Top Issue 1-2024

26 November 1998 Edition

Resize: A A A Print

Fuair siad bás in aisce

Leag Finian McGrath a mhéar an tseachtain seo caite (``Mála Poist) ar an mí-ionracas a ghabhann leis na comórthaí ar an Chéad Chogadh Domhanda.

Trí pháirtíocht a ghlacadh sna comórthaí sin táthar ag tabhairt ómóis do na ginearáil agus na polaiteoirí a thiomáin fir óga na hEorpa le léirscrios a dhéanamh ar a chéile. Faoi mar a dúirt Finian ba cheart coireanna cogaidh a chur ina leith.

Is cuimhin liom rud a dúradh faoi na hainniseoirí a seoladh chun báis ina dtréada i gceann de na cathanna (an Somme, sílim), go raibh siad mar ``lions led by donkeys.'' Ní raibh sárú ar Douglas Haig mar asal. Ba é an ginearál impiriúil par excellence é. Throid sé in aghaidh na Súdánach, na mBórach agus na nIndiach i gcogaí coilíneachta. Eisean a cuireadh i gceannas ar arm Shasana ar an bhFronta Thiar. Bhain sé leis an scoil mhíleata a chreid go bhféadfaí cathanna a bhuachaint ach dóthain saighdiúirí a chaitheamh in éadan ghunnaí an námhad, ba chuma cé mhéad acu a marófaí. Rud amháin í fuarchúis, rud eile ar fad é éadrócaire.

Nuair a d'fhulaing cathlán ó Thalamh an Éisc 710 taismigh as líon de 810 saighdiúirí ag an Somme scríobh duine d'fhoireann Haig tuairisc: ``It was a magnificent display of trained and disciplined valour and its assault only failed of success because dead men can advance no further.'' Agus meastar gur ceird nua í an tsnoídhochtúireacht! D'íobair Haig 90,000 dá chuid saighdiúirí ag cath na Somme. Shílfeá go gcrochfadh a thaobh féin é ach scaoileadh leis agus ligeadh dó leanacht de dhéanamh a chomhairle féin.

Faoi mar a deir Longmans Dictionary of 20th Century Biography: ``Haig remained British C in C largely through his connections with the Royal Family.''

Maraíodh 8.5 milliún duine i gcathanna an Chéad Chogadh Domhanda. Ag labhairt dó ar News at One (Raidió 1) le déanaí dúirt an staraí Sasanach, Nicholas Ferguson as Cambridge, gurb í páirtíocht Shasana sa chogadh a thiontaigh é ina chuthach cuisleoireachta. Agus dúirt sé: ``They DID die in vain.'' Ba dheas an rud é an fhírinne lom a chloisteáil. Is mór idir é sin agus an bhréag gan náire a chualathas ag an gcomóradh a raibh an tUachtarán McAleese páirteach ann in Mesen/Messines, go bhfuair na diabhail bhochta bás ar son na saoirse - dúradh é fiú sa phaidir Ghaeilge.

Haig a bhí i gceannas ag Mesen. Ba é a aitheasc do na trúpaí: ``With our backs to the wall ... every one of us must fight to the end.'' Gach duine AGAINN! B'in a dúirt an ginearál calma.

Ba é an Chéad Chogadh Domhanda an cogadh clasaiceach impiriúil. Ní raibh difríocht mhorálta ar bith idir an dá thaobh. Tá sé gáirsiúil amach is amach a bheith ag iarraidh a thabhairt le fios go raibh údar fiúntach leis an slad.

Dála an scéil, bhí rud eile an-tábhachtach le rá ag an Dr Ferguson ar an gclár raidió úd: go raibh an líon Éireannach agus Albanach a maraíodh sa Chéad Chogadh Domhanda as compás ar fad lena líon in arm Shasana. Meas tú an de thaisme a tharla sé sin?

Sa bhliain 1921 bhunaigh Haig an British Legion agus sheol sé an poipín (agus Ciste an Iarla Haig, mar a thugtar air i gcónaí). Ba chliste an gléas é le béascna impiriúil a chothú agus a chaomhnú. (Ní chaitheann Francaigh ná Beilgigh an poipín dála an scéil.)

Ach níor mhúch an poipín an fhírinne ina measc siúd a d'fhulaing cruas na n-asal. Bhí cuimhne ag na saighdiúirí a tháinig slán ar bharbaireacht na nginearál. B'in an teachtaireacht ba mhó a bhí sa tsraith theilifíse Veterans: the Last Survivors of the Great War (BBC). Mórán gach seansaighdiúir sna cláir sin cháin siad an cogadh agus dúirt siad nach raibh ceart ná cóir ag baint leis. Níor sparáil siad na hasail a sheol a gcomrádaithe chun báis.

Ba é mallacht Thomas Hardy ar na tiarnaí cogaidh:

``Whosoever they be
At root and bottom of this, ...
...........................
``Sinister, ugly, lurid be their fame;
May their families grow to shun their name,
And their brood perish everlastingly.''

Colm de Faoite


I mBolg an Bheithí



An chéad uair a chuir mé cos istigh príosún, bhí mé deich mbliana d'aois, agus mé ar thuras go Baile Atha Cliath ag céiliúradh an 50ú Comóradh d'Éirí Amach na Cásca 1916. Ar an lá gur oscail siad Cill Mhaighneáin mar iarsmalann, chuaigh mé, in eineacht lemo thrí aintín, ar chuairt an phríosúin. Is cuimhin liom gur fhan tionchar na háite sin orm go cionn tamaill fhada; na cillíní, na geataí, na doirse faoi ghlas, na barraí ar fhuinneoga na carcrach, so-fheicthe ón taobh amuigh agus an taobh istigh araon, leis an ghruamacht céanna.

Deich mbliana níos déanaí, bhí mé féin faoi ghlas cosúil leis na céadta céadta daoine eile, i bPríosún Bhéal Feirste. Bhí an príosún den déantús céanna le Cill Mhaighneáin, cillíní airde, cúng, poirse mar thollan agus tú ag dul isteach sna cillíní, trí urlar agus ardán nó balcóiní taobh amuigh de shraith cillíní ar achan urlar. Ar ndóigh, bhí príosúin eile feicthe agam faoin am sin, ar chuairteanna go príosún Ard Macha, Campa na Ceise Fada agus Campa Magh Giolla Uí Chathain. Ach sna carcair `nua' sin, na campaí, ní raibh aon ceim ar aghaidh tógtha fós ag lucht dearaidh carcracha. Príosúin éigeandála a bhí iontu, bothóga stain, foirgnimh réamhdhéanta as adhmaid, agus an tslándáil is mó a bhain leo ná an sreang deilgneach a chlúdaigh an áit mar líon damhain alla ar maidín tais ceomhar.

Nuair a d'oscail siad na Blocanna H i 1976 afách, ins an Chéis, bhí mullach úr slándála bainte amach acu. Bhí deireadh tagtha leis an seanleagan príosún agus ina áit bhí foirgneamh íseal, aon urlár agus gan níos mó ná 25 chillín in aon sciathán amháin. Tuigeadh go raibh na húdaráis phríosúin ag iarraidh smacht a athghábhail ar na geibhinn ina dhiaidh do na cimí stadas polaitiúil a chailleadh ach ar ndóigh, sna blianta a lean ar sin, idir 1976 agus 1981, chrúthaigh na cimí arís agus arís eile nach raibh siad briste, fiú má bhí lámh láidir á imirt ag na Sasannaigh.

Thall i Sasain, sna geibhinn ina raibh cimí poblachtanacha á gcoinneáill, bhí athraithe ag tarlú chomh maith ar an chóras príosúntachta. Timpeall an am céanna a d'oscail an Oifig Thuaisceart Éireann an chéad Bloc H, bhí an Oifig Bhaile i Sasana ag oscailt príosúin nua cosúil le Long Lartin, nó Full Sutton. Ní fada ina dhiaidh sin gur thosaigh siad ag crúthú aonaid spéisialta taobh istigh dena príosúin seo la haghaidh na gcimí is mó slándála. Ní gá a rá gurbh iad na hÉireannaigh is minice a ghnothaigh an chéimíocht sin. Agus i rith an ama seo bhí éileamh thar na héilimh go léir a chur chun chinn ag na cimí: go dtabharfaí abhaile iad. D'fhulaing siad stailceanna ocrais, fuair Michael Gaughan agus Frank Stagg bás dá bharr, bhí agóidí ar dhíonta príosúin, i gcásanna cuairte, ar na sráideanna. Ach choinnigh na Sasannaigh a ghialla i gcónaí.

Chuimhnigh mé ar seo go léir an tseachtain seo chaite nuair a chuaigh mé ar chuairt don chúigear cime deireannach atá fágtha faoi ghlas ag Gallaibh - i Sasana. (Tá, faraor, go leor leor cimí eile faoi ghlas ag Gallaibh in Éirinn chomh maith, cuid acu sna Sé Chontae agus cuid eile i bPríosún Portlaoise. Nach aisteach an scéal é go bhfuil tromlach na gcimí i bPortlaoise á gcoinneáill anois mar gheall ar dhaorthaí a ghearradh orthu i Sasana?) Thug muid cuairt ar thrí phríosún, i nDurham, Eabhrac agus i mBirmingham, trí phríosún éagsúil, ach, i mbealach trí phríosún ana-chosúil le chéile.

Ceann des na céad rudaí a thabharfaidh cuairteoir fa' dheara thall, ná nach bhfuil aon difríocht mór idir na príosúin. I seomra `fáilte' na gcuairteoirí tá an leagan amach céanna i bhfeidhm, bíonn an bae cuardaigh do chuairteoirí mar an gcéanna, an t-inneal x-gá céanna, an próiseas céanna, an crot céanna... Ina dhiaidh trí chuairt ní raibh mé cinnte nárbh iad na bardaigh céanna a bhí ag obair sna carcracha dífriúla agus ag bogadh ó áit go háit ag fanacht orainn.

Taobh istigh na príosún féin `sé an rud is mó a sheasann amach ná an cosúlacht, an t-ionannas idir carcair amháin agus carcair eile. Is fíor gur boige na suíocháin sna cuairteanna i Long Lartin, is fíor gur blasta an tae i bhFrankland, ach, dá gcuirfí léaróga ar chuairteoir, ní bheadh a fhios aige ná aicí cén príosún ina mbeidís. Agus má tá sé chomh hionann sin do chuairteoir, cé chomh measa agus a bheadh sé do phríosúnach, nach bhfeiceann aon rud seachas na ballaí, na barraí, an sreang, na soilse flannbhuíthe agus na bardaigh le naghaidheanna dúra, fuara, ó ceann ceann na bliana, agus iad a gcoinneáill sna SSUs agus sciatháin ardslándáil.

Ní raibh aon bardach aineolach linn, an triúr againn a chuaigh ar an chuairt oifigiúil. Dúradh liom nach mbíonn sé amhlaidh nuair atá cuairteoirí ann ar a gconlan féin agus is féidir liom sin a chreidiúint. D'fhan duine dínn lá breise chun chuairt príobháideach a thabhairt ar a fear chéile agus cuireadh moill daichead nóimead uirthi ar a bealach isteach, rud a chaill daichead nóimead dá gcuairt dá bhrí. At ndóigh ba mhinic thar na blianta go mbeadh cuairt caillte ina iomlán nuair a aisteofaí cime go príosún eile ar mhaidín a chuairte.

Bhí na cimí go léir i spioraid mhaithe, cé go bhfuil siad ar a n-aonar i measc an tslua, iargulta ó bhaile agus ó chairde agus gaolta. Ach mar a dúirt siad féin, tá siad ag maireachtail ar shraith a leag a gcomradaithe síos sna laethanta dorcha i lár na seachtóidí nuair a bhí ar chimí Éireannacha troid gach aon lá do chuile rud.

Gheill rialtas Baile Atha Cliath d'éilimh na Sasannach an tseachtain seo chaite, go gcuirfeadh na cimí a aistríodh cheanna, agus a aistreofar amach anseo, gach uile lá isteach den téarma go dtí críoch na tréimhse a leagadh síos i gCaipéis Aoine an Chéasta. Tá John Bull ag iarraidh carcair Bhreatánach a dhéanamh as carcair Phortlaoise, agus srian a bhuanú ar shaol na gcimí fiú nuair atá siad ar ais ar Chríocha Fodhla. Thuig na cimí thall cad a bhí i gceist, thuig siad go bhfuil Sean Buí ag iarraidh gialla a dhéanamh astu i gcónaí agus b'oth leo rialtas Bhaile Atha Cliath ag glacadh le coinníollacha ó Jack Straw.

Ach tá sin déanta anois, agus níl aon chiall ag cur ama amú ag caoineadh cad a bheadh. `Sé an rud is tábhachtaí anois ná na fir a thabhairt ar ais roimh an Nollaig agus ansin lig dúinn leanúint ar aghaidh le feachtas chun na cimí go léir a fhuascailt. Nuair a tá sin bainte amach againn, tig linn iarsmalanna eile a oscailt ar nós Cill Mhaighneáin ach an uair seo, cinnteoimis nach mbeidh a gcomharba de phríosúin ag fanacht ar ghlúin eile deich mbliana thíos an bóthar.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland