Top Issue 1-2024

3 December 1998 Edition

Resize: A A A Print

Slat tomhais an tSochaí an córas príosúntachta...

Níl deireadh fós le truamhéil na mbardach príosúin ó thuaidh, de réir tuairisc a foilsíodh an tseachtain seo. Ar ndóigh is minic scéal agus nuacht sa pháipéar nuachtáin seo fa' dtaobh mhí-iompair na mbardach céanna, i gCampa na Ceise Fada, Mhaghaire Uí Beirí agus sna carcair eile a bhíodh i mbéal an phobail tráth, Príosún Bhéal Feirste agus Príosún Ard Macha. Thuigeadh léitheoirí An Phoblacht gur minic a bhíodh na bardaigh as smacht, iad ag ionsaí ar mhná le linn cuardacha tornochta, nó ar fhir le linn bogthaí cillíne, nó ag ocáidí foirsteanacha eile. Bhí tréimhse fada ó lár na seachtóidí go lár na n-ochtóidí nuair a chleachtaigh na bardaí céasadh ar bhonn laethúla, agus ní dhéanfaidh gaolta ná príosúnaigh riamh ar dhrochiompar coimheadóirí na mBlocanna H nó Ard Mhacha le linn na Stailceanna Ocrais.

Sa tuairisc nua seo, ríomhaíonn na húdair, faoina gcathaoirleach Peter Brooke, nach bhfuil, fiú, `caighdeán bunúsach proifisiúnta ina gcuid oibre' ag na bardaigh. Agus de réir na tuairisce, ba chóir go mbeadh imní ar bainistíocht na bpríosún mar gheall ar an léibheal an ráta `tinnis' agus coimheadóirí `as láthair' óna bpostanna. Bí ag caint faoin Blu Flu, agus an Choo choo flu, `seo chugaibh anois, a chairde, an Screw Flu. Tá an tuairisc ag caint, leoga, ar `crisis' nó is léir go bhfuil an tséirbhís féin i mbaol de bhrí meon na mbardach atá ann faoi láthair.

Díríonn an tuairisc aird ar `meanma íseal' agus `easpa treoir', agus cuimhnítear, chomh maith, go bhfuil sé cóir a bheith do-dhéanta oiliúint agus athtraenáil a éagrú mura bhfuil na bardaigh féin ag freastal ar a gcuid oibre. Luíonn freagracht an tsuímh seo le `éiginnteacht' i measc na mbardach faoi thódhchaí a bpostanna, agus todhchaí na séirbhíse príosún.

Má tá fadhbanna ag an tséirbhís i láthair na huaire, nach deacra fós a bheidh an stáid nuair atá na cimí polaitiúla go léir saor? Nó, bí cinnte de, ní féidir linn an tséirbhís phríosúin a fhágáil mar atá, agus má a bhéas coiriúlacht ann, agus mura bhfúil an tsochaí in inmhe cóir a chinntiú gan feidhm a bhaint as príosúntacht mar reiteach ar coirpeachas, beidh séirbhís phríosúin nua ag teastail amhail a's atá séirbhís phóilínteachta nua ag teastail. Ba chóir tús a chuir leis an díospóireacht faoi sin anois.

Tá difir amháin sóiléir idir cás na mbardach agus cás an RUC... tá feachtas polaitiúil láidir, bunaithe ar frithphoblachtachas, taobh thiar den RUC. Tuigeann aontachtóirí gur oibrigh an RUC, le breis agus seachtó blianta, chun náisiúnaithe a choinneáill faoi chois. Ba arm an aontachtachais riamh an RUC. Ní féidir an rud céanna a rá faoi na bardaigh nó, ag deireadh an lae, bhí a bhfórmhór acu ann le haghaidh an airgid, le haghaidh pae aird reatha gan aon obair chrua a chur isteach - agus fiú má bhí contúirt ann in aimsir na n-agóidí, bhí pá breise agus slándáil ar leith ann chomh maith. Níor chreid furmhór na gcoimheadóirí go raibh siad i mbaol agus ní raibh mórán traenála ná scileanna de dhith chun poist choimheadóra a dhéanamh. Agus mura bhfuil scileanna acu siúd ag bun an chairn, cén dóchas go mbeidh daoine le scileanna - nó intleacht / ciall ag teacht chun tosaí? Beag seans de réir leis an tuairisc.

Tá an-imní nach bhfuil an tséirbhís ag solathar nó ag tabhairt iarrthóirí chun chinn fa' choinne `postanna bainistíochta', rud a chiall, mar shampla, go raibh Rialtóir na Ceise Fada ag feidhmiú mar Stiúrthóir an phríosúin freisin.

Cé a thógfaidh na postanna seo amach anseo? Nó, níos tábhachtaí fós, cé a bheadh sasta obair bhardaigh a dhéanamh? Cuimhneofar, ar ndóigh, ar líne Bobby Sands a dúirt nach raibh aon ghairm bheatha níos ísle ná gairm an bhardaigh, seachas b'fhéidir, gairm an rialtóra. Ach ag deireadh an lae tá orainn daoine carthanach, macanta, córa a aimsiú chun na postanna seo a thógadh má táimid chun sóchaí nua a chruthú. Tá go leor leor iarchimí a bheadh toilteanach a ndualgais a chomhlíonadh agus postanna a líonadh i séirbhís phóilínteachta nua, ach beidh sé níos deacra bardaigh a dhéanamh as iarphríosúnaigh nó iarchimí a mhealladh ar ais chun an phríosúin mar bhardaigh. `Sin ráite, ní féidir na bardaigh atá ann faoi láthair a fhágáil i gceannas nó leanfar leis an meon leisciúil, féiniúl, cungaigeanta a sheas mar éiseamlar den tséirbhís le tríocha bliana.

Slat tomhais aon sóchaí an córas príosúntachta, dar leis an nath cainte. Táimid ag iarraidh sochaí nua a bhunú. De bhrí sin, ní mór córas príosúntachta nua a aimsiú agus foireann nua a earcú a chuirfidh aidhmeanna an chórais sin i bhfeidhm. Cé fios nach mbeidh iarphríosúnaigh ag filleadh ar an alma mater chun na céachtanna a d'fhoghlam siad agus iad istigh, a chur i gcrích anois.


Tugtar bata agus bóthar do Bhanríon an Bháis



Léirigh meáin Bhaile Atha Cliath a choilínithe agus atá siad sa chineál fáilte a cuir siad roimh Príomh-Aire Shasana. Aon duine nár fheac an ghlúin dúradh nach raibh sé ``aibí'' nó ``fásta.'' Taobh thiar den mheon sin tá máchail dhomhain shíceolaíoch, coimpléasc ísleachta agus sodar i ndiaidh na n-uasal.

Cheana féin tá an bealach á réiteach le haghaidh cuairt ar an gceannchathair ón Winsorach mná. Tá sé truamhéileach go mbeadh Éireannaigh ag iarraidh an dé a choinneáil i monarcacht mhuintir Saxe-Coburg agus an oiread sin Sasanach ag iarraidh a bheith réidh léi.

Tá sé mí-ionraic amach is amach a bheith ag caint ar athmhuintearas idir Éireannaigh agus Sasanaigh sa chomhthéacs sin. Tá athmhuintearas de dhíth ach ní mór dó tarlú ar bhonn ionraic. Ní féidir athmhuintearas a bheith ann ar bhonn síneadh beatha a thabhairt don uaslathas. Ní féidir athmhuintearas a bheith ann ach ar bhonn daonlathais agus idirnáisiúnachais. Is dual d'Éireannaigh agus Sasanaigh araon athmhuintearas a dhéanamh lena chéile: ach ní féidir athmhuintearas a bheith ann idir daonlathas Éireann agus an stát Briotanach cinsealach.

Ní hamháin gur ginteoir bunúsach í an mhonarcacht Shasanach ar an mbéascna impiriúil ach cothaíonn sí an lútáil, an úirísleacht agus an lí tónach is féindiúltaí. Is masla é don traidisiún daonlathach i Sasana umhlú don rítheaghlach úd.

Rachainn chomh fada is a rá gur gníomh frith-Shasanach é a bheith ag iarraidh sporadh a thabhairt don Choróin.

Ní haon chuid é den traidisiún poblachtach in Éirinn a bheith frith-Shasanach. Ní hionann sin agus a rá nach ann dó sa tír ach ar nós seicteachais de chineál ar bith eile níl gnó ann dó i ngluaiseacht fhuascailte. Is ceart fuath gan leithscéal gan náire a thabhairt don impiriúlachas gona chuid scéiméireachta agus institiúidí. Scéal eile ar fad í cosmhuintir Shasana.

Lá éigin amach anseo tá súil agam féin a bheith ag Aerfort Bhaile Atha Cliath le fáiltiú roimh uachtarán ar phoblacht neamhchiníoch neamhchreachadóireach Shasana. Agus beidh ambasadóirí na hAlban agus na Breataine Bige ann roimhe nó roimpi ar an tarramhac.

D'fhógair an rialtas Blárach le déanaí go bhfuil siad chun deireadh a chur le ceart tiarnaí oidhreachta suíocháin a ghlacadh i dTeach na dTiarnaí. Más mall is mithid. Faoi dheireadh tá droim láimhe á thabhairt i Sasana don phrionsabal go ngabhann pribhléidí nó cearta ar leith le sainaicmí daoine de dheasca a ngéinte.

Bíodh na Bláraigh loighiciúil! Más ceart tiarnaí oidhreachta a dhíbhunú níl call le monarcacht. Cuirtear an ruaig ar na huafásóirí ar fad agus ar a lodarthacht lofa! Is í an taobh dhearfach den Bhlárachas go bhfuil said ag iarraidh a dtír a nua-aimsearú. Faraor, síleann siad gur féidir leo é sin a dhéanamh agus iarsmaí den seanré impiriúil a choinneáil. Ag cur dallamullóg orthu féin atá siad.

Beagnach 100 bliain ó shin thug an Banríon Victoria cuairt ar Bhaile Atha Cliath le go n-umhlódh na veistí bána di. Thréig náisiúnaithe an chathair agus thug siad aghaidh ar Bhaile Uí Bhuadháin. Ba í siúd Banríon an Ghorta. Is í a sliocht Elizabeth Windsor Banríon an Bháis. Tá fuil Mhalae, na Céinia, na Cipire, Aidin, na Siombáibe agus na hÉireann ar a meirg aici. Tá aga na fáilte caite aici.

Colm de Faoite


Cá bhfuil an Reabhlóid Chultúrtha?



Le Lucilita Bhreatnach

Bhíos ag léamh an Mála Poist san `Irish Times' le déanaí, `sé sin litreacha a chuireann an tEagarthóir i gcló ón bpobal. Bhí litir ann ó fear, scríobhneoir darbh ainm Fred Johnston is bhí sé ag nochtadh a chuid smaointe mar gheall ar an laghad filí atá ag scríobh filíochta san lá atá inniu ann faoi chúrsaí móra polaitíochta na tíre seo nó faoi imeachtaí móra stairiúla atá taréis tarlúint le cúpla bliana. Cad chuige? Cén fáth nach bhfuil filí móra le rá nó filí nua sásta smaointí polaitiúla a nochtadh os comhair an phobail?

Mar is eol duinn i ngach tír ina raibh `is a bhfuil coimhlint bhí agus tá daoine ann i gcónaí a spreagtar lena dtuairimí a thabhairt ar an dtionchar a bhí ag torthaí na coimhlinte ar a saol feín, ar a gclann, ar a gcomharsain. Chuireadar a macasamhail chruthanta ar fáil. Smaoinítear ar dhaoine ar nós Goya, Picasso, Garcia Lorca, scríobhnóirí reabhloídithe tús an réidh seo in Éirinn agus cantóirí ar nós Christy Moore san tír seo.

Bíonn daoine ann a bhíonn toilteanach seasamh ar son a gcearta, iad fhéin a chosaint, ag cosaint ní amháin a bpobal go fisiciúil ach ag cosaint smaointe an phobail, sé sin cead shaoirse.

In ainneoin na daorsmachta agus smacht an stát á úsáid tríd gach cumhacht a bhíonn acu le daoine a chuir faoi choisc `sé an chinnsireacht ceann dena cumhachtaí a úsáidfí go h-oifigiúil is go neamh-oifigiúil le cosc a chuir le aon smaointe a chuireann i gcoinne tuair is na bealaí atá múnlaithe ag an stát. Ach, fós is feídir a rá nár éirigh go h-uile is go h-iomlán leis na córais seo óir tháiníg filí, ealaíontóirí, scríobhnóirí, ceoltóirí, amhránaithe, cumadóirí srl, tríd is sheasadar suas.

Anseo in Éirinn bhí cinnsireacht pholaitiúil an stát i réim ó 1972 go 1994 sna 26 chondae. Agus cé go bhfuil ré oifigiúil na cinnsireachta briste againn d'fhág sé a lorg ar tuairimí daoine fásta.

Mhúnlaigh sé tuairimí chraoltóirí go muinteoirí go h-óganaigh. Mar a dúirt ball den pháirtí liom le deánaí in dhiaidh dhó caint a thabhairt ag oíche oideachais do bhaill nua in Ógra Shinn Féin, nár thuigeadar cad a bhí i gceist le Acht a 31 óir bhíodar 13 no 14 bliain d'aois nuair a cuireadh deireadh leis agus is gnách leo úrlabhraithe de chuid Shinn Féin a chlois go minic sna meáin.

Ach d'fhág an daorsmacht is an chinnsireacht a rian, is tá athbhreithnithe na staire fós ann, cé go bhfuil cuid mhaith dá gcosa cumhachta speacaithe againn faoina bhun.

Tá án reabhlóid chultúrtha chomh tábhachtach le gach gné eile den streachailt. Ba chóir go mbeadh sé fite fuaite ag snaidhmiú le gnéithe eile an streachailt. Mar sin, cén fáth nach bhfuil níos mó de lucht na gcultúir ina h-eágsúlacht sásta a gcloigeann a ardú agus a dtuairimí a bhí faoi smacht a scaoileadh saor?

Dhéanfainn argóint go bhfuil an cultúr reabhloídeach tosaithe ag borbú i measc an phobail i gceantracha an lucht oibre in áiteacha ar nós Tamhlacht, bailte beaga agus feiltí an phobail eagruithe gach bliain ag fás is ag oscailt an spás dona modhanna cruthaitheach seo. I bpobail náisiúnta sna sé chontae an áit ina bhfuil sí á nochtadh féin. Ach toisc gurb iad na `gnáth daoine' atá i gceist agus ní daoine móra le rá níl an meachan céanna ag baint leis. Dá mba rud é go raibh daoine móra le rá sásta a obair a roinnt linn, ag obair leis an bpobal céanna thuas luaite bheadh sé níos deacra ar na meáin an obair seo a cheilt.

Dá bhrí sin, tá freagarthacht éigint orthu siúd, mar atá ar foilsitheoirí obair a chuir i gcló, mar atá ar na h-instiuídí cultúrtha is ealaíona, na boird scannáin, is na comhairlí cathrach an spás seo a oscailt.

Nach mbeadh sé iontach i gcúrsaí staire na tíre seo dá mba rud é go raibh na modhanna cultúrtha éagsúla seo á nochtadh féin ar théamaí ar nós an dí-mhileatú, ar an sórt seirbhís póilínteacht nua atá de dhíth, ar an gcothromas, ar an Éire nua ina bhfoirm eagsúil? Níl aon srian ar na smaointe a bhféadfaí a chuir le chéile ar seo uile. Tá sé tosaithe, tá sé ag tarlúint. Nuair a oscloídh an spás níos mó leathnoídh sé amach.

Le deireanneas, bhíos ag eisteacht le caiséad ar amhraín a bhain le 1798 á chanadh ag Franke Harte le Donal Lunny á thionlacan agus le bailéid á chanadh ag na `Wolfe Tones' sa bhaile is duírt mo mhac liom is é ag deánamh gáire fúm, nach mbaineann sé sin leis an séan tréimhse is nach bhfuil aon amhráin nua agaibh ós rud é go bhuil sibh anois go `respectabáilté'. Bhuel, téann an t-sean leis an nua is tá sé tábhachtach go mbeadh an leanúnachas i gceist. Ach cá bhfuil na h-amhráin a bhaineann leis an dtréimhse ón stailc ocrais ar aghaidh? Cá bhfuil na h-amhráin a bhaineann leis an dtréimhse seo den streachailt? Caithfí a nglór a chloisint.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland