Top Issue 1-2024

24 September 1998 Edition

Resize: A A A Print

Plé Ceart á iarraidh ar Choimisiúin Chearta an Duine



le Lucilita Bhreatnach

Tá sé anois 30 bliana ó thosaigh an streachailt do chearta sibhialta ag árdú ceisteanna idirdhealú san Sé Chontae.

On am sin i leith tá an dóthain ráite, scríofa, taighde déanta, cásanna cúirte agus institiúidí cruthaithe san mhaorlathais. Ach fós tá an idirdhealú ann i ngnéitheanna éagsúla de saol na ndaoine. Fós, níleamar taréis comhionannas a bhaint amach. Ní féidir socrú buan pholaitiúil a bhaint amach gan an chirt agus cothromas bheith mar an bhunchloch.

Is cearta bunúsacha iad. Is cearta daonna iad. Is cearta daonnthacha iad.

Sé an phríomh ábhair a thagann amach ón socrú Aoine an Chéasta an gá le h-athrú. Seo hé an t-am lena bhaint amach.

De réir an socrú a síníodh Aoine an Chéasta i mbliana i mBéal Feirste, caithfear Coimisiún um Chearta an Duine a bhunú sna Sé Chontae agus sna Sé Chontae Fichead (lch. a 20 den gconradh).

Chun go n-éireoidh lena leithéidí tá géarghá láithreach bonn le díospóireacht bhíogadh agus go forleathan. Deir an Chomhairle um Chearta an Duine (CCD) go mba chóir chloí leis an treoir atá tugtha ag na Náisiúin Aontuithe agus institiúidí náisiúnta a bhunú.

Is é a chreideann an C.C.D. nár chóir an Coimisiún a bheith ar aon dul leis an gceann atá le bunú sa tuaisceart. Ach ní féidir sin a bhaint amach gan díospóireacht bhríomhar.

Creideann an C.C.D. go bhféadfaidh Coimisiún éifeachtach forum a sholáthair do dhaoine le gearáin a dhéanamh agus cabhrú le daoine cásanna dlí a ullmhú.

I 1993, ag an dTionóil Ghinireálta de na N.A. glacadh le treoir do na Coimisiúin ar fud an domhain a chosnaíonn cearta an duine. Tugtar na `Prionsabail Paris'' ar na treoir seo. Dheimhnigh an Chomhdháil Domhanda a tháinig le chéile i Vín sa mbliain 1993 na prionsabail seo. Bhreac an Chomhdháil a tháinig le chéile i mBeijing sa mbliain 1995 na sonraí a bhaineann le cearta na mban. D'iarr an Chomhdháil ar gach stát Coimisiúin a bhunú. Ghlac an rialtas i mBaile Atha Cliaith leis na moltaí a socraíodh ag an dá Chomhdháil agus níos luaithe i mbliana mholadar rún ag an gCoimisiún sna Náisiúin Aontaithe ag glaoch ar gach stát atá ina bhall na h-institiúidí seo a chruthú.

Céard iad na cumhachtaí dá bhrí sin ar chóir a bheadh ag na Coimisiúin nua ?

Cé go bhfuil luach íseal ar na Prionsabail Paris, socraíodh go mbeadh na h-institiúidí nua saor agus neamhspleách is iad gan a bheith beag beann ar rialtas ar bith. Moltar dúinn gach cumhacht a scrúdú go mionn, na dlíthe uilig a athbhreithniú, agus cuid ar leith a thabhairt ar shárú na ndlíthe céanna.

Ba chóir go bhféadfaí teacht ar fhinnéithe agus cáipéisí a lorg trí shubpoena chun go mbeadh caoi ar an obair is í a thabhairt go héifeachtach chun críche. Tá dréacht dlí curtha ar fáil ag rialtas na Breataine ach tá sin an-lag. Measann Sinn Féin go mba chóir do na comhairlí éagsúla a oibríonn ar son cothromas bheith sáite go léir le chéile istigh san Choimisúin amháin seo.

Bhrú muid an gá le Roinn an Chomhionannais a bhunú i gcaitheamh na comhráití i Stormont agus déantar tagairt do seo i socrú Aoine an Chéasta. Tá tábhacht criticiúil ag baint leis an gceist seo mar threoir soiléir leis na h-athruithe a chaithfear a bhaint amach.

Ach is cosúil go bhfuil leasuithe curtha ar aghaidh sa phairlimint i Westminster agus déanfar iad sin a phlé a luaithe is a thiocfas na teachtaí le chéile arís an mhí seo chugainn.

Maidir leis an rialtas i mB.A.C., tá dualgas air reachtaíocht a chur chun cinn freisin an mhí seo chugainn agus ní mór don gCoimisiúin a bheith bunaithe faoin am sin.

Tá an C.C.D. ag impí ar an rialtas i mB.A.C. na moltaí do Choimisiún um Chearta Daonna a fhoilsiú agus tús a chur leis an bpróiséis trí chomhairle leis an bpobal go poiblí.

Beidh a thuilleadh eolais faoi na cúrsaí seo ar fáil ó Michael Farrell agus Siobhán Ní Chúlacháin, Cathaoirligh. Tá teacht ar an gComhairle le Cearta an Duine ach dul i dteangmháil leo in a oifig, in uimhir a 14, Sráid an Státchiste, B.A.C., 2 (Teil: (01) 6779813; Faics: (01) 6779311, EMail: [email protected].

Agus anois ar aghaidh leis an díospóireacht !


Féiniúlacht tacair chomh caol le tráithnín



Le tamall de bhlianta anuas tá urlabhraithe de chuid na nOráisteach ag baint leas as béarlagair fuascaltach, ``cearta,'' ``féinchinniúint,'' ``cultúr,'' agus mar sin de. Ceileann an bhéalstánacht sin an seicteachas lom a nochtadh i bpóstaer taobh amuigh de Stormont a raibh griangraf de sa nuachtán seo an tseachtain seo caite. Níor chuir an póstaer sin fiacail ann lena mhana ``A Protestant Parliament for a Protestant People.'' Sin meon an fhorlámhais agus na heisíochta.

Ní ceart dearmad a dhéanamh gur dílseacht choinníollach í ``dílseacht'' na ndílseoirí. Mar a dúirt ball den DUP, George Graham, tráth: ``My loyalty is to the British Throne being Protestant [coinníoll bhreise ansin!]. I have no loyalty to any Westminster government.'' Sáraíonn an dílseacht don idé-eolaíocht Oráisteach gach dílseacht eile. Ba bhreá leo filleadh ar na laethanta nuair a mhaígh Sior James Craig: ``I have always said I am an Orangeman first and a politician and a member of this parliament afterwards ... All I boast is that we are a Protestant parliament and a Protestant state.''

Le tamall anuas tá dornán beag d'aontachtaithe meánaicmeacha a bhfuil náire orthu faoi ghairge an tseicteachais ag caint ar aontachtachas ``cathartha.'' Ní miste sin mar b'ionann scarúint leis an seicteachas agus bás don aontachachas. Tuigeann Ian Paisley agus eite dheis an UUP é sin. Sa mhéid sin tá siad níos réadúla ná na ``nua-aoisithe.''

Gan an seicteachas chreimfí na ballaí idir Caitlicigh agus Protastúnaigh. Bheadh aontachtaithe ann go ceann i bhfad, daoine a dteastódh uathu an Ríocht Aontaithe a choinneáil ann ar chúiseanna polaitiúla, aicme nó cua, ach ba mhiolach iad (sna Sé Chontae féin) a bheadh ag dul i laghad le himeacht ama. Agus d'fhuasclófaí ár gcomhshaoránaigh sna pobail ``Phrotastúnacha'' ó smacht an Oráisteachais.

Níl aon difríocht oibiachtúil shocheolaíoch idir Caitlicigh agus Protastúnaigh san oirthuaisceart. A luaithe is a múchtar deighilt shaorga an Oráisteachais cuirfear tús le próisias comhshamhlaithe. Is é sin is ábhar le halt, ``The North: a conundrum of identity'' le Jack Bennett san imleabhar New Perspectives on Ireland: Colonialism and Identity (eag. Daltún O Ceallaigh; Léirmheas, Bosca O.P. 3278, Baile Atha Cliath 6; £7).

Is de dhlúth agus d'inneach an phobail Phrotastúnaigh é Bennett. Bhí a athair ina bhall den RUC agus chaith sé na blianta ina iriseoir leis na Belfast Telegraph nuair nach raibh oiread agus Caitliceach amháin ar an bhfoireann iriseoireachta.

Tagraíonn sé don chaoi a bhfuil an saol ó thuaidh scriosta ag an seicteachas agus deir sé: ``It must be observed that the predominating and causative factor in this sectarian scene is the problem of Orange-Unionist-Loyalism which has, to some extent among sections of the population, hijacked the consciousness of being Protestant (although by no means everywhere or entirely), and which could be described as political Protestantism.''

Tá teipthe ar an Oráisteachas féiniúlacht tacair a chruthú in ainneoin iarrachtaí cuid de na dílseoirí a thabhairt le fios nach Éireannaigh iad go fírinneach. Faoi mar a léiríonn Bennett ní raibh an leagan amach sin riamh ag an traidisiún leathan aontachtaíoch. Go deimhin ní bhíodh teacht ar an meon nár fhíor-Éireannaigh iad na Protastúnaigh ach i measc lucht an náisiúnachais Chaitlicigh Ibeirnigh.

Scrúdaigh an Dr Anthony Buckley, antraipeolaí, na difríochtaí idir Chaitlicigh agus Protastúnaigh an oirthuaiscirt i bpáipéar a léigh sé don British Association. Ba é a chonclúid: ``There are no distinctly Protestant or Catholic dialects, nor agricultural practices or pottery techniques, nor styles for cooking. Family life is much the same on both sides as indeed is the broader social morality. In general, then we may say not that there exists a Catholic and a Protestant culture in Ireland, but rather that there are cultural differences which coincide with both regional and class distinctions.''

Colm de Faoite


Cosnaíonn rialacha...



Nuair a sceith an Oifig Thuaisceart Éireann an nuacht an tseachtain seo chuaigh thart go raibh siad ina dhiaidh suim mhór airgid a íocadh do phríosúnaigh phoblachtanacha mar chúiteamh ar an scrios a rinne bardaigh ar sheilbh na gcimí, chuir Peter Robinson a dhushlán síos, ag maíomh gur `scáfar agus scanallach' an mhéad sin cúiteamh a thabhairt do `scéimhlitheoirí' ina dhiaidh don OTÉ cuid a' bheagan a thabhairt do Michelle Williamson, iníon tuismitheoirí a maraíodh i mbuama ar Bhóthar na Seanchille cúig bhliana ó shin.

Ina dhiaidh tréimhse macnaimh, tháinig an OTÉ ar fhigiúir de timpeall £2000 a dheonadh dí, suim airgid a d'íocfadh as costaisí socraide amháin. Níl aon amhras ná gur beag an suim airgid an £2000 sin, agus léiríonn sé an meon fuar a rialaíonn próiséas an OTÉ agus iad ag scrúdú riocht `íobartaigh' na coimhlinte thar 30 bliana. Ach éiríonn ceist as gníomh Peter Robinson: cé acu is measa, an beagan sin a thabhairt do chlann íobartach nó buntáiste polaitiúil a bhaint as sa dóigh a's atá Robinson ag feidhmiú.

Níl aon dabht ná gur chruachroíoch toradh an OTÉ i gcás Michelle Williamson. Cinneann siad ar fhigiúir, bunaithe ar choinníollacha teoiriciúla, agus bunaithe ar `chostaisí'. sa dóigh sin, seachnaíonn siad torthaí míchothroma, agus tá clann spleách ar thuismitheoirí, nó oibritheoir spleách ar chumhacht a lámh i dteideal do mhéad airithe má cailltear athair, máthair nó géag. Tuigeann Robinson an teoiríc sin, agus bí cinnte go dtabharfadh sé `tacaíocht' don teoiric dá mbeadh íobartach náisiúnach thíos le toradh an phróiséis.

Ach sin ráite, is cúis scannail é nuair a tairgítear méid beag bideach d'airgead do chlann nó ghaol ina dhiaidh a gcuid fulangtha, agus ina dhiaidh tréimhse fhada feithimh ar thoradh nó ar chás cúirte. Ach ní dhéanann dhá dhrochghníomh dea-ghníomh. Ba chóir go mbeadh módh níos fláithiúla, agus níos daonna in amannta mar sin, ba chuma aontachtóir, náisiúnach, nó eile atá i gceist. Ba cheart go mbeadh náire ar Robinson ráiteas a éisiúnt ar dhroim fhulangtha na mná seo, ná ar dhroim daoine eile mar í chun pointí polaitiúla a bhuachaint. Ba chuíthe dó bheith ag ceistniú córas a ligeann dá bhardacha scrios a dhéanamh ar sheilbh phearsanta príosúnach, nó ag deireadh an lae `sé an t-íocaitheoir cánach a dhíolann as vandalachas na mbardach, agus an scrios a rinne siad ina dhiaidh don Tollan a aimsiú. In ionad do Robinson agus an DUP bheith ag cáineadh cúitimh de £76 000 (idir 200 cime) nárbh fhearr i bhfad dó bheith ag fiafraí cad chuige gur lig Údarais an Phríosúin cead a gcinn do na bardaigh agus an scrios seo a dhéanamh.

Tharla damáiste mar seo go minic roimhe seo. Bhí seachtainí ina dhiaidh an Ealó Móir i 1983 nuair a ghabh na bardaigh sa champa smacht ar an phríosún agus chloígh siad na rialacha ar fad, ag stopadh cuairteanna, ag goideadh lámhchéardanna na gcimí, ag scriosadh ábhar pearsanta, agus ag stiúradh na carcrach de réir lena dtoil féin. Blianta ina dhiaidh sin, deonadh íocaíochtaí cúitimh ar príosúnaigh éagsúla as ucht a ngortaithe, agus mar gheall ar drochíde ag lámha na mbardach. Arís eile, nuair a bhí cuardacha ar súil sna blianta san idirlinn, nó nuair a bhí na bardaigh ar `stailc' nó `obair go mall' nó a leithéid, nó nuair a bhí siad ag cur an chórais `leabhar dearg' i bhfeidhm, chonacathas go raibh cead a gcinn acu arís, rinne siad damáiste de short éagsúla ag brath ar na coinníollacha, agus arís... bhí ar an OTÉ aisíocaíocht a dhéanamh ina dhiaidh. Ní raibh na breithimh `fláithiúil', ach thuig siad nach raibh aon rogha acu: nuair a bhí na bardaigh ag sarú na rialacha, bhí ar an córas cúiteamh a íoc.

Sna míonna seo chugainn, nuair atá todhchaí na mbardach á phlé, beidh polaiteoirí ar an taobh aontachtóireacht in iomaíocht lena gcéile chun cruthú gurb iadsan an lucht tacaíocht is fearr atá ag na bardaigh. Beidh an macasamhal de scéal ag baint leis an RUC. Agus beidh siad ag insint dúinn go bhfuil athrú anois ar íomha an dhá dhorsa. Ach ní athraíonn an liopard a spota: níor fhoghlam na bardaigh (nó an RUC) as na céadta cásanna a togadh ina aghaidh thar na blianta. Sílean siad gur riail ann féin atá iontu. Ba chóir do Robinson bhreathnú ar an £76 000 mar chéacht, costasach, agus an muineadh scéil a fhoghlam. Níor athraigh siad agus ní féidir iad a athrú. Níl ach slí amháin gur féidir an cheist seo a reiteach agus sin deireadh a chur leo mar eagraíocht. Mar íocaitheoir cánach, b'fhéidir, lá éigin, go n-aontódh Peter (the Punt) gurbh airgead caite go ciallmhar a bheadh ann sin.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland