Top Issue 1-2024

4 February 1999 Edition

Resize: A A A Print

Cothaíonn seicteachas amháin seicteachas eile

Níl siad imithe uainn fós, bíodh fhios agat! Sin a ritheann liom nuair a fheicim comharthaí sóirt d'athbheochan sa sárchaitliceachas. Sin an cineál Caitliceachais ar mhaith leis an tsochaí a múnlú de réir a mheoin féin trí institiúidí an stáit. Sampla den athbheochan sin is ea an síorbhrú ar son ``luachanna famaile'' (nath a chiallaíonn clár gnó sochapholaitiúil den eite dheis). Tá sé sin ag teacht le gnéithe eile den sárchaitliceachas e.g. an seanleagan amach faisisteach go bhfuil an náisiún bunaithe ar theaghlaigh seachas ar shaoránaigh aonair.

Sampla eile den athbheochan le cúpla blain anuas ba ea feachtas uachtaránachta Dana. Ar ndóigh, vótáil an-chuid daoine nár shárchaitlicigh iad ar a son siúd: duine cumasach í agus tá sí ionraic. Mar sin féin léirigh a hiarrthóireacht a bhríomhaire is atá an Caitliceachas polaitiúil i gcónaí.

Léiriú eile ar an athbheochan chéanna is ea an iarracht le cosc lom ar ghinchealú a chur ar ais sa bhunreacht. Agus ansin tá an ghleic chúlgharda tosaithe le daonlathú na scoileanna thuaidh theas a chosc. Is léir go bhfuil feachtas ar bun, go háirithe sa tuaisceart le mearbhall a chur ar Chaitlicigh maidir leis an gceist seo. Táthar á rá leo gur bunphrionsabal dá gcreideamh é greim a choinneáil ar na scoileanna, rud nach fíor.

Is bocht an scéal é ag deireadh an 20ú haoise go bhfuil troid le déanamh fós leis an scoil a scarúint ón eaglais. Ach is troid riachtanach é a eascraíonn ón mbundualgas daonlathach an stát agus an eaglais a scarúint óna chéile.

Tá níos mó fós i gceist i gcás na Sé Chontae. Ní hamháin go bhfuil an scoil ansin le saorú ó smacht eaglasta ach ní mór an balla seicteach idir dhaoine óga a leagadh. Beidh sé sin deacair agus fadálach ach más féidir daoine óga, idir Chaitlicigh, Phrotastúnaigh agus eile, a chur ar scoil le chéile ba chéim í i gcreimeadh an tseicteachais.

Is é an Moinsíneoir Donncha O Maolfabhail an trodaire is mó i measc na sárchaitliceach sa ``chrosáid'' le smacht a choinneáil ar na scoileanna. Tráth dá raibh rinne O Maolfabhail cion fir sa ghleic ar son cearta sibhialta. Feictear dom go raibh daoine mar é breá sásta troid ar son cearta sibhialta do Chaitlicigh qua Caitlicigh ach gur theich siad faoi dhriopás nuair a fuair siad boladh den phoblachtachas neamhsheicteach.

Ní shílim go bhfuil mé ag déanamh éagóir ar an moinsíneoir. Seo duine a chreideann go bhfuil a leithéid de rud ann agus fisic Chaitliceach agus ceimic Chaitliceach! Ag scríobh dó san Irish Times ar 1 Nollaig anuraidh dúirt sé: ``Even paganism is preferable to secularism.'' Shíl mé go raibh an sean-nós ``pagánaigh'' a thabhairt ar neamh-Chríostaithe imithe uainn ach is léir nach bhfuil. Is cosúil nach bhfuil spás i leagan amach an tsaoi seo d'Éireannaigh Ioslamacha, Búdaíocha nó Hiodúcha (trí dhream atá ag dul i méid) gan trácht ar dhaonnaithe.

Ar ndóigh ní mór an cheist seo a fheiceáil sa chomhthéacs ceart. Níl ach piscíní - bheul, piscíní fiána - sa sárchaitliceachas agus a chúpla, an náisiúnachas Caitliceach, i gcomparáid le hollphéist an Oráisteachais. Ach cothaíonn seicteachas amháin a fhrithchaitheamh de sheicteachas. Sin an fáth go bhfuil an sárchaitliceachas níos láidre ó thuaidh ná mar atá sé sa chuid eile den tír.

Is de dhlúth agus d'inneach an phoblachtachais an stát saolta a rathaíonn saoirse an duine aonair beag beann ar a chreideamh reiligiúnach (nó easpa creidimh). Ina leithéid de stát baineann an reiligiún leis an earnáil phríobháideach mar is ceart. Ní réitíonn an córas deighilteach scolaíochta thuaidh nó theas leis an leagan amach daonlathach sin.

Is iomdha cath a bheas le troid ar an mbóthar chun na poblachta. Seo ceann acu. Téimis ina chóir!

Colm de Faoite


Dream na Liathróide Pointithe..



tá an seicteachas ann i gcónaí, faraor

Ina dhiaidh an vóta náireach a glacadh ag Comhairle na Cathrach, Bhéal Feirste oíche de Mháirt nach maoineodh an Comhairle Féile Lá `le Phádraig i mbliana, maithfí an duine a cheapfadh gur ar chúl in ionad ar aghaidh atá meon na nAontachtóirí ag bogadh.

Gan amhras, bhí an-mheas ar dhaoine ar fud na tíre ar pharáid Bhéal Feirste anuraidh agus bhí siad ann, sna meáin cumarsáide ach go háirithe, a mhól agus a chuir an tuairim chun tosaí go raibh ré an bhiogoideachais thart agus go raibh aontachtóirí Bhéal Feirste ag teacht isteach, fa' dheireadh, in aois nua. Ach, mar a tharlaíonn go minic, ní réitíonn pleánanna ná dóchais na meáin leis an fhírinne searbh agus tá na biogóidí linn fós.

Bhí sampla eile den nós seo an deireadh seachtaine seo chuaigh thart nuair a chruinnigh na sluaite i mBaile Atha Cliath i gcomhair cluiche rugbaí. Ar ndóigh, is talamh nua, éiginnte é an pháirc rugbaí do náisiúntóirí an tuaiscirt. Mar gheall ar dúnadh seicteach agus dúnadh aicmeach araon, ní minic a chuireadh caitliceach cos istigh ionad rugbaí, agus is annamh a bheadh fáilte roimhe cibé scéal. Go deimhin, aithnítí rugbaí mar sport na bpéas, sport an dream bhuí, sport Davy Tweed, sport dream Harryville, sport na scoileanna agus na gcoláistí protastúnacha. Agus mar gheall ar sin, d'fhas míthuiscint idir náisiúntóirí an tuaiscirt - nach raibh spéis, de ghnáthi gcúrsaí rugbaí - agus muintir na tíre i gcoitianta a thug lántacaíochta don fhoireann náisiunta. Agus ina dhiaidh na mblianta de dhúnadh agus imeallú, drochfháilte agus fuarfháilte, bhí sé deacair do náisiúntóirí a meon-san ar an sport `gallda' a athrú. Agus bhí sé deacair, chomh maith, do náisiúntóirí a thuiscint rialtais ó dheas, uachtaráin fiú, ag tabhaairt a mbeannchta ar sport a raibh siad féin dúnta as.

Dé Sathairn seo chuaigh thart, d'athraigh go leor leor náisiúntóirí a meon, in aon bhuille fhláithiúil amháin nuair a chruinnigh siad, gualann le gualann leis an dream a dhún a amach iad ar feadh na nglúnta, agus thug tacaíocht d'fhoireann na nUltach sa chluiche cheannais Eorpach. Bhí sé aisteach, difriúil, úr, ach éiginnteach fós, an módh nua seo, caithfidh mé a rá. Suim ar bith níor chuir mé sa chluiche féin.. ach níl aon rud nua faoi sin nó is beag spéis a chuirim in aon spoirt.. ach bhí an-spéis agam sa chúlrá a bhain leis, sna `trappings' a chuaigh leis, agus ar ndóigh sa dóigh a thaispeáin an meánchumarsáide an imeacht.

Dá mbeifea ag brath ar an raidio, cheapfá go raibh chuile rud athraithe. I rith an Aoine, agus ar feadh na maidine, ar an tSathairn, bhí tuairiscí tráchta ann agus scéalta ag insint dúinn faoin slí go raibh `the sons of Ulster' ag máirseáil le chéile, aontaithe faoi dheireadh. Ní raibh aon caint ann faoi seicteachas, faoi dhúnadh amach, faoi dheighilt. De réir na dtuairiscí bhí ré nua i réim, aontas, chomhchuspóir, sean-naimhdeas agus searbhas dearmadta. Bhí sé cosúil, nuair a smaoinim faoi, cosúil leis an idéal a chuir na meáin chun tosaí faoi Lá'le Phadraig anúraidh agus cosúil leis an idéal neamhchasta a sheolann an meán faoi go leor leor imeachtaí ó thuaidh. Ach ní mar a tcítear a bítear.

Nuair a bhí na sluaite measctha ag scairteadh agus ag beiciú don Fhoireann Ultach Dé Sathairn, bhí sluaite eile ag beannacht na foirne le bratacha `Ultacha' eile; bratacha bana, le crosanna dearga, le corónacha, le réaltacha Daibhideacha. Bratacha, leoga, nach siombal iad d'Uladh an Naoi gContae ach Northern Ireland an Sé Chontae. Go deimhin, níor shiombalacha foirne rugbaí iad in aon chor ach siombalacha polaitiúla, siombalacha aontachtóireacha, siombalacha na ndilseoirí, siombal an stáit - agus an mheoin - seictigh.

Dé Sathairn seo chuaigh thart bhí deis ann do lucht tacaíochta na foirne rugbaí Ultaigh deireadh a chur leis an dúnadh amach, deis chun an lámh oscailte a shíneadh lena gcomhUltaigh ach chaill siad an deis. Dé Mháirt bhí deis eile ag a n-ionadaithe polaitiúla an lámh oscailte a fhearadh roimh náisiúntóirí, agus dhiultaigh siad-san an deis chomh maith. B'fhiú do lucht an `deá-scéal' sna meáin a chuimhniú ar sin: fiú nuair atáimid ag cur deireadh leis an stát seicteach tá an meon seicteach i mbarr réime, faraor, i gcónaí.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland