Top Issue 1-2024

19 November 1998 Edition

Resize: A A A Print

Bhí náisiúnachas an Phiarsaigh forásach

Ba dhrochbhliain í 1998 do na scrábálaithe ar gléas troda in aghaidh na fuascailte dóibh athcheartú na staire. Sáraíodh iad thuaidh agus theas,thoir agus thiar agus comóradh á dhéanamh ar 1798.

Ar feadh i bhfad ba é Pádraig Mac Piarais bete noir na nAthcheartaitheoirí. Ba leor a ainm a bheith luaite le go dtosóidís ag cur cúr lena mbéil. Scaip siad tuairisc ar an bPiarsach a bhí chomh bréagach sin go bhfuil béaloideas tar éis fás thart timpeall ar a chuimhne atá bun os cionn leis an bhfírinne.

Is fuath leo Pádraig Mac Piarais mar ba náisiúnaí gan náire é. Bíodh an fheamainn acu! Ní call do dhuine ar bith leithscéal a ghabháil as náisiúnachas Mhic Phiarais. Ghríosaigh sé náisiún beag i dtreo féinchinniúna agus fuascailte. Sheas sé an fód in aghaidh taoide an bhladhmainn fhuilchíochraigh nuair a seoladh an Cogadh Mór impiriúil.

Bhí náisiúnachas an Phiarsaigh leathan, cuimsitheach agus uile-áiritheach. Ní raibh aon bhá aige leosan i ngluaiseacht na Gaeilge a raibh tuiscint chúng eitníoch sheicteach acu ar an náisiúntacht, leithéid D.P. Moran, mar shampla.

Dúirt Pádraig Mac Piarais:

``I challenge again the Irish psychology of the man who sets up the Gael and the Palesman as opposing forces, with conflicting outlooks. We are all Irish... he who would segregate Irish history and Irish men into two sections - Irish-speaking and English-speaking - is not helping towards achieving Ireland a Nation.''

Ba dhaonlathaí go smior é an Piarsach. Bhéimigh sé an oidhreacht dhaonlathach sa traidisiún náisiúnaíoch. Thacaigh sé leis an Lorcánach i 1913. I bhfad siar bhí sé ag éileamh comhchearta do mhná ag tráth nuair ba ábhar grinn a leithéid i measc na bhfear i gcoitinne, náisiúnaithe san áireamh. Agus é ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis bhí sé i mbun feachtais le go mbeadh mná ar chomhchéim le fir in Ollscoil na hÉireann nach raibh bunaithe fós. Sin gleic nach bhfuil thart go fóill féin.

Bhí Pádraig Mac Piarais ina smaointeoir oideachais den scoth. ``A significant Irish educationalist,'' a thugann an Dr Séamas O Buachalla air i leabhar den teideal céanna. Leagan amach bunaithe ar shaoirse a bhí aige, saoirse don scoil, saoirse don mhúinteoir agus saoirse don dalta.

Ba cheannródaí é i gcúrsaí litríochta. Sheol sé an gearrscéal sa Ghaeilge (in ainneoin freasúra ó dhaoine nár shíl gur ``oir'' an fhoirm don teanga). Dar le Máirtín O Cadhain, léirmheastóir thar a bheith dian, ní raibh ach triúr fíorscríbhneoir sa Ghaeilge sa chéad leath den 20ú haois, Pádraig O Conaire, Seosamh Mac Grianna agus Pádraig Mac Piarais.

Agus ba thráchtaire polaitiúil an-ghéarchúiseach é an Piarsach. Scríobh sé an méid seo leanas i Samhain 1913:

``...it has become clear within the last few years that the Orangeman is no more loyal to England than we are. He wants the Union because he imagines that it secures his prosperity; but he is ready to fire on the Union flag the moment it threatens his prosperity. The position is perfectly plain and understandable. Foolish notions of loyalty to England being eliminated it is a matter for business-like negotiation. A Nationalist mission to North-East Ulster would possibly effect some good. The case might be put thus: Hitherto England has governed Ireland through the Orange Lodges; she now proposes to govern Ireland through the A.O.H. You object: so do we. Why not unite and get rid of the English? They are the real difficulty; their presence here the real incongruity.''

Colm de Faoite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland