Top Issue 1-2024

18 February 1999 Edition

Resize: A A A Print

Ní mór dúshlán an chiníochais a thabhairt

An lá faoi dheireadh, ar shodar na maidne dom, chonaic mé blúire graffiti a bhain siar díom. Ar scathlán bus ar Bhóthar Thír Chonaill, Baile Atha Cliath, bhí an méid seo le léamh: ``Niggers have a problem with white people because they blame them for their faults.''

Ní hé do ghnáthdhailtín sráide a chum é sin. Léiríonn an píosa ``fealsúnachta'' úd go bhfuil ciníochas idé-eolaíoch ina steillbheatha sa tír seo.

Tráth dá raibh, agus níl sé chomh fada sin ó shin, bhíodh an fógra ``No dogs or Irish'' le léamh taobh amuigh de thithe lóistín i Sasana. B'amhlaidh freisin tráth sna Stáit Aontaithe. Gach áit ar domhan a raibh Béarla á labhairt bhíodh an tuairim choitianta go raibh Éireannaigh ina meisceoirí, leisceoirí, cladhairí agus tiubhacháin. Bhíodh? bheul, maireann an tuairim sin i go leor áiteanna. Féach mar a léirítear Éireannaigh de ghnáth ar ghallúntraithe Sasanacha. Nach deas an rud é go bhfuil Éireannaigh anois ann a déanann an cineál céanna réamhbhreithiúnais faoi phobail eile!

Cúpla seachtain ó shin d'éist mé le clár de chuid Marian Finucane a bhí ag sileadh le ciníochas. Bhí fear faoi agallamh ar maraíodh mac leis i gceann de na scliúchais chraiceáilte sin atá éirithe coitianta i mBaile Atha Cliath. Tharla gur ciontaíodh Albánach i ndúnorgain an fhir óg. Rinneadh scéal mór den té a ciontaíodh a bheith ina inimirceach agus ina ``asylum-seeker.''

Ní bheinn ródhian ar an athair bocht. Bhí sé ar mire le brón agus le huafás. Ní féidir a bheith ag súil le réasún ná réasúnaíocht ina leithéid de chás. Bhí sé ag cur na cosa de faoi ``asylum-seekers'' agus daoine as oirthear na hEorpa. Dar leis ní raibh oiread agus duine amháin acu a bhí i dteideal tearmainn (macalla ar chaint an Aire Dlí agus Cirt, John ``Puinn Foighde'' O'Donoghue). Ní raibh sna hoirthearaigh chéanna ach lucht camastaíle.

Mar a deirim, ní rachainn ródhian ar an ainniseoir d'athair. Ach tá sé domhaite gur chraol Marian Finucane agus a foireann léirithe a chuid rámhaille gan leithscéal, gan cheartú, gan é a chroscheistiú. Bhí sé náireach.

Titeann dualgas ar gach duine againn dúshlán an chiníochais a thabhairt gach uile uair a thagann sé chun tosaigh, go príobháideach agus go poiblí. Maraítear an ollphéist anois sula n-éiríonn sé níos raimhre!

Dála an scéil, bhí rud beag grinn ar chlár Finucane. Dúradh nach raibh aon dream sa Rómáin faoi ghéarleanúint. Nach ndúirt ambasadóir na Rómáine amhlaidh!

Sheol an Taoiseach Ahern lárionad nua d'inimircigh ina dháilcheantar le déanaí (mar a bhfuil an-obair ar siúl ag ord sagart na nUinseanach agus Iníonacha na Carthanachta, bail orthu). Ba mhaith sin ach léiríodh sé a dháiríreacht faoin scéal tríd an chiníochas a ruaigeadh as an Rialtas, an státseirbhís, an tSeirbhís Chustaim agus Máil agus an Garda Síochána.

Is beag inimirceach nach mbíonn scéal le hinsint aige maidir le maslaí, leatrom, drochbhéasa pointeáilte nó ionsaí fisiciúil. De réir suirbhé a rinneadh le déanaí d'fhulaing 78% d'iarratasóirí ar thearmann ionsuithe agus orthu sin bhí 95% de na hiarratasóirí ón Afraic. Fiú bíonn ar Afri-Éireannaigh a rugadh agus a tógadh sa tír seo an t-iompar sin a fhulaingt. Go deimhin, tá an ciníochas ag déanamh dochair don turasóireacht.

Tír eisimirce a bhíodh in Éirinn go dtí seo. Anois táimid ag fáil taithí ar rud beag den inimirce. Is í an fháilte is lú ar ceart a chur roimh inimircigh an fháilte ar mhaith lenár n-inimcigh a fháil thar lear. Dornán beag de bhlianta ó shin bhíodh polaiteoirí Éireannacha agus Gael-Mheiriceánacha ag titim thar a chéile le tacú le feachtas arbh é ceann dá manaí ``legalise the Irish!'' Tá sé in am a aithint go bhfuil na cearta céanna, ar a laghad, ag dul d'Albánaigh, Rómhánaigh agus Congólaigh in Éirinn agus atá ag Éireannaigh sna Stáit Aontaithe.

Tá an inimirce riachtanach má tá an lánfhostaíocht le baint amach in Éirinn. Faoi mar a tharlaíonn sé tá an t-ádh linn go bhféadfaí daonra roinnt mhaith níos mó a iompar sa tír seo ag cur san áireamh achar agus acmhainní na tíre. Go fírinneach teastaíonn daonra níos mó uainn leis an ngeilleagar a fhorbairt i gceart.

Agus ní dhéanann sé díobháil dúinn instealladh de chultúir neamh-Angla-Mheiriceánacha a fháil!

Colm de Faoite


Cothrom na Glaonna


Tá céim eile glactha, an tseachtain seo, ag Telecom i dtreo glaonna áitiúla ar aon phraghas amháin gan teorann ama orthu, agus faoi dheireadh tá dochas ag úsáideoirí guthán go bhfeicfidh siad cothromaíocht éigin i ndáileadh séirbhís atá i bhfad ró-chostasach.

Nuair a d'fhógair Telecom go mbeadh a chomhlacht idirlíne Telecom Internet, nó Tinet, ag tabhairt struchtúir nua costaisí isteach ina mbeadh praghas réamhdhéanta ar fáil bhí siad ag admháil nach ionann na táillí mar atá ann faoi láthair agus na fíorchostaisí chun seirbhís idirlíne a thacú. I láthair na huaire, íoctar 12p in aghaidh cúig bhomaite i rith an lae agus 12p ina aghaidh tréimhse 15 bhomaite i rith an trathnóna nó istoíche ar ghlaoch idirlíne. Chomh maith leis an táille gutháin sin, tá costas císe le híocadh a chuireann beagnach £15.00 leis an chostas míosúil, ba chuma cé chomh minic nó cé chomh annamh a bhaineann an custaiméir féidhm as an tseirbhís. Dá mbeadh duine ag baint feidhme as an idirlíne ar feadh 15 bhomaite in aghaidh an lae, gearrfaí timpeall £27 in aghaidh na míosa air.

Faoi scéim táillí Esat (an chomhlacht idirlíne eile), íocann an custaiméir 3p in aghaidh an bhomaite agus níl aon cíos míosúil i gceist, agus de bhrí sin, d'íocfadh an custaiméir céanna timpeall £16.50 in aghaidh na míosa. Gearánann Esat go gcuireann Telecom táillí ard orthu agus muna mbeadh na táillí ceangailte (idir Esat agus Telecom) chomh hard sin, bheadh an comhlacht in inmhe solathar níos saoire fós a thairiscint.

Faoi sceim nua-mholta Telecom, tá an chomhlacht náisiúnta ag díol 100 uair de sheirbhís idirlíne, ag ráta déanta idir £20 go £30 in aghaidh na míosa. Ní shábhalann an t-athrú seo airgead do dhaoine nach mórúsáideoirí an idirlíne iad, ach níos tábhachtaí, tabharfaidh sé alán ama breise do dhaoine chun cuairt a thabhairt ar shuíomhanna an idirlíne.

Deir Telecom nach féidir leo an beart céanna a dhéanamh fós maidir le gnáthchostaísí gutháin. Tá an teicneolaíocht ann cheanna agus i dtíortha eile, sna Stait Aontaithe agus i gCeanada, is féidir glaonna fada gan teorann a dhéanamh taobh istigh den ghréasan áitiúil ar chostas déanta. De réir le Telecom bheadh seirbhís den tsort sin sin in aghaidh rialacha an CE.

Ar ndóigh is minic mé ag foilsiú altanna ag moladh gur chóir do Phoblachtánaigh bheith eolasach faoi, agus ag baint úsáid as pé teicneolaíocht atá ar fáil chun cuspóirí s'againne a chur chun chinn. Agus ní eistfidh mé le daoine ag insint domh nach bhfuil sé ar a gcumas an idir líne a fhoghlaim, ná e-phost a sheoladh. Ní bheadh einne sásta, leoga, dá bhfanfadh an tIRA ag brath ar theicneolaíocht na seascaidí, Thompson nó Webley i rith cúig bhliana is fiche de chogaíocht. Caithfidh muid ghluaiseacht ar aghaidh, caithfidh muid fáil reidh le haois na Luddites poblachtánacha.

Níl aon leithscéal ag cumainn Sinn Féin anois, áit ar bith ar fud fud na tíre, gan PC simplí, pacáiste focal-phróiseáil agus modem chun ceangail isteach san idirlíne a cheannacht mar chéim chun tosaí sula mbualann an mhílaois orainn.

Táimid ag troid toghcháin arís i mbliana, beidh cumainn áitiúla ag iarraidh eolais, ráitis laethúla, agus an modh chun ár dteachtaireacht a chur chun chinn. Maíonn Telecom go mbeidh na táillí idirlíne nua seo ar na táillí is saoire san Eoraip... cad ina thaobh nach mbeimis ag baint táirbhe agus buntáiste as sin? In áit nach bhfuil cinsireacht ná dúnadh amach ann, in áit ina bhfuil tú féin i gceannas?

Is maith an nuacht é go bhfuil Telecom ag gearradh costaísí idirlíne agus is trua nach bhfuil glaonna gutháin ag titim chomh maith. Ach is cath é sin do lá eile: idir an dhá linn nach mithid dúinn go léir bheith ceangailte?


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland