ag eagrú a fheachtais ar son Timora Thoir. Ní fios an mbeadh feachtas ar son na tíre agus na ndaoine bochta sin ar chor ar bith dá mbeadh Tom i bhfostaíocht fós nuair a chraol Sianal 4 clár, le hOlivia O Leary, oíche amháin i 1993. Mar atá a fhios ag cách anois, bhí Tom agus cairde leis, ag imirt cártaí ina theach an oíche úd nuair a tháinig cara eile ag iarraidh amharc ar chlár faisnéise. Thug Tom an clár fa' dheara, stop ó imirt na gcártaí agus rugadh feachtas nár stop nó nár laghdaigh ó shin.

Ach cuimhnigí ar seo: timpiste ab'ea é breith an fheachtais.

Ní raibh a fhios ag Tom Hyland tada roimhe sin fa' dtaobh na hIndinéise, Dili, Timoir Thoir, John Pilger ná aon iriseoir Astrálach eile, beo nó marbh. Ach mar a dúirt Tom féin san Irish Times le déanaí, ní raibh sé ábalta a chreidiúint go dtarlódh ionsaí ar lucht socraide ó aon ghrúpa taobh istigh de reilig féin. B'fhéidir nach raibh a theilifís ag obair an oíche a d'ionsaigh Michael Stone ar shocraidí an Triúr Gibraltar.

Cibé scéal, ní dhéanann sé sin aon phioc difir áfach don fheachtas iontach, seasmhach a d'eagraigh Hyland sna blianta idir an dhá linn agus don phoiblíocht, an chabhair, an brú polaitiúil in Éirinn agus thar lear a chruinnigh sé le chéile dá chúis. Agus tá mé cinnte go bhfuil díograiseoirí i dtíortha eile a oibríonn ar son chearta agus chóir agus leasa na tíre seo chomh dian agus a oibríonn Tom Hyland. Ach tá an buntáiste againn. Tá a fhios ag daoine ar fud an domhain go bhfuil sreachailt in Éirinn.. . is tír an `Chéad domhain' atá ann, agus sreachail frithchoilíneach céad-domhanda leis. Agus tá sliocht na hÉireann in ann cumhacht, tionchar agus brú polaitiúil a eagrú sa bhaile agus sna Stait Aontaithe, rud, is léir nach amhlaidh do phobal bhocht na Timora Thoir. tá a fhios ag daoine cá bhfuil Éire - níl a fhios ag daoine sa chéad domhan cá bhfuil Tiomór, agus le beagnach 20 bliana ní raibh a fhios ag éinne go raibh rud ar bith as riocht ann. I gcás na Tiomora, rinneadh bainistíocht nuachta fhoirfeacht agus níor éalaigh focal faoin ghlantóireacht eitneach státeagraithe a bhí ar siúl.

Maraíodh 25 duine i Liquica i dTimoir Thoir an tseachtain seo chuaigh thart nuair a d'ionsaigh buíon paraimíleata ar lucht an sráidbhaile ag teach an tsagairt. Ní raibh mórán ar an nuacht faoi, tuairisc bheag san Irish Times, tagairt dó ar an nuacht ach taobh amuigh de sin níor dhearna aon bhall den mheán chumarsáide ruaille buaille faoi. Ar ndóigh níl aon rud nua faoi sin nó níor thóg siad - le heisceacht Pilger agus cupla iriseoir eile mar é - aon raic faoin 200 000 a dhúnmharíodh in ionsaithe móra, i bhfeallmharaithe aonaracha, seachtain ina dhiaidh seachtaine, mí ina dhiaidh míosa bliain ina dhiaidh bliana i dTiomoir Thoir ó rinne na hIndinéisigh ruathar ar an oileán i 1975. Agus focal níor dhúirt na cumhachtaí móra faoi , nó bhí cairdeas i gcónaí idir Suharto na hIndinéise agus SAM.

I ndiaidh an áir i Liquica, chuaigh an tEaspa ó Dili go dtí Liquica le haifreann a léamh don mharbh agus rinneadh luíochan ar an tionlacan a bhí leis. Gortaíodh daoine, cé nár maraíodh aon duine ach b'é an gné aba mheasa den eachtra ná go raibh na péas ag amharc ar an ionsaí agus nach ndearna siad aon rud faoi. Tá gá le tuilleadh Tom Hylands fós le cás na Tiomora a bhrú chun chinn agus a mhíniú i dtéarmaí na heagóra atá ar siúl, agus i dtéarmaí meá na gcumhachtaí a cheadaigh an ionruathar agus a chothaigh an tost mór ó shin. Nuair atá Kosovo agus an fhulaing sin imithe den nuacht, beidh fulaingt na Tiomora Thoir ann fós.

Dearmadta, murach na glórtha aonaracha a leithéid de Tom Hyland.


Ma Baker agus an leagan amach domhanda nua



An bhféadfadh gur ath-ionchollú ar Ma Baker í Madeleine Albright? Bhíodh clú agus cáil ar Ma sular rugadh Madeleine. Táid ann a deir go mbíodh Ma níos fuarchúisí agus níos brúidiúla ná Al Capone féin. B'fhéidir go bhfuil sé míchothrom do Ma í a chur i gcomparáid le Madeleine. Buamaí beaga a bhíodh ag Ma agus bhíodh ridiriúlacht áirithe inti ar dhul sheanóirí an Mhaifia. Ní rithfeadh sé léi gur spriocanna dlisteanacha iad gasúir.

Anuraidh cuireadh ceist ar Albright le linn clár teilifíse, ``We have heard that half a million children have died [de dheasca smachtbhannaí in aghaidh na hIaráice]. I mean, that is more children than died at Hiroshima...Is the price worth it?'' Ba é freagra Rúnaí Stáit SAM:

``We think the price is worth it.''

Is éard atá á cheannach ar an bpraghas sin forlamhas ar an domhan. Is cuma leis na haithreacha (agus máithreacha) baistí gasúir a réabadh óna chéile le buamaí braisle nó iad a dhaoradh chun báis trí bia agus cógais leighis a cheilt orthu. Sa deireadh thiar thall táimid ag caint ar undermenschen neamh-Angla/Mheiriceánacha. Muide atá cráite le cuimhne fhada is cuimhin linn gur saighdeadh na Cordastánaigh aimsir Chogadh na Muarascaille le héirí amach in aghaidh na nIarácach le craoltaí raidió agus bileoga ón aer.

Rinne na Cordastánaigh amhlaidh. D'fhéach siad le teacht an tSeachtú Marcshlua i gcabhair orthu.. D'fhéach agus d'fhéach... Agus rinne réimeas Bhagdad bascadh orthu. Isteach leis na Turcaigh i dtuaisceart na hIaráice le tóir a chur orthu ón taobh eile. Chuir na Turcaigh chéanna gráigeanna Cordastánacha trí thine agus d'imir siad cogadh ar shibhialtaigh idir dhaoine fásta agus pháistí. Rinne siad léirscrios ar líon mór Cordastánach Dé hAoine seo caite féin. Tá meáin an Iarthair ag cur na cosa díobh faoi ``ghlantachán eitneach.'' Céard eile atá ar bun ag na Turcaigh sa Chordastáin le blianta anuas? Más nua an téarma é ``glantachán eitneach'' ní cur chuige nua é. Nach ar chinedhíothú na náisiún dúchasacha Meiriceánacha atá na Stáit Aontaithe bunaithe? Dúradh gur ar mhaithe le hAlbánaigh Chosobhó a seoladh an bhuamáil ar chathracha na hIúgslaive. Bí ag caint ar loighic! Chaithfeá a bheith i do leibide ceart le hé sin a chreidiúint. An le grá do mhuintir Chosobhó a scroiseadh lár a bpríomhchathrach, Pristina? (``West destroys Pristina to save it'' - Irish Times, Dé hAoine). Pé rud a thiománann stáit ECAT/NATO ar aghaidh ní meas ar Albánaigh é. Is follasach sin ón doicheall a bhí orthu glacadh le teifigh ó Chosobhó. Is í fírinne an scéil go bhfuil Albánaigh gar do ghrinneall an ord easurraim in iarthar na hEorpa, Éire san áireamh is cúis náire dom a rá.

Déanann bolscaireacht ECAT deamhanú leanbaí ar an Uachtarán Milosevic, mar a dhéanann i gcónaí ar an Uachtarán Saddam. Tuigeann na snoídhochtúirí go bhfuil sé níos éasca fuath a thabhairt do dhuine aonair a léirítear ina dhiabhal cruthanta ná do phobal iomlán nár chuir isteach ort féin ná ar do mhuintir riamh. Tagann siad i dtír ar an gclaonadh atá san ollchultúr Angla-Mheiriceánach pearsanú a dhéanamh ar gach rud. Ní hé go mbeinn féin ar bís le deoch a chaitheamh le Slobodan groí. Tá go leor den locht air siúd as titim ó chéile na hIúgslaive mar stát ilnáisiúnta. Chothaigh sé an seáibhineachas Seirbeach mar ardán toghchánaíochta agus tháinig sé i dtír ar dheighilteachas eitneach buile. Ba bhreá mar a d'fheil briathra agus iompar Milosovic do naimhde na hIúgslaive. Tá sé deich mbliain ó rinne tiarnaí cogaidh na Gearmáine cinneadh an Iúgslaiv a dhíbhunú. Ní haon rún é. D'fhógair Aire Gnóthaí Eactracha na Gearmáine, Dietrich Genscher, gur bhua mór do pholasaí gnóthaí eachtracha na Gearmáine a bhí i scriosadh na hIúgslaive móire. Rinneadh é sin ar chostas daonna uafásach. Ach mar a dúirt Ma(deleine) maidir le gasúir bhriste na hIaráice, ``We think the price is worth it.''

Colm de Faoite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland