Top Issue 1-2024

1 April 1999 Edition

Resize: A A A Print

Comóradh na Cásca?

Tá an Cháisc linn arís, muid ag comóradh an 83ú cuimhneachán d'Éirí Amach na Cásca 1916, na híobairtí, an fhulaingt, na básanna, an lasadh splainc... I mbliana, mar a tharlaíonn gach uile bliain, cruinneoidh daoine ag uaigheanna na marbh, ag leac cuimhneacháin, ag dealbhanna de laoch nó mairtíreach áitiúil chun ómós a thabhairt ar a ndearna fir agus mná 1916 chomhmaith leis na glúnta a chuaigh rompu agus na glúnta a tháinig ina ndiaidh ar son saoirse na tíre.

Chreidfea go mbeadh ardmheas ag muintir na tíre seo ar na laochra seo, daoine a chuaigh amach faoi airm agus a thug troid ar fhórsaí níos láidre chun cóir agus ceart a bhaint amach don náisiún. Chreidfea go mbeimis, ar a laghad, buíoch as ucht a gcrógacht, agus as ucht a bhflaithiúlacht, iad a chur a saolta féin i mbaol agus a d'íoc praghas ró-ard as an gníomh. Chreidfea nach ndéanfaimis dearmad.

Chreidfea.

I mbeagnach gach sráidbhaile, baile agus cathair in Éirinn tá scrín de chinéal éigin ann do laoch a fuair bás ar son na tíre. I mbailte áirithe, tógadh na scríneanna, agus leachtanna cuimhneacháin seo ar shíntiúis mhuintir na háite i nglún a chuaigh romhainn, agus is minic na leachtanna ina bhfócas sráidbhaile nó cearnóige. Ina dhiaidh tamaillín, éiríonn a chlú féin ag leacanna áirithe agus cruinníonn turasóirí ina thimpeall ó am go ham, iad ag déanamh ómóis ina mbealach féin dár dtírghráthóirí marbha.

Smaoinigí, mar shampla, ar Leacht Chrois Mhig Leannan, nó na huaigheanna poblachtacha i Réilig Bhaile an Mhuillinn, Béal Feirste, nó Baile an tSíoda, Ciarraí gan tracht ar Crois a' Bharraigh, Glas Naíon, Cill Cheallaigh i Maigh Eo agus go leor leor áiteanna eile nach iad. Nuair a fhéachann na turasóirí agus cuairteoirí ar leacht go bhfuil ord agus eagar leis, atá glan agus maisithe aithníonn siad go bhfuil meas againn ar ár stair, agus meas againn orainn féin mar phobal.

Ach cén saghas teachtaireacht a tugtar amach nuair a nach bhfuil leacht cuimhneacháin maisithe? Nuair a anach bhfuil sé glan, nó slachtmhar? Nó níos measa, nuair atá sé ina charn bruascair? Agus, má a feictear go bhfuil rannóg éigin de rialtas áitiúil na tíre freagrach as an bruascar agus an scrios agus an drochchaoi ina bhfuil an leacht, cén saghas teachtaireacht é sin do thurasóirí?

Cháin Michael Loughrey, ionadaí áitiúil Shinn Féin i nGort na Guaire Comhairle Chontae na Gaillimhe an go trom an tseachtain seo nuair a thosaigh oibritheoirí an Chomhairle - a bhí i mbun oibre ar bhóithre tríd an Uarán Mór - ag baint féidhme as Leacht Cuimhneacháin Commandant Joe Howley, a maraíodh ar Nollaig 4 1920 atá suite i lár an tsraidbhaile, mar láthair dumpála do sheanphíosaí adhmaid, bollaird bóithre agus caiteachas eile.

Lámhaíodh Joe Howley ar a bhealach ar ais go Gaillimh ina dhiaidh cás cúirte nuair a rinne fórsaí na Breataine luíochán air taobh amuigh de staisiún traenach i mBaile Atha Cliath. Mar a dúirt Michael Loughrey, is náireach an rud é, go mór mór in aimsir na Cásca, go mbeadh drochmheas mar sin tugtha ag Comhairle Contae ar bith ar leacht cuimhneacháin stairiúil. Ach ní rud nua é seo.

Táimid ar thairseach na mílaoise anois agus tá plean faoi seo agus plean faoi sin á chur le chéile le tamaill, sinn meath le tionscnaimh mhílaoiseacha. Beidh go leor airgid á chaitheadh ar an scéim seo agus an scéim sin, agus tuilleamh airgid fós á chaitheamh ar thine ealaíne, táispeántais agus araile. Níl a fhios ag éinne cé mhéad airgid a chaithfear ar na tionscnaimh seo, ach bígí cinnte de nach suimeanna suaracha atá i gceist. Nach bhfuil sé naireach, mar sin, nach gcaitear ach pinginí ag na comhairlí contae agus bardais ar choimeád na leachtanna seo - agus, níos meas fós, i gceantair mar Chontae na Gaillimhe nach ar mhaithe cothú na leachtanna atá siad ag obair um an Cháisc seo, ach i gcoinne?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland