Top Issue 1-2024

28 October 2010

Resize: A A A Print

Briseann nádúr...

BHÍ mé sa Bhriotáin le déanaí nuair a thosaigh na stailceanna in aghaidh cinneadh aois an phinsin a ardú ó 60 go 62.
Sa sráidbhaile ina raibh mé bíonn margadh gach Máirt. Cé go bhfuil an samhradh thart, bíonn go leor daoine go fóill ag dul timpeall ag ceannach a gcuid glasraí, cáise, iasc agus eile. Timpeall a deich, thar thorann an mhargaidh féin bhí gleo eile le cluinsint, glór aonar ag scairteadh agus slua ag athrá mana éigin ina dhiaidh. Go tobann chonaic muid an manifestation: na céadta daltaí meánscoile ag gabháil a bpáirte féin sna hagóidí a bhí faoin am sin forleathan ar fud na Fraince.
Bhí siad ullamh: bhí póstaeir, comharthaí, slua ghairm, acu agus cé nach raibh iontu ach gasúir de 15 nó 16 bhliain bhí an cuma orthu go raibh a fhios a ngnó acu. Chuaigh siad timpeall an bhaile cúpla uaire, lena n- amhráin agus curfá agus d’imigh siad leo.
Trí lá i ndiaidh sin chas mé ar mhúinteoir - lá scoile a bhí ann ach ní raibh sí ag obair. D’fhiafraigh mé cad chuige , an raibh sí ar stailc b’fhéidir. Non, a dúirt sí. Ní raibh an scoil ag oscailt toisc nach raibh na daltaí ar ais óna stailc fós!
Bhí saghas Paddy O’ Gorman moment ag teacht agus thosaigh mé ag plé na stailceanna le muintir an tsráidbhaile. Tá roinnt Sasanaigh ann, formhór acu ina bpinsinéirí. Cheap siad go raibh sé aisteach, as ord agus dochreidte go mbeadh daltaí scoile ar stailc agus tuismitheoirí agus múinteoirí ag tacú leo. Agus aois an phinsin á ardú go 62? Ó, ardaigh é go 65 a cheap siad (rud a thiocfaí a thuiscint mar éad an tsean namhaid ar ndóigh) .
Thacaigh na dúchasaigh ar labhair mé leo, áfach, leis na hagóidí fiú má a chiall sé nach raibh ola sna garáistí. Mhothaigh siad bródúil, ionas dá mba cheart é, droit a dúirt siad, ag na daoine óga a bheith ar stailc agus páirteach san fheachtas in aghaidh polasaithe Sarko’. Agus ní nach ionadh, nuair a chuimhníonn tú go raibh cuid acu seo ‘amuigh’ i 1968 agus iad ina ndaltaí scoile agus ina micléinn ollscoile ag an am.
Má tá saintréith ag gach pobal, is í saintréith pobal na Fraince an agóid. Un droit, mar a deir siad, atá chomh tábhachtach uaireanta, le cúis na hagóide féin.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland