Top Issue 1-2024

10 December 1998 Edition

Resize: A A A Print

Fianna Fáil ag athrú polasaí neodrachta

Le Lucilita Bhreatnach

Le níos mó ná fiche bliain anuas anois ón Reifreann ag tús na seachtóidí is ballraíocht stát na 26 chontae san gComhphobal Eorpach ardaítear ábhar neodracht na tíre seo. An bhfuil an polasaí seo slán nó an bhfuil athruithe móra le tíocht go luath ?

Ba iad comhrialtaisí idir Fhine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a lagaigh ár bpolasaí nedorachta nuair a rinne `Professor Dooge', cara mhaith le iar-Thaoisigh an Dr. Gearóid Mac Gearailt ár bpolasaí a athrú nuair a mhol sé don rialtas go raibh sé riachtanach do stát nua-aimseartha breathnathóir a bheith againn ar an gCoiste Cosanta san gComhphobal Eorpach (WEU).

O shin i leith, is de bharr polasaithe rialtaisí éagsúla bhí dhá Reifreann a chuir leis an lagú sin. B'iad sin an Reifreann ar Acht Shingil na h-Eorpa (SEA) agus ina dhiaidh an Reifreann um Maastricht.

Cualamar iar Aire Roinn Gnóthaí Eachtracha, Dick Spring, i gComhrialtas idir Fhine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre ag rá go mbeadh gá le Reifreann eile a bhaineadh leis an neodracht agus go mbeadh sé riachtanach de bharr ár ndlúth-ceangal anois leis an gComhphobal Eorpach.

De bharr an dá Reifreann eile bhí conradh éigint sínithe ag an bpobal a rinne vótáil sna Reifreann sin i ngan fhios dóibh. Cuireadh an dallmullóg orthu.

Bhí cruinniú ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Chomhphobail Eorpach an Domhnach seo chaite áit a raibh na cainteanna sáinne ar an mbúiste in dhiaidh na bliana 2,000. Pléadh leasú ar an `CAP' agus thug an Choimisinéir ar Pholasaí Réigiúnda rabhadh go mbeadh gearradh idir 18% go 20 % á dhéanamh ar an mbúiste a bhaineann leis an gciste structúrtha. Ach rud díreach chomh tabhachtach nar tugadh mórán poiblíochta dhó ba ea cad a dúirt an t-Aire Gnóthaí Eachtracha, David Andrews (F.F.).

Athluaigh an t-Uasal Andrews a gheallúint athbhreithniú a lorgú an bhliain seo chugainn ar bhallraíocht `Comhar na Síochána' (Partnership for Peace). Dúirt sé go raibh sé ag siúl go bhféadfadh siad déileáil leis an ábhar seo faoi mhí Dheireadh Fómhair 1999. Lean sé ag rá go mba mhaith leis go dtárlódh díospóireachtaí iomlána san Dáil, an Choiste Gnóthaí Eachtracha, taobh istigh dena páirtithe polaitiúla is taobh istigh dá pháirtí fhéin i bhFianna Fáil.

Séard atá ann san chlár don `Comhar na Síochána' (PfP) ná sraith déshleasach socruithe idir tíortha nach bhfuil mar bhall de ECAT (NATO) agus iad siúd atá. Tá malartú i gceist ag gabháil le traneáil srl.


Is páirtíocht í an PfP áit a dhéantar socruithe dhíreach le ECAT.
Bheadh saighdiúrí na tíortha seo bainteach le fórsaí ECAT. D'fhéadfadh an traneáil seo tarlúint ar thalamh Eireannach nó san fharraige faoi dhíriú an ECAT.
Bheadh ar lucht íocaíocht cána na costaisí a íoc.
Tá pleannana go leathnófaidh lamháil an PfP níos leithne ná an t-síocháin a choimead go síochán a chur i bhfeidhm le ``níos mó comhoibriú míleata, mar a dúirt oifigeach de ECAT i mí Mheitheamh, 1997.
D'easaontaigh Fianna Fáil go láidir le ballraíocht an PfP roimh an dtoghchán dheireannach. D'aontaigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre leis. Dhiúltaigh David Andrews a dtuaraim a nochtú ar an Domhnach seo chaite ag rá go mbeadh sé míchuí air an díospóireacht a réamhchlaonadh. Cé gur ndúirt David Andrews san Dáil go raibh athbhreithniú gníomhach á dhéanamh aige ar bhallraíocht an PfP. I bhForógra Toghchána Fhianna Fáil 1997 deir sé - ``Tá muid in aghaidh ballraíocht ina an ECAT é fhéin, in aon eagraíocht a bhaineann leis an ECAT ar nós `Comhar na Síochána' (PfP), nó ins an WEU seachas le stádas breathnóra.''

Beidh toghchán na h-Eorpa ar siúl mí an Mheitheamh seo chugainn agus tá sé tabhachtach go mbeadh fíor-dhíospóireacht ar ábhar neodrachta na tíre seo roimh an toghchán is ní díreach ar chúpla cláracha teilfíse ar feadh trí sheachtain roimh réidh. Tá sé rí-thabhachtach agus Sinn Féin ag láidriú ar bhonn toghchánaíochta sna 26 chontaethe go dtugann muid cinnireacht agus treoir ar an ndíospóireacht i ngach Fóram inar féidir linn.

An bhfuil baill de Fhianna Fáil mí-chompórdach faoin athrú meoin atá tagtha ar a bpáirtí, ar an rialtas ? Is cad fúthu siúd a dtacaíonn le Fianna Fáil, seans go mbeidh céad codáin dóibh ag lorg páirtí a sheasann go láidir ar son polasaí neodrachta na tíre seo.


1798 agus an Ghaeilge Le Aengus Ó Snodaigh



Ag labhairt dom ar ``1798 i gCeannanas'' mar chuid de Féile na Mí, Máirt 17 Samhain, dúirt mé nach bhféadfainn easaontú ina iomlán le'n a raibh le rá ag Liam Mac Coil in alt san Irish Times 10 Samhain 1998 gur bac don réabhlóid i 1798 teip cheannasaíocht na nÉireannach Aontaithe an Ghaeilge a úsáid agus iad ag craobhscaoileadh a soiscéail.

Déanann an teoiric seo dearmad, gur cultúr labhartha í an Ghaeilge ag an am, agus nár foilsíodh mórán i nGaeilge san tréimhse sin. B'iad an bhothántaíocht agus an béaloideas a bhí i réim i measc Gaeilgeoirí ag an am. Is fíor gur bheagán stair, dánta, ceolta srl ón tréimhse atá ar eolas againn anois ach ar nós stair na mban sa tréimhse seo níl taighde iomlán déanta. Tá roinnt scoláirí tar éis éacht a dhéanamh ag cruthú dúinn gur ann do na foinsí ach tochailt a dhéanamh.

Bhí ceangail idir alán de chinnirí na nÉireannach Aontaithe agus athbheochain an cultúr Gaelach a bhí ag tarlú i mBéal Feirste ag deireadh an 18ú chéad. Bhí muintir McCracken i mBéal Feirste gafa go mór leis an obair agus a Gaeilgeoirí William Putnam McCabe, Jemmy Hope (ag Cath Aontroma is ceol as Gaeilge a chan sé chun na saighdiúirí leis a spreagadh), Robert Emmet, William Drenann agus William McNevin. Bhí ceannfort arm na nÉireannach Aontaithe Eadbhárd Mhic Ghearailt á foglaim agus is léir go raibh Gaeilge éigin ag Wolfe, é ag scríobh amach 30 foinn Gaelacha do banna a reisimint fad a bhíodar san Fhrainc. Is féidir glacadh leis go raibh Gaeilge ag mórán de cinnirí na ghluaiseachta sna h-áiteanna ina raibh an Ghaeilge go flúirseach. Bhí an Ghaeilge i bhfad Éirinn níos mó an am sin ná mar atá inniu.

D'fhoilsigh nuachtán na nÉireannach Aontaithe The Northern Star Bolg an tSolair iris dánta Gaeilge agus aistriúchán agus é mar aidhm aige: ``To recommend the Irish language to notice of Irishmen''. Bhí Thomas Russell bainteach leis an obair seo.

Síleadh roimhe seo nárbh ann do na Éireannaigh Aontaithe in a lán áiteacha toisc nach raibh aon éirí amach sna háiteanna sin, ach tá sé soiléir ón taighde atá déanta ar an ngluaiseacht le roinnt blianta anuas, gur eagras níos forleithne é ná mar a cheapathas go dtí seo. Is dócha má sea gur trí Ghaeilge a dhéin leithéidí Wolfe Tone, Russell, Ó Longáin, Taffe, Nevin, muintir McCracken agus William Drennan earcú agus iad ag craobhscaoileadh i measc Gaeilgeoirí nó sna Gaeltachtaí a bhí i bhfad Éirinn níos mó ag an am i nGaeilge, fiú más Gaeilge bhriste í.

Tá a lán obair fós romhainn sular sroicheann muid fírinne iomlán 1798 agus an Ghaeilge.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland