Top Issue 1-2024

21 January 1999 Edition

Resize: A A A Print

Ná Dumpáil Orainn.... arís

Má bhí aon duine ag smaoineadh go mbeadh `deachrachtaí' ag polaiteoirí áitiúla na ceisteanna a aimsiú a mbeidh ina gcnámh spairne is mó sna toghcháin amach anseo,nochtadh freagra ar sin an tseachtain seo chuaigh thart nuair a `phléasc' dhá abhar aighnis orainn atá ina n-eiseamláir den saghas aighneas a bheas ann ó anois go dtí deireadh mí Meithimh. Agus, mar is cuí, `siad eisiúintí áitiúla, gan amhras iad, agus iad i bhfad ó mhórcheisteanna polaitiúla, náisiúnta na tíre; ceisteanna fréamhaithe i saol láethúil na ndaoine, ceisteanna a bhaineas - sa dhá chás - le ceist na timpeallachta agus a slí a dhéilíonn an pobal seo léí.

Tá argóint bhríomhar faoi lán seol i láthair na huaire i mBré faoin dóigh gurbh fhéidir leis an Bhainisteoir nó Feidhmeannach Chomhairle neamháird a dhéanamh de chinniúint an Chomhairle maidir le cead pleánála a bhaineann le forbairt i gCeann Bré féin. De réir leis an Chomhairle - a ghlac d'aon ghuth gan ligint don fhorbairt - rialaíodh ina aghaidh nuair a chinnn an Príomh-fheidhmeannach leanstan ar aghaidh leis an tionscnamh. Níl aon líomhaintí de chaimiléireacht á gcur chun tosaí sa chás seo, ach tá ionadh ar na Comhairleoirí ar conas gur féidir le Oifigeach an Chomhairle cluas bódhar a thabhairt ar na buairimh a luaigh siadsan agus ar cén bhunús a ghlac sé le pleán an lucht forbartha. Sa chás áirithe seo, chomh maith, aontaíonn an tOifigeach Pleánála leis an Chomhairle. Dhiúltaigh sé cead pleánála cheanna ar an abhar gur suíomh dúchasach áilleachta atá ann Ceann Bré agus nár chóir go scriosfaí le forbairt tithíochta agus eile é.

Mar a tharlaíonn sé, tá raic éagsúil - ach cosúil leis seo - ar súil ar an taobh eile den tíre an tseachtain seo a bhaineas, chomh maith, le cumhachtaí Oifigigh Feidhmeannaigh na gComhairlí Áitiúla, idir Uirbeacha agus Chondae. Roimh an Nollaig, phléadáil pobal an cheantair An Cheathrú Brún, lasmuigh Chathair na Gaillimhe, go raibh an carn fuílligh ann, (suíomh talamh líonta mar a tharlaíonn sé) ag fás thar fóir an teorainn a leagadh síos dó. Cé gur chuir sé iontas ar Bhardas an Cathrach, bhuaigh na gearánaithe an cás cúirte agus cuireadh iachall ar an Bhardas an carn fuílligh a dhúnadh ón chéad seachtain de mhí Eanáir. Mar a tharlaíonn i gcásanna den chinéal seo, ní raibh aon suíomh eile aitheanta fós ag an Bhardas, agus d'éirigh anord ar na sráideanna dá bhrí.

Thosaigh an Bardas ag seoladh lorraithe ina dhiaidh lorraithe de bhruascar amach as Chathair na Gaillimh thart ar seasca míle chuig carn fuílligh an Chontae, i mBéal Atha an tSluaighe, ach mar a bheifeá ag dual ní raibh bunus na háite sin ró-shásta dramhaíl na Cathrach a fháil mar bhronntanas agus chuir siad-san picéad ar an charn. Bhí cruinniú ag an Comhairle Ceantair Uirbigh agus d'aontaigh na baill de le meon an phobail (na vótóirí, ar ndóigh, i mbliain na dtoghchán seo) ach rialaigh an Príomh-fheidhmeannach go ligfí do na lorraithe breise a n-ualach a fholmhú sa charn. De bhrí sin, tá bruascar 70 000 duine, agus ionaid siopadóireachta, agus na siopaí go léir i lár Chathair na Gaillimh á chaitheadh anois i suíomh a leagadh amach do bhaile faoi tuath le daonra de trí nó ceithre mhíle duine. Ní nach ionadh go raibh pobal an bhaile buartha faoi; ach, i gcás cúirte eile an tseachtain seo tháinig breithiúnas a rinne an picéad mídhleathach agus a chuir dualgas ar lucht an picéad cead a mbealach a thabhairt do na lorraithe.

Éiríonn go leor ceisteanna as seo. Ar dtús, nach mór ról na bhFeidhmeannach a scrúdú? Sa dhá shampla seo - agus bí cinnte nach ann ach sampla den saghas achrainn atá ar súil ar fud na tíre - bhí na feidhmeannaigh in inmhe rialú ina aghaidh an bhardais / chomhairle. Nach ionann sin, an chumhacht fheidhmeannaigh seo, agus frithdhaonlathas? Níl an argóint seo faoi chinniúint cheart ná mhícheart, ach faoin chumhacht chinniúna féin. Cén fath go mbeadh comhairleoirí tofa ann dá mba rud é gurbh fhéidir le hoifigeach neamhtofa rialú ina n-aghaidh i gceisteanna pleánála agus dramhaíola?

Agus ar an lámh eile cén fath, mar shampla, nach raibh `Pleán B' ag an Bhardas? Mar a dúirt Jarleth Feeney, úrlabhraí Chumann Lucht Tráchtála na Gaillimhe ag deireadh na seachtaine seo chuaigh thart, nuair a thosaigh bruascar ag carnadh ar na sráideanna,:

``Tá fadhb amháin ina dhiaidh faidhbe eile sa chathair seo le déanaí. Bhí achrann Oileán na gCaorach ann, tá fadhbanna reatha faoi easpa parcála ann agus anois `seo fadhb na Ceathrú Bhrúin. Tá mé ag cluinsint daoine ag caint faoi chinn ag titim...

``Níl mé ag toiseacht feachtais in aghaidh aon pholaiteora áirithe, ach tá a fhios ag cách go mbeidh toghcháin i mbliana. Agus ansin, labhróidh muintir na Gaillimhe...''

Labhróidh, leoga. Ach ag Cruinniú Míosúil an Chomhairle an tseachtain seo chaite, nuair a bhí aimsiú suímhe nua ar Chlár an Chomhairle Chondae, chuir na comhairleoirí an cinniúint siar go dtí go mbeidh Comhairle nua tofa in ionad an chinniúint a ghlacadh. Tuigtear go raibh eagla ar chomhairleoirí áirithe a dtuairimí a nochtadh ar eagla go mbainfeadh na vótóirí díoltas amach orthu lá na dtoghchán. Bí ag caint faoi `cheannaireacht'!


Amharclann I nGaelige do lucht na nGaeilscoileanna



Le Lucilita Bhreatnach

Go h-iondúil tá polasaí againn sa pháipéar seo gan altanna I nGaeilge a scríobh maidir le cúrsaí na Gaeilge, saol an nGaeilge, I na nGaeilge, ach cé go bhfuilim taréis cloí leis an bpolasaí seo táim chun éalú uaidh an t-seachtain seo.

Tá neart tuaraimí ar an gcoincheap a bhaineann leis an mBord uile Eireannach don teanga Ghaeilge atá le buná mar cheann de na sé Bhoird Uile Eireannacha, Tá smaointe agus ábhair éagsúla a dteastaíonn ó Shinn Féin go dtitfeadh amach agus ár ndóigh tuaraimí dearfacha agus diúltacha ag na páirtí eile taobh istigh san Tionól agus ár ndóigh an dá rialais.

Caithfear fiacla a bheith ag an mBord seo la daoine atá dáirire faoi cur chun cinn an Ghaeilge bheith ceaptha ar an mBord. Tá roinnt oibre agus pleanáil ag titim amach ar seo cheanna féin ach chun go Iaidreófar I tá sé riachtanach go mbeadh na h-eagraisí uile lánghaelach aí is a bhaineann le cúrsaí chultúrtha sna Galltachtaí is na Gaeltachtaí ag cuir Ián-shuim san dtionscnamh seo. Tá sé riachtanach freisin go mbeadh na grúpaí uile seo suas chun dáta ar na h-iarrachtaí nó a mhalairt atá ag titim amach. Agus chun go mbeidís éifeachtúil tá géar-ghá go ndéanfaidís a gcumhachtaí a úsáid I slite a dtiontaíonn an ath-chóiliniú ar an nGaeilge.


Pléifear an ábhar seo níos mionne go luath



Chonnacthas an t-seachtain seo go bhfuil Amharclann in Oideachas don Teanga Gaeilge molta ag drámadóir ó Bhaile Atha Cliath darbh ainm Paul Mercier dhó. Is mac é Paul Mercier le Peadar Mercier a bhíodh ina mbodhránaí leis na Chieftains tráth go dtí gur bhuail drochshláinte air. Deir Paul Mercier go gcuirfeadh an Amharclann nua seo le lucht féachana a spreagadh do dhramaí I nGaeilge. Le déarnaí tá an dramadóir Mercier taréis tús a chuir le scannáin ghearr a scríobh is a stiúradh I nGaeilge.

Ba ag comhdháil dhá theangach faoi theideal amharclann chomhaimseartha I nGaeilge a bhí ar siúl in Amharclann na Péacóige an deireadh seachtaine seo chaite an áit a cuireadh gaoth leis an bhfocail seo.

Deir Mercier le méadú ar mhéid na nGaeilscoileanna timpeall na tíre go bhfuil cuir ar fáil mhillteanach de lucht éisteachta chumasach atá Gaeilge anois acu ós rud é nach bhfuil clár amharclainne scoile ann I láthair na h-uaire níl na féadarachtaí na h-éilimh seo a sholáthair do dhaonra na nGaeilscoileanna.

Bhi iar stiúrthóir an Abbey, Tomas Mac Anna, I láthair ag an gcomhdháil a rinne argóintí ar son bunú amharclainne a bheadh caidreamh go láidir le obair I dteangacha mhionnlaithe. Léirigh an drámadóir ón Bhreatain Bhig, Ian Rowlands, conas ar athraigh an cainéal teilifíse Breatnaise suíomh iad siúd atá ag obair leis an dteanga.

Bhí roinnt plé theibí freisin seachas plé phraicticiúil ar ábhair fealsúnach. Cheistigh an drámadóir Liam O Muirthile agus an t-Oifigeach Oideachais, Kathy McArdle, ceard is brí le scríobh I nGaeilge da mba rud é go bhfuil an cleachtadh nó gur thárla an eachtra taobh thair den drama I mBéarla. Caithfidh a áit fhéin a bheith ag na drámaí as Gaeilge chun nach mbeadh gimmíocht ag baint leo.

Is é an chéad drama eile gaeilge á léiriú ag an Abbey dráma atá aistruithe ag Tom McIntyre ar ``Chúirt an Mheán Oídhche'' bunaithe ar an dán nó mír fhada a scríobh Brian Merriman san ochtú aios déag. Tá sé le h-oscailt san Phéacóg sa bhFómhar.

Nach bhfuil aon dramai Gaeilge eile le bheith ar siúl sa phríomh chathair ar feadh seacht mhí eile? Conas a n-úsaidtear na deontaisí a thugtar do lucht amharlcainne? Abhar alt nó díospoireacht eile!


Níl riail ná dlí ar an nGarda Síochána



Bhí mí-ádh ar an Sáirsint James Cunningham gur ciontaíodh é an tseachtain seo caite as cúrsaí ceartais a chur as a riocht. Mí-ádh, mar ní raibh sé ach ag déanamh an ruda a dhéanann comhaltaí den Gharda Síochána gach lá den tseachtain, aire a thabhairt dá gcairde. Go deimhin chreid sé go diongbháilte, dar leis féin, go raibh sé ag déanamh de réir treorach ó cheannfort.

Níl ar chumas an cholúnaí seo a rá ar inis an sáirsint nó an ceannfort bréaga. Ach tá sé lán inchreite go gceapfadh sáirsint go bhfaighfeadh sé a leithéid de threoir ó oifigeach sinsearach. Bheadh a leithéid d'iompar ag teacht leis an mbéascna atá in uachtar sa Gharda Síochána. Séamas bocht!

When constabulary duty's to be done,
A policeman's lot is not a happy one.

Ba é a tharla sa chás seo gur ghabh garda soineanta tiománaí agus cuma an óil air. Nuair a bhfuarthas amach gur seantaobhaí de chuid an ``fhórsa'' a bhí gafa bhuail driopás na leads. Amach leis an gCuinneagánach le cosc a chur leis an dochtúir a bhí leis an bpríosúnach a scrúdú. Stop sé an dochtúir ar an mbóthar agus dúirt sé leis dul abhaile agus a theilfeafón gluaisteach a chur as agus glaoch ar an mbearaic níos déanaí lena rá go raibh a charr briste.

Ní hé sin an nós nuair a bhíonn Seán Saoránach gafa agus cúpla deoch air. Agus is cinnte nach mar sin a bpléifí le daoine nach dtaitníonn leis na gardaí. Samhlaigh céard a tharlódh dá ngabhfaí díograiseoir frithdhrugaí nó agóideoir frithchiníochais nó - Crom idir sinn agus an anachain! - poblachtach mór. Bheadh na línte teileafóin go dtí na nuachtáin ag crónán ar feadh na hoíche. Ansin, an mhaidin dar gcionn, chuirfí fostóir an té a bheadh gafa ar an eolas.

Is é an meon atá in uachtar sa Gharda Síochána gur sainaicme ar leith iad féin. Tabhair faoi deara mar a luann siad an focal ``comhalta'' nó ``member'' ag tagairt dóibh féin. ``Is comhalta é/í'' i.e. den ``fhórsa.'' Níor shroich an coinceap an tír seo fós, thuaidh nó theas, gur ``seirbhís'' seachas ``fórsa'' ar ceart a bheith sa chomhlacht phóilínteachta.

Is ``civilians'' iad an pobal mór taobh amuigh den fhórsa. Tugann siad ``gougers'' ar dhaoine nach dtaitníonn leo (nó nach dtuigeann siad). I gcónaí riamh bhí an dearg-ghráin acu ar an bpobal taistil nó ``knackers,'' mar a thugann gardaí orthu. Tá an téarmaíocht seo le cloisteáil i mbearaicí gach lá agus ar chóras raidió an Gharda. Cloiseann oifigigh shinsearacha é agus ní dhéanann siad dada faoi.

Le cúpla bliain anuas tá téarma eile le cloisteáil go minic i dtabhairní in a n-ólann ``comhaltaí.'' Sin an focal ``nigger.'' Tá sé scanraitheach a chiníche is atá an-chuid gardaí - an tromlach, b'fhéidir. Tá iarracht ar siúl ag roinnt gardaí i gceantar Bhaile Atha Cliath ráfla a scaipeadh go bhfuil líon na n-éignithe méadaithe faoi dhó ó tháinig méadú ar an inimirce. Is mar sin a seoltar miotais chiníocha.

Ní fada, is dócha, go mbeidh an clúmhilleadh áirithe sin ag teacht chun cinn sna meáin, a bhuíochas do na comhfhreagraithe slándála. Níl sna comhfhreagraithe seo, tríd is tríd, ach seoladáin trína gcuireann faicsin éagsúla den Gharda Síochána claoninsintí i gcúrsaíocht. Faoi láthair tá daoine i measc na ngardaí atá scanraithe as a n-anamacha go mb'fhéidir go n-éireoidh leis an bpróisias síochána. Tá siad ag iarraidh gach cineál driopáis a chothú le nach ngearrfaí ar ragobair.

Is gá an Garda Síochána a leasú go feirc. An chéim thosaigh ná an eagraíocht a dhípholaitiú. Ní mór cúraimí polaitiúla a bhaint de na gardaí agus aonaid ar tascanna polaitiúla a sainchúram a scor. Ansin ní mór tabhairt faoi athruithe bunúsacha maidir le hearcaíocht, oiliúint agus cleachtais de. Ach baineann an t-athrú is mó atá de dhíth le cúrsaí meoin agus béascna agus glacfaidh sé sin tamall fada.

Colm de Faoite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland