Top Issue 1-2024

15 October 1998 Edition

Resize: A A A Print

Reigiunachas is Daonnlathais ar Iarraidh

Le Lucilita Bhreatnach
Cistí airgid structúrtha d'Eirinn atá mar ábhair chunspóide an t-seachtain seo. Ritheann na cunspóidí seo idir rialtas Bhaile Atha Cliath agus an Choimisinéir Réigiúnda sa Chomhphobal Eorpach agus easaontas taobh istigh san Chabinéid fhéin idir baill Fhianna Fáil agus na PDs.

Tá sé le tuiscint go bhfuil deacrachtaí ag an dTaoiseach Bertie Ahern leis a gcúlbhinseoirí agus go mbeidh na moltaí á chur ag cruinniú den choiste pháirliminnte go luath. Is léir go mbeidh baill áirithe mí-shocruithe le cibé moltaí a leanfar leo nuair a dhéanfas an rialtas an chinneadh taobh istigh de choicíse.

Deir an Teachta Dála Caoimhghín O Caoláin gurb é an phríomh argóint an méid airgid ar féidir a fháil ar son gach réigiúin agus gan a bheith ag déanamh deighilt idir an na h-éileamh tuaithe is cathrach.

Is é a dúirt Caoimhghín O Caoláin agus é ag labhairt i mBaile Atha Cliath ar an Luain seo chaite    : ``Mar pháirtí uile Eireannach tá muid an-mheabhrach go bhfuil bochtannas agus míbhuntáistí ag baint le gach uile réigiún san tuaisceart, desiceart, san oirthear agus san iarthar. Caithfidh gach polasaí a bhaineann leis an rialtas agus an Chomhphobal Eorpach bheith dírithe ar laghdú a dhéanamh ar an mbochtannas agus an maoiniú a ath-dháileadh taobh istigh dena réigiúin agus idir na réigiúin.''

Más buan mo chuimhne tá sé atá ráite againn i gcónaí gur chóir don Chomhphobal Eorpach agus rialtas Bhaile Atha Cliath bheith ag déanamh argóintí gur cóir breathnú ar Eirinn mar aonad amháin atá deighilte i réigiúin nádúrtha, áit a chaithfear tógaint a dhéanamh ar an infra-structúr i gceanntracha chathrach is tuaithe.

Is cosúil go bhfuil plé á dhéanamh ar phlean réigiúnda a mholann an Iarthar, na Condaethe i lár na tíre agus gar don teorann. Tá Teachtaí Dála ó Chúige Laighean, Cúige Mumhan agus dáilcheantair chathrach buartha go bhfágfar na ceanntracha seo as an bplean is as na príomh-mholtaí atá á chuir chun cinn i láthair na huaire.

Státseirbhísí san Roinn Airgid a smaoinigh ar an bplean chun iarracht a dhéanamh cinntiú nach stopfaidh an Chiste Airgid seo faoin bhliain 2006. Deirtear gurb é de bharr dul chun cinn eacnamaíochta san 26 chondae nach féidir an méid céanna airgid a fháil ón gCiste i mbliana.

Is é an plean atá á chócaireacht ag na státseirbhísí deighilt a dhéanamh idir na réigiúin atá níos boichte leis an gciste airgid a mhaoliú ag an ráta ia airde atá ar fáil. Cuirfear iarratas isteach ar na ceanntracha seo leo fhéin mar argóint `Sprioc a 1' a ghnothú.

Siad a leanas, Tír Chonaill, Liatroim, Sligeach, An Chábhán, Muineacháin, An Mhí, Muigh-Eo, Gaillimh, Ros Camáin, Longfort, An t-Iarmhí, Laoise agus Condae Uí Fáille na trí dhéag Condaethe atá i gceist.

Deir an rialtas go bhfuileadar ag scrúdú bealaí leis an gciste aithraithe a ath-dhíriú i dtreo na ceanntracha eile san tréimhse seo ar aghaidh go dtí an bhliain 2006.

Agus é seo uilig ráite, tá Monica Wulf-Mathies taréis cur i gcoinne an tslí a bhfuil an rialtas ag tabhairt faoi na moltaí. Leag sí béim ar an ngá le structúir neamhspléach réigiúnda bheith bunaithe chun riarú a dhéanamh ar an gciste airgid.

Nach bhfuil a fhios ag cách nach bhfuil aon bhoird riarúcháin i gceist ag an bpoinnte seo. Tá sé ráite ag Sinn Féin le níos mó ná 20 bliain anois go bhfuil gá le dí-lárnú agus structúir daonnlathach bheith bunaithe ins na réigiúin. Gur cóir bealach a bheith ag na saoránnaigh sna ceanntracha sin a gcomhairle a thabhairt. Creideann muid ag deireadh an lae go gcaithfí tógáil a dhéanamh ar an dtionscnamh seo chomh oscailte is ar féidir, i modh oscailte, daonnlathach is gléineach.

Nuair nach bhfuil an Tionól Ur bunaithe sna sé chondae, nuair nach bhfuil Comhairle an tionóil fiú curtha i bhfeidm go fóill de bharr Aondachtóirí ag déanamh a tréan iarrachtaí cosc a chuir ar na h-ábhair a bhaineann le socrú Aoine an Chéasta a chuir i gcrích, meas sibh a bhfuil na rialacha céanna á ghearradh ag an gComhphobal Eorpach ar rialtas Shasana ?


Tagann ECAT i dtír ar chruachás mhuintir Kosovo



Bhí díomá orthusan a shíl go scorfaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT/NATO) nuair a bheadh deireadh leis an gCogadh Fuar. Tá ECAT níos láidre agus níos gníomhaí anois ná riamh. Cheana féin tá mórán gach stát in oirthear na hEorpa (taobh amuigh den Rúis agus den an Iúgslaiv) ag réiteach le haghaidh bhallraíocht den eagraíocht. Is é an toradh air sin go bhfuil saibhreas Damer á charnadh ag díoltóirí arm ó tá iallach curtha ar fhórsaí na dtíortha sin iad féin a atharmáil go hiomlán le treallamh atá comhoiriúnach lena bhfuil ag ECAT.

Tá an Ungáir, mar shampla, ar tí dul isteach in ECAT agus tá costas mór á íoc ag muintir na tíre sin. B'éigean dóibh gach áis, gach dún agus gach píosa treallaimh a athrú nó a mhalartú. Cuireadh oiliúint as an nua ar gach saighdiúir. Athraíodh teanga oibríochta an airm go Béarla agus múineadh an teanga sin do na hoifigigh. Chuir an costas a ghabhann leis an bpróisias comhoiriúnaithe seo leis an gcruatan a bhaineann leis an ``diansmacht'' ar gheillagar na hUngáire mar réiteach do bhallraíocht AE. Ní haon ionadh é go bhfuil an caighdeán maireachtála tar éis titim sa tír sin.

Tá na Balcáin go háirithe bunúsach do straitéis ECAT. D'éirigh leo an tsean-Iúgslaiv a dhíbhunú agus raon tionchair na Gearmáine a dhaingniú i dtuaisceart na mBalcán. Tá siad ag iarraidh a bhfuil fágtha den Iúgslaiv a bhualadh tuilleadh agus smacht iomlán a fháil ar an leithinis. Is chuige sin gníomhaíocht ECAT i leith Kosovo.

Bheadh sé soineanta amach is amach a cheapadh go bhfuil leas Albánaigh Kosovo ina chloch mhór nó bheag ar phaidrín ECAT. Spreag siad Arm Fuascailte Kosovo le héirí amach in aghaidh na Seirbeach. Ansin sheas siad siar fad is a bualadh na trodairí úd agus a muintir go dona. Agus anois tagann siad i dtír ar scriosadh sráidbhailte Albánacha in Kosovo mar leithscéal le feachtas buamála a sheoladh ar an tSeirbia.

Meabhraíonn sé dúinn mar ar gheall na cumhachtaí Iartharacha stát saor dá gcuid féin do na Cordastánaigh i dtuaisceart na hIaráine ag deireadh Chogadh na Muarascaile nuair a bhí stáisiúin raidió na Meiriceánach ag tathaint orthu éirí amach. D'éirigh na Cordastánaigh amach ach níor glacadh céim ar bith riamh le féinrialtas a thabhairt dóibh. Go deimhin leanann an Tuirc, ballstát de chuid ECAT, le cogaíocht chinedhíothaíoch a imirt ar na Cordastánaigh chéanna. Agus níl aon duine ag moladh go mbuamálfaí Iostanbúl.

Tá sé ráite go soiléir ag na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh nach bhfuil sé i gceist acu ligint d'Albánaigh Kosovo iad féin a cheangal leis an Albáin. Clár gnó eile ar fad atá acu.

Is beag glór a chloistear i mórmheáin iarthar na hEorpa ag ceistiú iompar thiarnaí cogaidh ECAT. Tá deamhnú neaschiníoch déanta ar na Seirbigh le tamall de bhlianta. Cloisfear, fiú i meáin na hÉireann, tagairtí do ``an comhphobal náisiúnta'' agus gan i gceist ach cumhachtaí míleata an Iarthair.

Tá cuid mhór de mheon an nua-impiriúlachais léirithe sa leabhar The Clash of Civilisations leis an Ollamh Samuel Huntington (Simon & Schuster, Nua-Eabhrac, 1996). Is é an cuspóir a chuireann Huntington (as Harvard) chun tosaigh ``a third Euro-American phase of Western affluence.'' Níl idirnáisiúnachas ná daonúlacht ansin. Agus is é a thugann Huntington ar ECAT ``the security organisation of Western civilisation.''

Is ar mhaithe le gustalacht an Iarthair (nó aicme thiarnais an Iarthair, le bheith níos cruinne) a gcaithfear buamáil a dhéanamh ar ``neamhdhaoine'' agus ``neamhthíortha'' ó thráth go chéile. An aon iontas é go gcreidtear go forleathan sa domhan gur barbair iad na hIartharaigh?

Colm de Faoite


Aisling Ghéar


Is leabhar léannta é seo, Aisling Ghéar le Breandán Ó Buachalla, faoi thréimhse na Stíobhartach agus an coibhneas idir a slíocht agus aos léinn na hÉireann (i dteannta le tagairtí d'fhilí agus filíocht na hAlban ar an abhar céanna). B'iad na Stíobhartaigh ná SÉamus II, Séamus III agus Searlas Ó, nó Bonny Prince Charlie lenar chríochnaigh an aisling. Is leabhar staire é, ar ndóigh, ach stair á chuartú tríd foinsí liteartha nó is féidir glacadh, in easpa leabhair staire na laethanta sin, gurbh é saothar na bhfilí ná barúil an phobail a bhreac síos - bíodh sé sin dóchasach, éadóchasach, ceann faoi nó cathréimeach i rith na tréimhse.

Tá trí chuid den leabhar. Sa chéad rannóg, scrúdaíonn an tÚdar ceisteanna `Coróin na hÉireann'. Taispeánann sé fianaise nach raibh an tuiscint céanna ar `coróin' nó `rí' in Éireann ó thús ama; mar shampla déantaí rí Connachta a cheapadh tríd an slat agus an leathbhróg a bhronnadh air agus gan aon tagairt do choróin. Ach ó thús an 17ú aois, bhí an friotal polaitiúil ag teacht isteach sna dánta, Éire ag iarraidh fear a shlánú, `rí' a aimsiú leis an tír a bhriseadh ó chuing Shasana. Fuarthas an slánaitheoir sin i bpearsa Séamus VII, Caitliceach, Rí Alban a ceapadh ina Rí dlisteanach ar Éirinn, Sasana agus Alban mar Séamus II. Dibríodh é as an ríchathaoir, tháinig Uilliam Oráistigh i dtír, throid siad don choróin agus mar a deir siad, the rest is history.

Léiríonn Ó Buachalla, áfach, an slí a lean lucht leanúna na Seacaibíteach an Aisling Ghéar, iad ag creidstean i gceart Diaga an Rí; iad dílis le breis agus caoga bliain do shíl Shéamuis, a mhac Séamus Óg, agus sa deireadh do Shearlas Óg, an Gile Mear. Bhéadh sé deacair dúinn, poblachtánaigh, frithmhonarcaigh na haoise seo a ghlacadh le furmhór na dtuairimí agus smaointe a bhí, tráth, ag ceannairí polaitiúla na tíre seo, agus na filí - spindoctors na tréimhse - ach chreid siad san aisling go pointe bás. Crochadh go leor acu, chaill go leor eile a saolta ag troid ar son na Seacaibíteach agus briseadh ar spiorad agus mheanma go leor leor eile ag seifteanna agus chomhcheilgeanna na gcumhachtaí ar mhór-roinn na hEorapa, ag tacú leis an Seacaibítigh, ag séanadh tacaíochta uathu agus ag athrú dílseachta de réir mar a d'athraigh an meá polaitiúil. Bí ag caint anois faoi NATO!

Mar leabhar staire tá buntáiste áititheach ag an leabhar seo, nó tá sé lán de dhánta agus d'fhilíochta. Bhí filí na hÉireann - nó a bhfórmhór díobh - ina Seacaibítigh, agus baineann Ó Buachalla úsáid fhláithiúil as saothar na bhfilí is cáiliúla in Éirinn agus in Alban mar fhianaise dá thaighde. De bhrí sin, beidh feidhm sa leabhar seo ní amháin mar théacsleabhar do mhicléinn lítríocht na hÉireann nó lucht an Léinn Ceiltigh ach chomh maith le sin do léitheoirí a bhfuil spéis acu i stair na hÉireann féin. Ní saothar túr, trom teibí é seo, ach inseacht scéil, maisithe le blúiríní filíochta, amhránaíochta agus tuairiscí comhaimseartha i módh an-spéisiúil.

Má tá gearán amháin agam leis an leabhar `sé rogha na bhfocal atá ann in áiteanna. Scríobhadh é mar thionscnamh do dhaoine léannta agus ní thuigim, de bhrí sin, go mbeadh focail mar `maicseam' (maxim?) nó prapaganda (propaganda?) nó seisteam (system?) ann nuair atá focail Ghaeilge ann dóbhtha cheanna féin. Ní chuideodh focail mar iad le lucht leitheoireachta níos leathna a mhealladh chuig an leabhar agus ní shuíonn focail mar iad go compórdach leis an abhar eile sa leabhar, dar liom.

Ba chóir go mbeadh treoir éigin ann do léirmheas leabhar, a theorannann líon áirithe focal de réir le méid an leabhair. Bhéadh a leithéid de riail ina a chabhair anmhór nuair a bronnfaí leabhar cuimsítheach, tiúbh ar léirmheastóir a thuigfeadh nach féidir, go dairíre, cóir ná ceart a dhéanamh do leabhar mar an leabhar seo i spás ceithre nó cúig chéad d'fhocal. Déanta na firínne, bhí brionglóidí uafásacha, tromluí míthrocaireacha agam mar gheall ar an leabhar seo `Aisling Ghéar', agus mé ag smaoineadh nach mbeadh am agam an diabhal rud a chríochnú nó mo chuid smaointe ina thaobh a athchoimriú chomh ghéar sin a d'fhóirfeadh sé d'alt An Phoblacht. Ach b'fhiú á léamh, agus mólaim é.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland