Top Issue 1-2024

25 March 1999 Edition

Resize: A A A Print

Obair Sheáin Bhuí

Níl aon dabhat ná go mbeidh gliondar agus faoiseamh ar an trí theaghlach ar scaoileadh a ngaolta saor ó na Blocanna H an tseachtain seo, ina dhiaidh cás cúirte a thóg an Rúnai Baile Breatánach, Jack Straw, in aghaidh cinniúna a rinne an Coiste Athchomharc ar Dhaortha. Gníomh domhaite a bhí ann, an leithéid de chás a ghlacadh ag Straw ar an chéad dul síos ach bhí cruthúnas ann - má bhí sin de dhíth - go gcuireann Rialtas na Breataine níos mó luach ar shaol thall ná ar shaol abhús. Ach bhí níos mó ná an ciníochas sin i gceist lena chinneadh dul in aghaidh an Choiste Athchomharca, Coiste a bunaíodh ag a Rialtas féin, ar ndóigh, mar chuid d'Aontas Aoine an Chéasta anúraidh. Bhí Straw ag súil cumhacht Thadhg an Dhá Thaobh a ghnothú dó féin agus do Rialtas na Breataine: cumhacht daoine a scaoileadh saor nuair a fhóireann sé agus cumhacht daoine a choinneáill faoi ghlás nuair a fhéilíonn sé níos fearr dóibh. Is maith an rud é gur theip ar an phlean - ar bhonn phearsanta do na fir féin, a theaghlaigh agus a gcairde, ach chomh maith leis sin ar bhonn pholaitiúil do phríosúnaigh eile ar daoradh iad i Sasan chomh maith.

Le tamall anuas anois is léir go bhfuil Rialtas Bhaile Atha Cliath ag tarraingt a chosa ar cheist na bpríosúnach a aistríodh siar ó Shasana go dtí Príosún Phortlaoise. Tógadh na cimí seo siar faoin Choinbhinsiún Eorpach Um Aistriú Príosúnach, - Coinbhinsiún, nach mór a chuimhniú gur dhiultaigh an Rialtas i mBaile Atha Cliath síniú ar feadh na mblianta, rud a chiall go raibh ar theaghlacha na gcimí an turas dubh a ghábháil dhá nó trí huaire in aghaidh na bliana go dtí príosúin ins na háiteanna is iarghúlta, amach óna chéile, i Sasana. Tá cuid de na chimí sin faoi ghlás go fóill i bPortlaoise.

Nuair a thosaigh an Próiseas Síochána, thuig ach'an duine go mbeadh sé riachanach go scaoilfí saor gach uile cime polaitiúil dá mbeadh réiteach buan, inghlactha le bheith ann. Go deimhin, b'ea é an Rialtas ó dheas a chéad scaoil príosúnaigh saor agus glacadh leis sin mar deáshampla do Rialtas na Breataine go mbeadh orthu an beart céanna déanamh, agus sin a dhéanamh gan mhoill. Níor thosaigh Rialtas na Breataine (nó Oifig Thuaisceart Éireann) ag ligint d'aon chimí dul saor go dtí deireadh an tsamhraidh seo chaite ach ó 1994 go dtí deireadh 1998 chloígh Rialtas ina dhiaidh Rialtais i mBaile Atha Cliath le polasaí fábharach - gí go raibh sé mall - a d'fholmhaigh Príosún Phortlaoise ó phríosúnaigh ar daoradh iad in Éirinn. Ach má's fíor an nath cainte Béarla go mbíonn doras ag oscailt do chuile doras a dúnann, b'fhíor chomh maith go raibh doirse á ndúnadh i bPortlaoise acha'n uair a d'oscail an geata. Inniu, ina dhiaidh beagnach cúig bliana de Phróiseas Síochána, tá 26 cime polaitiúla faoi ghlas, fós, i bPortlaoise, bréis agus fiche acu siúd a tháinig ar ais ó phríosúin i Sasana le linn na bliana seo chuaigh thart.

Tá Rialtas Baile Atha Cliath ag diultú d'éilimh leis na cimí seo a scaoileadh saor. Ar lámh amháin tá siad ag rá go bhfuil imní orthu go mbrisfeadh a saoirse téarmaí an chonartha faoinar tógadh ar ais go hÉireann iad, agus ar an lámh eile ba mhaith leo gialla a choinneáill faoi ghlas le brú a imirt ar phoblachtánaigh ó am go ham.

Le nuacht scaoileadh an tríúr cime ó thuaidh an tseachtain seo, níl aon leithscéal fágtha ag an Rialtas ó dheas moill níos fuide a chur ar phróiseas saoirse do na cimí i bPortlaoise. Bhí Rialtas Bhaile Atha Cliath ag dul i bhfolach taobh thiar de leithscéalta faoi `tariffs' agus ag dul i dtearmann faoi phointí dlí, á rá nach féidir na príosúnaigh ar daoradh faoi dlithe Shasana, a shaoradh; go mbeadh raic ann; go mbeadh a saoirse ag sarú ar dlithe na Sasana agus araile. Ach cruthaíonn toradh na cúirte athchomharca i mBéal Feirste go gcailleann an Rúnaí Baile na Breataine smacht ar phríosúnaigh chomh luath agus atá siad lasmuigh dá dhlínse.. agus níos tábhachtaí fós, go bhfuil téarmaí Cháipéis Aoine an Chéasta (Cáipéis sínithe ag Rialtas Baile Atha Cliath) chun tosaí ar rialú Jack Straw nuair atá ceist ann faoi phríosúnaigh.

Tá sé ráite go minic cheanna nach bhfuil aon leithscéal ann d'iompar BAC ar cheist na bpríosúnach deireannach seo i bPortlaoise. Ní féidir glacadh le seoinínteacht a thuilleadh. Ina dhiaidh toradh na seachtaine seo, níor fhéidir eisteacht a thabhairt do sheafóid faoi `na Sasanaigh a bheith freagrach' as daoine a bheith i bPortlaoise. Is sóiléir go bhfuil an liathróid ar ais i gcúirt BAC anois. Tá Baile Atha Cliath freagrach as Éireannaigh a choinneáill faoi ghlas ar son na Breataine. Ní féidir aon mhiniú eile a thabhairt air.

Má's féidir leis na cúirteanna ó thuaidh cearta na gcimí fadtéarmacha, daortha i Sasana, a chosaint nach náireach an rud é nach féidir le rialtas i mBaile Atha Cliath a dhéanamh amhlaidh?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland