Top Issue 1-2024

28 October 2010

Resize: A A A Print

An Ghaeilge faoi ionsaí - mar is gnách!

Colm McCarthy agus Ed Walsh

MÁ luaitear an Ghaeilge mar phríomhtheanga an stáit i mBunreacht na Sé Chontaetha Fichead, tá’s againn nach mar sin atá in aigne an lucht rachmais.  Dóibhsean is bac í an Ghaeilge ar bhóthar an Eorpachais, agus is cur amú aon airgead a chaitear leí.
Orthu siúd is mó a léiríonn dímheas don Ghaeilge tá Ed Walsh, iar-uachtarán Ollscoil Luimnigh, agus, dar leis féin, intleachtóir an tsaoil nua-aimseartha in Éirinn.
I gcaitheamh na míosa seo caite mhaígh Ed Uasal gur chóir gearradh siar go mór ar an méad airgead atá dhá chaitheamh leis an nGaeilge, go háirithe sa gcoras oideachais.
Níl aon aimhreas ar ndóigh go bhfuil caighdeáin níos fearr ag teastáil uainn sna heolaíochtaí agus sa matamaitic, ach bíonn Ed mar cheann feadhna acu siúd a thapaíonn gach deis le ionsaí a dhéanamh ar an nGaeilge amhail nach bhféadfai staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar mhatamaitic ag an am céanna.
Níl sé leis féin sa méad sin.  Breathnaigh ar na moltaí a bhí ag Colm McCarthy faoi dhroch-staid airgeadas na tíre: tá an gearradh siar is mó le tabhairt faoi ndear sna cúrsai Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na ranna rialtais a bhaineann le cultúr nó leis an tuaith.
Tugann McCarthy eacnamaí air féin, ach i ndáiríre níl ann ach cuntasóir, mar is féidir leis figiúirí a áireamh i leabhar chuntais, ach ní thuigeann sé luach na bhfigiúirí.
Tuigeann sé luach a phinsin mar sin fhéin.  D’fhéadfadh sé an ruaig a chur ar Dhara Ó Briain leis an ngreann ba dheireannaí uaidh nuair a mhaigh sé go bhfuil prionsabal cothroimis ag teastáil maidir le pinsin:  bualadh na pinsin is aoirde, dúirt sé, agus níl sé ach cothrom go mbuailfi na pinsin is ísle freisin!
Níl aon duais ag dul doibh siúd a cheapann go bhfuil a phinsean ar na pinsin is aoirde sa stát.
Ach is insan anailís a dhéanann seiseann agus a dhéanann Ed Walsh - agus bíonn siad ar aon fhocal maidir le cúrsaí eacnamaíochta -  feiceann muid bochtanas intinne na ndaoine is saibhre pócaí sa tír.
Ní bhíonn aon aidhm acu ach a leas eacnamúil féin, agus tí diabhail le gach leas eile, agus le gach duine eile, a d’fhéadfadh a thíocht idir iad agus a saibhreas.
Ní ábhar íontais é seo ar ndóigh, ach tagann an dímheas seo glan salach ar pholasaí fógraithe an rialtais i dtaobh na Gaeilge, mar atá sa straitéis fiche bliain.
Creidim féin go bhfuil daoine mar Brian Cowen dairíre go leor faoin nGaeilge.  Labhrann sé an teanga nuair is féidir leis, téann a chlann go gaelscoileanna, is thacaigh sé go láidir leis an straitéis fiche bliain nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais.
Ach níor chualathas oiread is giog uaidh nuair a d’ionsaigh Ed Walsh an teanga an mhí seo caite, agus is cosúil gur iad na moltaí in aghaidh na Gaeilge na moltaí cinnte atá dhá gcur i bhféidhm ag eascairt as tuarascáil McCarthy.
Ní maith le gluaiseacht oifigiúil na Gaeilge an fhírinne shearbh seo a aithint, ach ag deire thiar ní féidir bheith ar son na Gaeilge má tá tú ar son an rachmais. Caithfear rogha a dhéanamh.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland