Top Issue 1-2024

8 October 1998 Edition

Resize: A A A Print

Milliún síniú ó éireannaigh á lorg ag Amnesty idirnáisiúnta

Le Lucilita Bhreatnach

Beidh féile chaoga á chomóradh I mbliana. Is é an 10ú lá de Mhí na Nollag seo chugainn an sprioc lá.

Tá Amnesty Idirnáisiúnta tar éis feachtas nua a bhunú agus é mar aidhm acu an deis a thabhairt do mhilliúin Eireannach síniú ar son chearta an duine. Tá sé mar chuspóir ag Amnesty Idirnáisiúnta (A.I.) féachaint chuige go mbí domhan ``saor ó eagla agus ón ngannchuid'' a bhaint amach, mar atá scríofa sa bhFógra Domhanda um Chearta Daonna.

Is é a dúirt ionadaí de chuid Amnesty Idirnáisiúnta: ``Teastaíonn uainn an milliún síniú a bheith le bailiú in Eirinn a chur leis na 60 milliún eile a thiocfas ó gach páirt den domhain. Bronnfar na sínithe sin ar Rúnaí Ghinireálta na Náisiún Aontaithe, Kofi Annan, ag Ard Chruinniú mór I bPáras, Mí na Nollag so chugainn, an 50ú Comóradh ar an bhFógra''.

Cultúr de chearta daonna atá de dhíth sa tír seo, mar is eol do chách, in ionad chultúr d'ansmacht agus geilleagrach, nó cultúr bunaithe ar mheas ar cheart shaoirse an duine. Tá sé seo chomh tábhachtach anois is a bhí riamh ag an bpointe seo de phróiséas na siochána agus bunú choimisiúin um chearta daonna I gceist sa chonradh a siníodh Aoine an Cheasta sna sé chondae, agus sna fiche sé chondae.

Le níos mo na 37 mbliana de thaithí, is feasach don eagras seo go n-oibríonn cumhacht an phobail. Is é sin an fáth go bhfuil Amnesty Idirnáisiúnta ag cur brú náisiúnta ar an bpobal chun an cus póir sin a bhaint amach.

Milliún cártaí atá á n-ullmhú agus dáileofar iad ar fud na tíre. Conas ar féidir iad a fhail? Cuir chun cinn iad in áiteacha ar nós ionad siopaí, áiteacha oibre agus ag séipéil. Cúig sheachtain de thréan fheachtas on 19ú Dheireadh Fómhair go dtí an 21ú lá de mhí na Samhna a bheas I gceist.

Deir Amnesty Idirnáisiúnta go bhfuil cabhair de dhíth orthu agus, ár ndóigh, airgead leis an obair thábhachtach seo a chur I gcrích. Teastaíonn uathu go dtógfadh daoine na cártaí is go ndéanfaidis iad a dháileadh i measc an phobail ina gceanntracha féin, ina láthair oibre, I measc na gcarad, in ionadaí spóirt is scíthe.

Is é a deir Amnesty Idirnáisiúnta in Eirinn: ``Agus an Omaigh fos go gléineach inár gcroí, is caoineadh mná is páistí I Kosovo inár gcluas nach é seo an t-am ceart, le freagra cumhachtach a thabhairt ar son chearta an duine?''. Ar ndóigh teachtaireacht láidir do rialtaisí agus a bhórsaí a cheileann cearta a bheas ann freisin.

A léitheoir, a phoblachtánaigh, a ghníomhaí polaitiúil, scéim is smaoineamh maith é seo ar féidir a úsáid ar abháir eile freisin, ar nós feachtas an RUC a scoir, abh a bhaineann leis an gcothromas agus ceisteanna cultúrtha phobal na sé chondae agus 26 chondae.

Le roinnt de na seanmhodhanna fós á úsáid, in éindíle modhanna nua, chun coinsias an phobail a mhúscailt, is a thabhairt linn, is féidir an sampla seo a úsáid chun cúrsaí a chuir chun cinn. Ní thogann sé an méid sin oibre ná samhlaíocht ach chur chuige. An sean leis an nua.

Is féidir dul I dteangmháil le A.I. ag Dept. DM 23, Fleet St., Freepost, Baile átha Cliath 2. Tel. (O1) 6776361.

Agus cuimhnígí: ta Amnesty idirnáisiúnta ar an téad linn sa bhfeachtas seo.


An féidir tiarnas nua Bheirlín a mhaolú?



Cheana féin tá an staraí Norman Davies tar éis ``Poblacht na Réine'' a ghairm ar an stát Gearmánach a raibh Bonn mar phríomhchathair aige ó 1949 anall. Táthar ag ceapadh go mbeidh ``Poblacht Bheirlín'' mar theideal ar an gcaibidil de stair na Gearmáine atá díreach romhainn ó beidh an réimeas úr sa sean-phríomhchathair ar dhul nua ar fad. Bhí sé i gceist go mbogfadh rialtas na Gearmáine soir i nDeireadh Fómhair 1999 ach anois tá an Sainsiléir Tofa, Gerhard Schroder, ag caint ar dhul i mbun oibre ansin chomh luath le mí Aibreáin.

Cheap Albert Speer agus é ina Generalbeinspector faoi choimirce Hitler mórphlean le Beirlín a fhorbairt mar phríomhchathair na hEorpa. Bhí sé i gceist, dála an scéil, go dtabharfaí Germania ar an gcomhchathair nua. Ní raibh deis ag Speer an plean a chur i gcrích ach cuireadh tús leis agus tá go leor dá rian le feiceáil ar Bheirlín an lae inniu agus ar na seifteanna forbartha atá idir lámha ansin anois.

Ní drochrud amach is amach é sin ó ba phleanálaí cathrach den scoth é Speer. Is trua nár chloigh sé leis an ailtireacht agus leis an bpleanáil chathrach. Mar sin féin beidh daoine atá céasta le hintinní salacha ag breathnú go hamhrasach ar aiséirí Bheirlín.

Cheana féin is í an Ghearmáin an stát ceannasach san Aontas Eorpach agus le seoladh an airgeadra aonair beidh smacht ag an Bundesbank ar iarthar na hEorpa, smacht a sháróidh uaillmhian na Naitsithe. Ní luaitear go minic na laethanta seo gurbh iad siúd a bhí chun tosaigh tráth i gcur chun cinn aontas polaitiúil agus airgeadaíoch na hEorpa. I samhradh na bliana 1940 cheap an Reichsbank pleananna le go mbeadh an Reichsmark ina hairgeadra aonair ar fud na hEorpa. Níor éirigh leis an Reichsbank ag an am ach tá a chomharba, an Bundesbank, ar tí é sin, a bheag nó a mhór, a bhaint amach.

Ag an am céanna tá Drang nach Osten nua faoi lánseol. Ní colúin den SS atá ag mairseáil soir ach lucht sínithe seicleabhar. Is iad na Gearmánaigh is mó atá ag ceannach gnólachtaí príobháidithe ar fud oirthear na hEorpa ar phraghsanna sladmhargaidh. Slad an focal ceart! Is féidir tionchar comhlachtaí Gearmánacha a fheiceáil ar fud na háite i bpoblachtaí Mhuir Bhailt, sa Pholainn, sa Phoblacht Sheiceach agus sna Balcáin.

Is ceart cuid mhór den mhilleán faoin chogaíocht agus faoin scrios sna Balcáin a leagadh ar an stát Gearmánach. Ba iad siúd a chothaigh agus a spreag díbhunú na hIúgslaive. Ní ar mhaithe le pobail neamh-Sheirbeacha an réigiúin a rinneadh amhlaidh ach ar mhaithe le réim thionchair na Gearmáine a neartú i dtuaisceart na mBalcán amach anseo, má bhíonn a mbealach ag tiarnaí cogaidh Bheirlín, beidh saighdiúirí Gearmánacha le feiceáil níos minice sna Balcáin agus i dtíortha eile thar lear.

Scéal duairc é seo do dhaoine in oirthear na hEorpa agus sna Balcáin ach is é an t-ábhar dóchais is mó an borradh faoin daonlathas agus faoin sóisialachas i measc mhuintir na Gearmáine féin mar a léirigh an t-olltoghchán ó chianaibh. Páirtí daonshóisialach ó cheart é an SDP in ainneoin cheannasaíocht an tapadóra Schroder, agus tá na Glasaigh níos faide fós ar clé ar mhórchuid ceisteanna. Cuir leis sin an tacaíocht mhór a fuair an PDS a thuill 35 suíochán dóibh sa Bundestag agus an chaoi a bhfuil an páirtí sin ag leathnú isteach san iarthar.

Ach an mbeidh an borradh seo in ann an próisias láidir i dtreo thiarnas na Gearmáine ar an Eoraip a mhaolú? Feicfimid. San idirlinn, ólaimis gloine nó dó d'fhíon blasta na Réine in ómós dóibh siúd a chuir an ruaig ar Helmut Kohl.

Colm de Faoite


Tobar Fianaise don Ghaeilge



Leirmheas Leabhair



I dtreo Deilbhcháipéise d'Acht Teanga Éireannach
Eagarthóir, Daithí Mac Cárthaigh
I measc na gcainteoirí ag Slógadh Shinn Féin i gCluain Eois i mbliana, bhí Daithí Mac Cárthaigh, díograiseoir teangan, iriseoir, ceannaire mac léinn, abhcóide agus anois, údar. Oíche Aoine, ina dhiaidh dá léacht (in einneacht le Tomas Mac Ruairí, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Caoimhghín Ó Caoláin, TD), chruinnigh an Garmanach le lucht an tSlógaidh i mbeár Ostán Creighton do sheoladh leabhar filíochta le Colette Nic Aodha. Bhí leabhar tábhachtach nuafhoilsithe eile ar díol ag an tSlógadh an oíche céanna: `I dtreo Deilbhcháipéise d'Acht Teanga Éireannach' leabhar a raibh Mac Cárthaigh ina eagarthóir air agus leabhar ina bhfaighfidh idir argóintí agus firicí a thacóidh le cás agus cúis an Acht Teangan.

`Séard atá sa leabhar ná bailiúchán d'altanna a raibh baint ag an údar lena bhfoilsiú thar na blianta, blianta a chaith sé ag scrúdú cumas an dhátheangachais in Éirinn, ag cur polasaithe chun chinn a chuidigh le stadas na Gaeilge (b'éisean, níos mó ná aon duine eile a bhuaigh polasaí dhátheangach do Chomhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) agus bhí baint aige le eagraíochtaí éagsúla mar Teacht Aniar agus Conradh na Gaeilge i rith na nochaidí. Tuigeann sé, mar sin, an córas agus a lagaíochtaí inmheánacha.

Tá sraith altanna cuimsitheacha sa leabhar. Mar thus, leagtar síos creatlach ina bhfuil an teanga suite in Éirinn i láthair na huaire. Niamh Nic Suibhne, LL.M, a scríobhann faoi `Stádas Dlíthiúil na Gaeilge in Éirinn faoi láthair'. Ar ndóigh tá buncheart ag an Ghaeilge faoi Alt 8 den bhunreacht a deir, i measc rudaí eile:

1.    Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

Scrúdaíonn an Suibhneach caidé mar a sheasann an buncheart sin le cleachtadh an dlí agus tuairiscíonn go bhfuil breithiúnais áirithe leagtha síos a chosnaíonn cearta an duine ar mhaith leis a chuid gnó a dhéanamh trí Gaeilge - ach nach sásaíonn an stát na ceart sin ar bhonn phraicticiúil, laethúil.

Is féidir comparáid a dhéanamh ansin le cearta na Fraincise i gCeanada i dtrí alt éagsúil, dhá alt a scrúdaíonn stádas na Fraincise agus lucht labhartha na Fraincise i Quebec agus alt leis an eagarthóir féin a déanann iniúchadh ar Reachtaíocht Teanga Cheanada, mar `Méar Eolais d'Éirinn.' Ag a léacht don tSlógadh mhinigh an tUasal Mac Cárthaigh go mbaineann sé féidhm as ceist na Fraincise i gCeanada mar shampla ar an dóigh gur féidir le cearta teangan a scríobh isteach sna dlíthe - cé nach raibh sé féin ag moladh ná ag tabhairt maithiúnais don Fhraincis ná an Béarla as an léirscrios cultúrtha a rinneadh le trí chéad bliain, ar chearta teanga agus cultúir an phobail dúchasaigh Mheiricea Thuaidh. Ach mar shampla phraicticiúil de thír ina bhfuil cearta dhá theanga faoi choimirce bunreachta, is fiú dúinn cuimhniú ar an `méar eolais' a sholathraítear i leabhar Mhic Chárthaigh.

Ar ndóigh tá tír níos cóngaraigh ná an Ceanada dúinn ina bhfuil céachtanna le foghlaim dúinn. Thug An Tiarna Gwilym Prys Davies, as an Bhreatain Bheag, léacht do chomhdháil a d'éagraigh Mac Cárthaigh i gColáiste na Trionóide i 1995 i rith an Oireachtais agus tá aistriúchán de curtha ar fáil anois sa leabhar seo faoi theideal `An Bhreatnais agus an Reachtaíocht', agus a scrúdaíonn stádas na Breatnaise ó 1536 ar aghaidh. Amhail na haltanna faoin Fhraincis i Quebec, tá an bunleagan den alt seo sa leabhar chomh maith leis an aistriúchan Gaeilge.

Níl aon amhras ná go mbeidh tábhacht ar leith leis an leabhar seo sna laethanta romhainn. Nach fearrda don Ghaeilge go mbeidh cara sa chúirt aici, `sé sin Daithí Mac Cárthaigh, amach anseo.

Cheanna féin tá an díospóireacht tosnaithe faoi Bhille Chearta, agus má tá na h-éilimh le comhurraim agus cearta do náisiúntóirí le sásamh ó thuaidh beidh ár n-ionadaithe tófa (agus lucht eagraithe feachtas i dtacaíocht na n-éileamh sin) ag iarraidh argóintí agus ag brath ar mionstaidéar cosúil leis na hargóintí agus fianaise atá le fáil sa leabhar seo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland