Top Issue 1-2024

22 October 1998 Edition

Resize: A A A Print

Feachtasaíocht: páirt den phictiúr mór

Le Lucilita Bhreatnach

Tá géar ghá le feachtaisí a fheiscint ag bláthú ar ábhair éagsúla a bhaineann leis na h-athruithe a theastaíonn ó phoblachtánaigh a dtitfeadh amach san tréimhse seo den streachailt. Is tá a fhios ag cách céard iad na feachtaisí seo.

Siad sin na príomh ábhair ar nós fórsa póilínteacht nua a bhunú bunaithe is lonnaithe san chomhluadar. Tús a chuir leis na h-athruithe a bhaineann leis an géar chéim fad-théarmach comhionnais a bhaint amach i ngach ngné den tsaoil ina bhfuil sí in easnamh agus tá an liosta seo fada go leor. Is é an ghéar chéim gearr-théarmach ionadaíocht toghfa do náisiúntóirí ón tuaisceart san Oireachtas, agus dí-mhileatú a bhaint amach trasna na sé chontae.

Feictear go bhfuil an ábhair dí-choimisiniú á úsáid mar chonstaic i gcoinne forbairt phróiséas na síochána. Nach tapaidh a ndéantar dearmad go bhfuil gunnaí is airm Oglaigh na hEireann sna `dumpaí' is go bhfuileadar ciúin tostach.

Ní ciúin tostach atá daoine ar nós An Trimbeallach is é ag feadaíl san ghaoith faoin ábhar seo. Feicfear an mbeidh réiteach sásúil ag an bhfo-choiste um dí-choimisiniú chun an cheist seo a chuir ar leataobh.

Tá neart scríofa i nuachtán na seachtaine seo faoi seo mar sin ba mhaith liomsa tabhairt faoi an ghá le feachtasaíocht. B'fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh cad chuige go bhfuil gá le feachtasaíocht, nach bhfuileamar ag déanamh ceart go leor nuair atá urlabhraithe ón bpáirtí ar na meáin cuid mhaith den am, nuair atá ár bpléightheoirí ag déanamh a dtréan dhícheall is iad ag plé leis na h-údaráisí is rialtaisí, nuair atá baill nua thoghfa againn don Tionól úr.

Ach níl an dóthain sna matáin polaitiúil seo i gcónaí. Caithfear an phróiséas mar atá a neartú, caithfear cad tá san socrú a chuir i gcrích, caithfear an tógaint a dhéanamh.

Is modh eile den streachailt don saoirse is an chirt atá i gceist san bhfeachtasaíocht. Modh pholaitiúil is modh ealaíona nar chóir do dhaoine a fheiscint mar rud atá ar an leataobh ón bpictiúr mór.

Ag braitheadh ar na modhanna a úsáidtear is féidir tionchar a bheith agat ar ghrúpaí éagsúla den daonra. Má bhíonn na modhanna leathan cuirfear an tionchar i bhfeidhm ar ghrúpaí leathan den daonra.

Bristear síos ar na h-iarrachtaí a dhéanann an stát ar an t-aonrú. Cuirtear an stát is rannóga stáit faoi bhrú. Tosaíonn athruithe dá bharr. Tugann sé seo muinín do dhaoine. Aithnítear a gcumhacht féin tríd an modh feachtasaíochta. Ardaítear dóchas poiblí. Bíonn torthaí an obair seo mar pháirt den phictiúr mór. Cabhraíonn na torthaí seo aidhmeanna gearr-théarmach a bhaint amach is neartaítear an bhrí is an bheocht leis na h-aidhmeanna fad-théarmach.

Scrúdaigh an feachtas do fórsa nua póilínteachta, mar shampla. Is é an aidhm fad-théarmach go mbeadh freagarthacht ag an bhfórsa nua don gcomhluadar atá sí ag freastal ar. Séard atá de dhíth anois go gearr-théarmach tionchar a bheith ar an gCoimisiún Patten.

Tá aighneachtaí curtha isteach ag Sinn Féin agus ag grúpaí is daoine aonaracha eile isteach chuig an gCoimisiúin.

Tosaigh díospóireacht poiblí ar na h-aighneachtaí seo. Seol an t-eolas go leathan. Ardaigh moltaí ag na comhairlí áitiúla. Eagruigh cruinnithe poiblí. Eisigh ráiteas tríd na meáin. Cuir brú ghrúpaí le chéile is téighir ag caint leis na polaiteoirí i dTeach Laighean mar shampla. Bí i dteangmháil i gcónaí leis an bpobal is meall iad isteach sanobair go h-áitiúil.

I gceanntracha náisiúntóirí bí ag faire is ná tabhair cead don RUC clár chuairteanna a eagrú sna scoileanna. San tréimhse idir anois agus an Nollaig eagraigh dona h-éisteachtaí phoiblí atá á chuir le chéile ag an gCoimisiúin Patten a bhéas ar siúl i gceanntracha timpeall na sé chontae.

Deir an Choimisúin Patten go mbeidh éisteachtaí á eagrú acu, ceann i ngach dena 26 Ceantair Dhúiche sna sé chontae. Is cosúil go mbeidh an chéad ceann ar siúl i mBéal Feirste ar an 4ú no 5ú lá de mhí na Samhna seo chugainn. Níl dátaí eile ar fáil go fóill. Nuair a bhéas cuirfear i gcló iad anseo san nuachtán. Bígí ag faire amach !


An Ginéaral Pinochet



It's a long way from the heartland
To Santiago Bay
Where the good doctor lies, with blood in his eyes
And the bullets read US of A

Cuireadh na líntí sin i gcuimhne domh an tseachtain seo nuair a gabhadh, in otharlann i Londan, Sasana, ar an Ginéaral Pinochet, iardheachtóir na Síle. Tá breis agus ceathrú céid imithe anois ó chuir Pinochet, le cabhair agus cúnamh na Stat Aontaithe, deireadh le ré daonlathach Salvador Allende, a bhí ina Uachtarán tofa ar Síle idir 1970 agus 1973. Maraíodh Allende, an Dochtúir Maith d'amhrán Christy Moore, i rith Coup Militigh in aghaidh an Chórais Sóisialaigh Daonlathaigh agus cuireadh tús le réimeas barbartha DINA, forsaí `slándála' an Uachtarán nua, in aghaidh an fhreasúra. Meastar gur maraíodh breis agus 3 000 duine i dtréimhse gearr ina dhiaidh an Coup, imtheorannaíodh na mílte saoránaigh, cuireadh na sluaite faoi ghlás i Staid Spoirt Santiago, agus lá ina dhiaidh lae, togadh daoine ó sin go dtí ionaid cheistiúchán, mar ar céasadh iad agus mar a maraíodh go leor acu.

Ar ndóigh, bhí cásanna a sheas amach ó na cásanna eile. Nuair a gabhadh ar dhochtúir Shasannach Shiela Cassidy, dhá bhliain ina dhiaidh gur tháinig Pinochet i gcumhacht, bhí agóid idirnáisiúnta. Caitliceach, a bhí ag obair le heagraíocht chabhrach a b'í an Chasaideach agus nuair a gortaíodh ar throdaire i ngluaiseacht Allende, d'iarr sagart uirthí leigheas a thabhairt dó. Nuair a fuarthas amach faoi sin, cuireadh faoi ghlás í agus gearradh téarma príosúntacha fada uirthi. Ach bhí a t-ádh lei gur mhair sí agus gur scaoileadh saor í nuair a chríochnaigh an tréimhse ba theannasaí. Ní raibh gach duine a gabhadh chomh ádhmhár sin. Maraíodh an t-amhránaí Victor Jarra in El Estadia, Santiago, gearradh na láimhe de sular caitheadh leis a shaol. Tagtaí ar corpanna, seachtain ina dhiaidh seachtaine, caite mar bhruascar i gcanail, ar na sráideanna, nó ar charn bruascair agus réimeas Pinochet ag fáil reidh leis an bhfreasúra. Meastar go bhfuil 1100 duine ar iarraidh fós ón tréimhse sin, daoine ar gabhadh orthu ag DINA ach nach bhfacathas arís riamh. Nuair a ceapadh Pinochet ina Sheanadóir i Mí Márta, i mbliana, le saoirse ó chúiseanna as cóireanna le linn a réimis, bhris troideanna amach i dTeach na Pairliminte, le feisirí ón pháirtí sóisialach ag taispeáint grianghrafanna de na daoine a maraíodh nó a d'imigh as radharc.

Níor stop Pinochet ag teorann na Síle féin ina dhíogras deireadh a chur le hiarsma fealsúnachta Allende. Maraíodh agus feallmharaíodh lucht tacaíocht Allende, idir taidhleoirí, iarGhinéarail an Airm, polaiteoirí, cléir, saoránaigh ó thíortha eile, an Spainn agus an Airgíntín ina measc agus fiú taidhleoir na Náisiún Aontaithe, Carmela Soria. Bhí DINA gnóthach sa tSíle féin, agus san Airgintín, agus níor stop an t-ár i Meiricea Theas. Mharaigh DINA `naimhde' Pinochet i gCathair Washington féin sna Stait Aontaithe. B'ionann ainm Pinochet agus diansmacht, agus mhair an stat sin, le cabhair agus tacaíocht - mar a dúirt an t-amhrán - ó na Stait Aontaithe.

Bhí Uncail Sam fite fuaite i gcónaí le deachtóirí Mheiricea Theas, agus má rinne Pinochet an slad, tugadh treoir agus tacaíocht dó i gcónaí ó cairde i Washington. Níl aon dabht ná nach mbeadh na Stait róshasta má chuirfear a seanchomhghuaillí faoi thriall nó tá go leor leor gurbh fhéidir leis an deachtóir a rá a chuirfeadh naire ar Mheiricea Thuaidh. Mar a dúirt ionadaí ón Roinn Stait, tráth, Pinochet is a sonofabitch... but he's our sonofabitch. Braitheann tódhchaí na deachtóra anois ar go leor leor cinniúintí idirnáisiúnta, ach má fanann an US of A dílis do Phinochet, mar a bhí sé dílis dó tráth, ag dunmharú `naimhde' (amhail Allende) an SAM, cé fios nach ligfí dó philleadh abhaile chun a bhlianta deireannaigh a chaitheadh i dtír ar chur sé imeagla air tráth le lámh chrua na deachtóireachta.


Ní lucht aonphoirt iad Ioslamaigh



Níor shíl mé riamh gur laoch mór é Salman Rushdie. Ba é ceann de na drochthorthaí a bhí ar an fatwa a foilsíodh ina choinne go ndearnadh ``naomh'' liobrálach de.

Ná bíodh amhras orainn faoi: bhí an fatwa sin gránna. D'eascair sé as meon truaillithe an reiligiúin bhunúsaíoch. Ní bhaineann sé leis an scéal go ndeachaigh Rushdie as a bhealach in The Satanic Verses le hIoslamaigh a mhaslú ar bhonn seicteach. Ní bhaineann sé leis an scéal ach an oiread go mbíonn craiceáltacht chomh mór céanna sa bhunúsaíochas Críostaí, Giúdach agus Hiondúch agus a bhíonn sa sár-Ioslamachas.

Baineann Rushdie le scata scríbhneoirí a dtugann an tIarthar ardghradam dóibh ó déanann siad buaileam sciath as cúl a thabhairt lena ndúchas. Is trúpaí ionsaithe iad ar son an impiriúlachais chultúir. Tá dlúthcheangal ag Rushdie go háirithe leis an stát Briotanach.

Chuir scéal fatwa Rushdie dlús le frith-Ioslamachas ar fud an Iarthair. Tá an ghráin shíoraí ar Ioslamachas forleathan i Sasana agus sa Fhrainc agus tá rud beag de ag sleamhnú isteach sa tír seo. Rud díobhálach é an frith-Ioslamachas, ar an dul céanna le frith-Chaitliceachas, frith-Phrotastúnachas nó seicteachas ar bith eile.

Bíonn an frith-Ioslamachas á chothú ag leibhéal idirnáisiúnta mar feictear do na cumhachtaí impiriúlacha gur bagairt dóibh na tíortha Ioslamacha. Fórsa polaitiúil frithbheartach é an tIoslamachas bunúsaíoch ach ní mór a thuiscint go ngabhann an-chuid daoine sa treo sin mar dhiúltú do luachanna an chaipitleachais, do chultúr an Iarthair agus do choilíniú a muintire. Ní hannamh go nglactar coiscéimeanna tosaigh na fuascailte faoi chruthanna aisteacha, i riocht reiligiúnach mar shampla.

Más ann don Ioslamachas bunúsaíoch tá ann freisin do threocht eile sa chreideamh sin, treocht nach bhfuil i bhfad ó dhiagacht na fuascailte sa Chríostaíocht. Féach, mar shampla, ar shaothar an diagaire Ioslamaigh, Farid Esack, san Afraic Theas. Rinne Esack cion fir sa ghleic in aghaidh apartheid. Chaith sé roinnt tréimhsí i bpríosún dá dheasca. Tá léamh aige siúd ar an gCóran a chuireann béim ar choinceapa mar an pobal (al-nais), daoir na cruinne (al-mustad'afun fi'l-ard), ceartas (quist) agus gleic (jihad).

Leanann scata d'Ioslamaigh radacacha san Aise teagasc Asghar Ali Engineer ó Fhoras an Léinn Ioslamaigh in Bombay na hIndia. Séanann sé siúd an cosc traidisiúnta ar chomhaontas le Críostaithe, Giúdaigh agus Hiondúigh. Bíonn an cosc ceart agus cuí, dar leis, nuair is lucht éagóir iad na neamhchreidmhigh ach deir sé gur ceart dul i ndlúthpháirtíocht leosan uile atá faoi leatrom nó curtha ar an imeall. Leathnaíonn sé an coinceap Córanach tawhid (aontas diaga) leis an gcine daonna ar fad a chuimsiú.

Glacann an scoláire Ali Shari'ata san Iaráin seasamh láidir in aghaidh na sochaí aicmí ar bhonn dhiagacht an Chórain. Eisean príomhsmaointeoir na gluaiseachta Mujahidin-I-Khalq sa tír sin.

Tá Esack, Ali Engineer, Shari'ati agus smaointeoirí Ioslamacha eile i ngleic ghéar lena gcomhchreidmhigh bhunúsaíocha. Dream forásach iad taobh istigh den Ioslamachas. Ní miste a choinneáil in intinn nach bhfuil an tIoslamachas céanna chomh haonchineálach agus a thugtar le fios uaireanta.

Colm de Faoite


Deontas £8,000 do ghrúpa dramaíocht



Fuair Compantas Amharclainne Aisling Ghear dea-sceal ar an mallaibh, go bhfuil Comhairle Cathrach Bheal Feirste sasta deontas 8, 000 a thabhairt den chompantas mar chuid den Sceim Deontas Ealaine.

Chuideoidh an t-airgead seo le fiontar is deanai Aisling Ghear a chur i gcrich. S'e sin, sceim oiliuna se mhi a thabharfaidh deis do dhaoine de gach aois traenail a fhail i scileanna amharclainne, idir an aisteoireacht fein agus agus scileanna teicniuil.

Staitseofar drama ceardlainne in aghaidh na miosa o Mhean Fomhar 1998 go dti Marta 1999. Beidh lucht amharclainne Bheal Feirste millte ag rogha leathain dramai, idir dramai ur Gaeilge, ms. drama nua-scrifa le Biddy Jennisken agus aistriuchain ar dramai Eorpach, ms. An Buirgleir Beasach le Dario Fo.

`Se dunghaois Aisling Ghear dramaiocht den scoth a chur ar fail de mhuintir Bheal Feirste, mean a sholathar do scribhneoiri nua agus cuidiu le hath-togail ne Gaeilge sa chathair seo Cois Cuain.

Obair shentasach Harold Pinter abhar na miosa seo, dramadoir Sasanach a thainig chun tosaigh sna seascaidi, ta clu ar a chuid oibre mar gheall ar a stil scribhneoireachta eagoitinne ata ar bheagan focal agus moran cumhacta.

Leireofar da drama gairid da chuid: Deoch an Dorais / One for the Road agus Balbhan/The Dumb Waiter, dramai a bhfuil greann, cealg agus misteir iontu. Staitseofar na dramai i gCulturlann McAdam O'Fiaich, 216 Bothar na bhFal, Deireadh Fomhar 22, 23, 24 agus 29, 30, 31 ar 8.30 gach oiche.

Beidh fearadh na failte roimh foghlaimeoiri Gaeilge agus daoine eile nach bhfuil fiu focal amhain acu. Le cuidiu leo taitneamh agus tuiscint a bhaint as na dramai beidh coras aistriuchain comhuaineach ar fail De Sathairn 24 agus De Sathairn 31.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland