Top Issue 1-2024

25 February 1999 Edition

Resize: A A A Print

An Conradh chun tosaigh

Le Se n MacMathúna Deimhním do léitheoirí An Phoblacht go bhfuil an t-uafás oibre agus gníomhaíocht an-tairbheach idir lámha ag Conradh na Gaeilge. Deimhním freisin, go bhfuil idé-eolaíocht, fealsúnacht shoiléir agus polasaithe cinnte ag Conradh na Gaeilge.
Ní mór dom sin a rá go soiléir ar eagla go gceapfadh bhur léitheoirí go raibh bunús leis an dearcadh fíordhiúltach i leith eagraíochtaí Gaeilge a nochtaigh do chomhfhreagraí `Colm de Faoite' in eagrán 28/1/99 de An Phoblacht. Is léir ona alt nach bhfuil do chomhfhreagraí ar an eolas faoi obair ghluaiseacht na Gaeilge.

Is mian liom, más ea, cur síos gonta a dhéanamh anseo ar chuid den obari ata ar siúl ag Conradh na Gaeilge.

Tá 235 craobh ag Conradh na Gaeilge ar fud na h...ireann agus thar lear. Tá 25 craobh againn sa Ghaeltacht.
Reachtálaimid an-chuid imeachtaí de chineálach éagsúla a thugann deis don phobal Gaeilge a labhairt agus taitneamh a bhaint as sin.
Reachtálann ár graobhacha a lán, lán ranganna Gaeilge do dhaoine fásta.
Reachtálaimíd 25 rang go seachtainiúil i gCeannáras an Chonartha.
Reachtálaimíd 12 Dianchúrsa Gaeilge sa Cheannáras gach samhradh.
Tá 13 áras againn timpeall na tíre. Is lárionaid Ghaeilge don phobal iad na hárais sin.
á Clubanna sóisialta, le ceadúinas do dhíol alcóil, inár gCeannáras agis inár n-árais i gCorcaigh agus i nGaillimh.
Tá oifig náisiúnta eolais don phobal, An Bradán Feasa, inár n-áras i nGaillimh.
Tá teacht ag an pobal ar an réimse is leithne de leabhair Ghaeilge atá i gcló i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge inár gCeannnáras.
Eagraimíd Seachtian na Gaeilge ar scála náisiúnta go bliantúil ó 10-17 Márta.
Tacaíonn craobhacha den Chonradh le bunú agus le reachtáil naoinraí agus scoileanna lánGhaeilge.
Bímid ag freastal ar an óige trínár n-ógeagraíocht ``gras.
Reachtáiltear mórfhéile na Gaeilge An tOireachtas, faoi choimirce an Chonartha.
Eagraíonn craobhach éagsúla feiseanna agus tapaítear gach deis chun imeachtaí Gaelacha a eagrú le linn na féilte áitiúla.
Feidhmíonn An Coimisiún le Rincí Gaelacha faoi choimirce an Chonartha.
Foilsíonn an Chonradh dhá iris Ghaeilge go míosúil - An tUltach agus Feasta.
Foilsímid leabhair Ghaeilge.
Reachtálaimíd Tionól Gaeltachta i nGaeltacht éaguil gach bliain.
Eagraíonn Conradh na Gaeilge feachtais éagsúla chun, mar shampla

cur le tuiscint an phobail ar thábhacht na Gaeilge
staid na Gaeilge sa státchóras a chosaint, a láidriú agus a fhorbairt
cearta phobal na Gaeilge a chosaint, a dhaingniú, a bhaint amach agus a leathnú
cearta a bhaint amach sna Sé Chontae don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge
staid na Gaeilge sa chóras oideachais a fheabhsú go mór
an Ghaeltacht a láidriú
stádas ceart a bhaint amach don Ghaeilge sna meáin cumarsáide.
Bhí ról ceannródaíoch, ní nach ionadh, ag Conradh na Gaeilge, go náisiúnta agus go logánta, sna feachtais agus sa ghníomhaíocht trínar bunaíodh naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge, Raido na Gaeltachta, &fraction;darás na Gaeltachta agus Teilifís na Gaeilge. Is toradh ar ár síorbhrú thar na blianta go bhfuil reachtaíocht riachtanach ar nós ár ndreachtbhille Bille um Chearta don Ghaeilge, ar na bacáin ag an Aire Stáit ...amon `` Cuív TD.

Aithnímíd go raibh tagairtí dearfacha don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta 1998. Fáiltímíd roimh bhunú Fhoras Trasteorann don Ghaeilge a fhad is go mbunaítear é go foirfe le bheith ag cur na Gaeilge chun cinn go dáiríre, go héifeachtach agus go tairbheach. Chuideodh sin chun tús a chur leis an bpróiséas trína dtabharfaí aitheantas cuí don Ghaeilge agus a gcearta do phobal na Gaeilge sna Sé Chonae. Is den riachtanas é, áfach, nach ligfí do staid na Gaeilge i struchtúir státchóras na 26 Chonae a bheith lagaithe de thairbhe bunú an Fhorais sin.


''Ha'e ye a pocaide gabhair?''


''or are ye only kiddin?''


Bhí sé d'ádh agam cuireadh a fháil, an tseachtain seo chuaigh thart, teacht go Tír Chonaill agus bheith páirteach i gcruinniú / seiminéar eagraithe ag Cumann na Fuiseoige a phléigh - i measc rudaí eile - féidearachtaí fostaíochta d'iarchimí le Gaeilge. Cluinfear a thuilleadh faoin Chumann amach anseo, is cinnte, nó leagadh síos cuspóirí dó le linn na deireadh seachtaine agus sna seisiúin éagsúla ba léir go bhfuil suim ag na hiarchimí féin ról a ghabhail chucu féin i mórghluaiseacht na Gaeilge ó Thuaidh agus ó Dheas. Cuireadh in iúil dóibh - dúinn, ba chirte a rá - go bhfuil géarghá ann le haghaidh muinteoirí agus coisteoirí sna naíonraithe, le haghaidh daoine le Gaeilge mar chomhairleoirí agus stiúrthóirí gnó agus tionscnamh agus ar ndóigh le haghaidh aistritheoirí Gaeilge san earnáil phoiblí agus ag an Tionól nua ar aon. Ar ndóigh, ní hionann acmhainn ag an duine agus cumas an acmhainn sin a roinnt le daoine eile. Thairg cainteoir amháin ag an seiminéar cursaí traenála do na hiarchimí i modhanna teagaisc nó thuig sé, mar a thuig lucht freastal an chruinnithe, go mbíonn easpa ann uaireanta nuair a nach féidir le duine an taithí agus an t-eolas atá ann nó inti féin a scaoileadh uaidh nó uaithi, i slí a chuideoidh daoine eile. Ní h-ionann dhá chéad Gaeilgeoir agus dhá chéad múinteoir, nó, leoga, dhá chéad aistritheoir, cé gur minic go mbíonn drochmhúinteoirí agus drochaistritheoirí ann. Is pobal muid lucht na Gaeilge, tcítear, a chloíonn leis an seanfhocal comhairleach: Mura bhfuil agat ach pocaide gabhar bí ann leis ar Lá an Aonaigh. Ach ar ndóigh, ní hionann sin do gach uile teanga, leath-theanga agus canúint sa domhan agus le tamall beag anois tá gatar na teangan nua-aimsithe sin, Ullans, i mbéal an phobail. De réir leis na bhfigiúirí a fhoilsíonn na daoine atá ag iarraidh Ullans a bhrú chun tosaí, tá breis agus 200 000 a labhrann an `teanga'. Cuimhneoidh léitheoirí An Phoblacht gur tuairiscíodh sa nuachtán seo - agus i nuachtáin eile amhail an Irish Times - gur chaith foireann iniúchtha (ó Roinn na dTeangacha Neamhfhoirleathna in Eoraip) cupla seachtaine ag taistil ar fud na Sé Chontae dhá bhliain ó shin ag iarraidh labhairt le duine den 200 000 sin ach níor éirigh leo duine a aimsiú. Go deimhin, ina dtuairisc ina dhiaidh a gcamthurais, mhinigh siad gur bhuail siad le duine amháin `who recited poetry in a loud voice and claimed it was Ullans'. Agus cé fios nach raibh. Ach cómhrá ar bith níor chuala siad. Mhinigh Aontachtóir an chúis le sin ar Raidio Ulaidh an tseachtain seo arú nuair a dúirt gurbh é an tUllans ina theanga ` which doesn't lend itself to popular discourse'. Aye. `Sin i bhfad níos sóiléire anois. D'fhulaing an Ghaeilge agus lucht na Gaeilge sa Tuaisceart ar feadh na mblianta mar gheall ar pholasaithe claonta; biogóideachas agus míthuiscint, agus níor mhaith liom go mbeadh aon teanga mhionlach eile imeallaithe nó bruite faoi sa dóigh céanna ach caithfidh muid bheith macanta. An teanga é Ullans, nó an scadán dearg atá ann, uirlis samhlaíochta i seilbh na nAontachtóirí chun difríochtaí a chruthú in áiteanna nach bhfuil dífríocht ann? Nó ar chóir dúinn bheith ag cuidiú leis an Ullans, ag labhairt ann ó am go ham (mura bhfuil cuid againn `daein' thah' anyhow'). Níl a fhios agam, ach sílim go bhfuil abhar grinn ann in áit abhar conspóide nuair a scrúdaítear an scéal. Tá postanna ar fáil i Stormont agus sa statseirbhís ó Thuaidh mar aistritheoirí Ullans / Béarla agus £20 000 ag dul leo ach ní féidir aistritheoir Ullans a aimsiú. Tá fógraíocht déanta, tá cláracha raidío ag scaipeadh an scéil, tá Aontachtóirí ag iarraidh duine a aimsiú ionas gur féidir leo `chruthú' go bhfuil an teanga ann, beo agus beoga. Ach, fós, an tost mór. An bhfuil oscailt ann d'iarchime, b'fhéidir? Tá sé eascaí moladh dóibh dul don Aonach fiú mura bhfuil acu ach pocaide gabhair...' ach cad a tharlaíonn nuair a nach bhfuil gabhair agat, `sin í an cheist!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland