Top Issue 1-2024

4 March 1999 Edition

Resize: A A A Print

Táthar ag géilleadh do na tiarnaí cogaidh

Rinneadh athrú fíorbhunúsach ar pholasaí an stáit Éireannaigh an mhí seo caite nuair a d'fhógair an Taoiseach Ahern go raibh a rialtas ag géilleadh go bhallraíocht sa comhpháirtíocht um shiochain (CS/PFP). Bhí an t-athrú polasaí chomh bunúsach sin gur thuill sé reifreann ach ní dheachthas i gcomhairle le buneagraíochtaí Fhianna Fáil fiú. An dtuigeann baill siad uile ceannaithe nó ciúnaithe.

Is é an rud is leanbaí faoin scéal seo an cur i géill a shéanann an nasc nua le ECAT/NATO.

Tuigtear go beacht an nasc sin na státseirbhíse mar is léir ón bPáipéar Geal um Ghnóthaí Eachtracha a foilsíodh i 1996 agus a deir maidir leis an gComhpháirtíocht: ``After signature of the Framework Document a subscribing state provides NATO with a Presentation Document setting out its approach to PFP and identifying the areas in which it is interested. On the basis of this, the subscribing state enters discussions with NATO on an agreed work programme tailored to the country's needs, interests and capabilities. This may include training programmes and exercises in the areas of interest to the country concerned''.

Ní miste a choinneáil in intinn gur gníomhaíocht mhíleata atá i gceist san ``agreed work programme'' sin. Níor mhór dogma na bhfórsaí stáit a chur in oiriúint don chlár sin chomh maith le cúrsaí oiliúna de gach cineál, bunoiliúint saighdiúirí, oiliúint oifigeach, cúrsaí foirne agus ceannais agus cúrsaí ullmhúcháin do sheirbhís thar lear. Níor mhór freisin gach cineál treallaimh a athbhreithniú agus é a athrú, más gá, ar mhaithe leis an gclár ``comhaontaithe'' - féachaint chuige i ndáiríre go mbeadh sé ag teacht céim ar chéim le treallamh ECAT.

Meabhraíonn sé sin dúinn ceann de chuspóirí na Comhpháirtíochta um Shíocháin, margadh a chur ar fáil do thionscal na n-arm. Is í an dara cúis atá le bunú na Comhpháirtíochta linn de shaighdiúirí a chur ar fáil do scéimeanna eachtraíochta nach mbeadh na Stáit Aontaithe toilteanach fórsaí talún a chur ar fáil fána gcoinne.

Bhí an dá chuspóir sin taobh thiar de ráiteas Madeleine Albright le déanaí: : ``We want a Europe with modern, flexible military forces that are capable of putting out fires in Europe's backyard''.

Is é atá ag tarlú go bhfuil an stát Éireannach ag tairiscint a chuid fórsaí mar chompántas le polasaí eachtrach Washington a chur i bhfeidhm le lámh láidir. Ní striapachas go dti é!.

Nuair a bunaíodh an Chomhpháirtíocht um Shíocháin bhí an meas seo leanas ag ceannaire Fhianna Fáil, Bertie Ahern, ar na stáit a ghabh isteach inti: ``Some are in a half-way house and cannot wait to join NATO as full members. Others want a half-way house between membership of NATO and neutrality, giving them an each way bet. Yet others, part of the former Soviet Union, have no doubt joined for a mixture of economic and security reasons.''

Bliain níos déanaí bhí sé ag rá nár ceart glacadh le ballraíocht sa Chomhpháirtíocht gan reifreann a bheith ann. Anois agus é ina Thaoiseach tá sé ar a mhalairt intinne, gan mhíniú ceart, gan reifreann, gan oiread is díospóireacht Dála.

Washington locuta est, causa finita est?

Colm de Faoite


`Fataí na hÉireann... leigheas na Coiré?''



Scéál an dá Choiré


Cé a chreidfeadh go dtiocfadh an lá nuair a rachadh sé dian ar dhaoine teacht ar fhatái Éireannacha i siopaí na hÉireann. Cúis amháin leis sin is ea an chaoi a bhfuil ilnáisiúntáin tar éis seilbh a fháil ar chuid mhór den mhiondíolaíocht in Éirinn. Cúis eile an chaoi a bhfuil talmhaíocht na hÉireann á scrios ag an mbrú. Agus tar éis a tharla ag an gcruinniú d'airí talmhaíochta an tseachtain seo caite rachaidh an scéal sin in olcas.

Agus an fata Éireannach á imeallú sa gheilleagar agus i mbiaréim na ndaoine is ábhar spéise é go bhfuil an Choiré Thuaidh ag tabhairt aghaidh ar an nglasra céanna mar réiteach ar an nganntanas bia sa tír sin. Ó bhí siad ag brath go hiomlán ar an bharra amháin sa tír sin, an rís, buaileadh go dona iad nuair a tharla roinnt tubaistí aiceanta ó 1995 i leith, tubaiste a bhain, b'fhéidir, le hathruithe aeráide. Tharla sé sin díreach agus iad i sáinn de dheasca teip na gcomhréiteach trádála les an Aontas Sóivéadach.

Le déanaí seoladh scéim le fataí a chur sa Choiré Thuaidh le go mbeadh éagsúlacht níos mó i mbiaréim na ndoiane agus nach mbeidís ag brath feasta ar bharra amháin.

D'fhoghlaim mé an méid sin ó Rod Eley a bhí faoi agallamh ag Pat Kenny an tseachtain seo caite ar Raidió 1.

Bhí ardmholadh ag Eley do mhuintir Concern atá ag obair sa Choiré Thuaidh faoi cheannas Mike Mc Donagh. De réir gach tuairisce tá comhoibriú an-sásúil idir Concern agus na feidhmeannaigh Choiréachta. I bhfad uathu an meon coilíneach atá ag roinnt eagraíochtaí fóirthinte.

Ba mhaith i gcaint Rod Eley ar an raidió mar is annamh a bhfaighimid in Éirinn léargas macánta ar an saol sa Choiré Thuaidh. Rinne RTÉ clár i nGaeilge, arna cur i láthair ag Cynthia Ní Mhurchú faoin tír, tamall de bhlianta ó shin nuair a thug grúpa ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann cuairt ar Pyongyang. Ach ar an iomlán ní bhfaighimid ach scigléiriú Iartharach ar mhuintir na Coiré Thuaidh, léiriú nach bhfuil athraithe puinn le leathchéad bliain anuas.

Tá ábhar staidéir síceolaíochta sa naimhdeas míthrócaireach a léiríonn bunaíocht na Stát Aontaithe do Chúba agus an Choiré Thuaidh. Dhá phobal beag iad - 11 milliúin agus 22 milliúin a ndaonra faoi seach - ach tá éirithe leo a neamhspleáchas aagus a ndínit náisiúnta a choinneáil slán in ainneoin na mbrúnna ón taobh amuigh.

Caitheann na Poncánaigh na táinte ag iarraidh a meanman a bhriseadh. Tacaíonn siad le réimeas neasfhaisisteach i ndeisceart na Coiré. Go deimhin, níl sa scréachaíl agus béicíl i Súl faoin mbagairt ón tuaisceart ach iarracht aird a tharraingt ón droch-chaoi ina bhfuil an stát deisceartach. Bhíothas ag maíomh as sin bheith ina thíogar Aiseach ach is cat é a bhfuil an claimhe uirthí anois le bliain anuas.

Tá an ráta dífhostaíochta ansin tar éis léim ó 3% go 9%. Le fada an lá tá cáil ar an gCoiré Theas mar áit ina n-íoctar tuarastail shuaracha le hoibrithe mar is eol d'Éireannaigh agus Eorpaigh eile a chaill a bpoist dá dheasca sin. Agus tá na scéal sin imithe in olcas. Tá an t-oibrí Deas-Choiréach, ar an meán, ag tuilleamh 20% níos ísle ná mar a bhí an tráth seo anúraidh. Sin in ainneoin go bhfuil an chuid is mó de na hoibrithe ag fulaingt laethanta oibre níos faide.

Chuirfeadh na dlíthe a chuireann srian ar cheardchumannachas agus ar ghníomhaíocht pholaitiúil sa Choiré Theas náire ar Dhracón féin. Coicís ó shin scaoileadh saor Woo Yong Gak tar éis 41 bliana de phríosúntacht. Ar feadh an ama sin coinníodh é ina aonar scartha ó phríosúnaigh eile. Agus - bulaí fir - theip orthu é a bhriseadh.

D'fhógair muintir na Coiré a neamhspleáchas áon tSeapáin i 1919 agus, ar nós muide, tá siad ag seasamh an fhóid in aghaidh an impiriúlachais ó shin i leith. Tiocfaidh ár lá araon.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland