Top Issue 1-2024

18 March 1999 Edition

Resize: A A A Print

Forlíonadh na Seachtaine...

Tá daoine ann a deir go mbíonn an iomarca páipéir á chur amú ag na nuachtáin gach lá, idir imfhillteán ar seo agus ceann eile ar sin agus gan go leor ama againn an nuachtán féin a léamh gan bheith ag caint ar an `saor in aisce' a ghabhann leo. Bhí sé aisteach, mar sin, cóip saor in aisce d'Fhoinse a fháil iniata leis an Irish Times maidin dé Luain an tseachtain seo, nó cé gur minic anois an Irish Times ag soláthar imfhillteán ní minic a tugtar nuachtán ina iomlán saor in aisce le nuachtán eile.

Ar ndóigh ní bheadh an Irish Times ag breathnú ar Fhoinse mar freasúra nó mar foilseachán atá i gcomórtas leis. Nuachtán Domhnaigh atá ann, le léitheoireacht bheag agus léitheoireacht atá, de réir leis na figiúirí, ag titim ón uasmhéad a ghnothaigh Foinse ar theacht ar an saol dó.

Ní bhíonn sé éascaí do nuachtán lánGhaelach troid in aghaidh an tuile Béarla, agus tá moladh ag dul i gcónaí d'fhoireann nuachta agus foireann iomlán an dá nuachtán, Foinse agus Lá, go mbíonn páipéir dathúil, suimiúil, difriúil ann gach seachtain. Ach uaireanta ní bhíonn an nuachtán is dathúla ar an cheann is tarraingí agus is díograiseoirí is minice a cheannaíonn Foinse, is dócha, mar thacaíochta prionsabálta d'iarracht mhacánta chun an nuacht a sholáthar ar bhonn reatha trí Ghaeilge.

Tá seans go dtiocfaidh feabhas ar an stáid sin dá bhrí `bronntanas' an Luain seo. Níorbh fhéadfaí am níb'fhearr a roghnú: Seachtain na Gaeilge faoi lánseoil, Lá `le Phádraig agus an bá foirleathán a tugtar don teanga dá bharr, agus ar ndóigh an `fháisiúntacht' úr a bhaineann le cúrsaí Gaeilge san aois seo. Agus nuair a cuirtear sin in éineacht leis an eagrán áirithe a tugadh dúinn Dé Luain, ní fheicim aon fhath nach mbeadh borradh ar léitheoireacht Fhoinse dá bharr.

B'é príomhábhar an nuachtáin an tseachtain seo ná an suirbhé a chruinnigh siad, i gcomhar le MRBI, ar `Dhaoine na hAoise'. Níl aon rud sna pobalbhreitheanna seo atá coincréid, ar ndóigh, agus is minice píosa spraoi iontu in ionad foinse eolais ach i gcás an tsuirbhé seo is féidir gur bhain an saighead a sprioc amach i gcuid is mó dena ceisteanna ar cuireadh. Dála an scéil, cé go mbeidh áird an phobail dírithe ar `Phearsa an Chéid', John Hume a ghnothaigh 23%, is fiú cuimhneamh go raibh ainm Bobby Sands ar bheola a dhothain duine chun a ainm a thabhairt san áireamh sa phobal bhreith. Roghnaigh 2% de lucht an tsuirbhé Bobby, agus 2% eile a phioc Gerry Adams, mar a tharla.

Bhí go leor ceisteanna eile sa phobalbhreith, ina measc ceiste faoin `Duine is Lú Meas Air'. B'é an sagart Brendan Smith ar thit an chrann air don teideal sin, ach beidh polaiteoirí na tíre sásta go dtáinig Ian Paisley isteach sa dara áit agus gan ach trí faoin chéad de dhifir eadarthu.

B'fhiú an iarracht seo ag lucht bainistíochta Foinse chun teachtaireacht an nuachtáin a chur ar fáil do léitheoireacht níos leathna agus leis na scéalta, léirmheasanna agus altanna bríomhaire a líon an iris is cinnte nach rachaidh an `freebie' amú. Go déimhin, is mó tairbhe a thiocfadh as smaoineamh chun tosaí mar sin ná tríd na mílte punt a chaitheamh ar fhógraíocht. Táispeánann sé, agus Seachtain na Gaeilge linn, go bhfuil dóchas ann fós agus go bhfuil Foinse ag troid dá thodhchaí féin i módh muiníneach.

Anois, a heagarthóir, agus Seachtain na Cásca ag tarraingt orainn, cad faoi cóip d'APRN a sholáthar saor in aisce leis an Irish Independent. Nach dtabharfadh sé sin an dúshlán do bhainisteoirí an Indo... before you make up your mind, open it, mar dhea!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland