Top Issue 1-2024

10 September 1998 Edition

Resize: A A A Print

Slógadh - An 25ú & 26ú - Bígi Ann

Cén deiradh seachtaine eile a eagraíonn Sinn Féin sa bhliain ina bhfuil meascán de cheoil, chanadh, phlé ar chúrsaí reatha, céilí, léachtanna, bia agus deoch, léamh dánta agus turas stairiúil an cheantair ar fáil, ach amháin an Slógadh bliantiúil a eagraíonn Roinn an Chultúir.

Costas £50.00 a ghearrfar ort don lóistín is bricfeasta, is príomh bhéile amháin in Ostán Creighton, Cluain Eois, Co. Mhuineacháin.

Labhair An Phoblacht le Micheál Mac Giolla Gunna, cinnire na Roinne, a dúirt: ``Is maith an seans é le seo bualadh le Gaeilgeoirí eile i gcomhthéacs sóisialta mar atá a fhios ag achan duine a d'fhreastal ar an Slógadh sna blianta a chuaigh thart agus a bhain sult mór as. Ach tá tábhacht eile leis, mar léiríonn sé go poiblí go bhfuil Sinn Féin lán dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge. Iarraim ar gach poblachtóir a bhfuil Gaeilge aige nó aici tacú leis an obair seo. Bainfidh sibh sibh sult mór as, fosta!''

Beidh clárú ag tosú ar a 5.30pm Dé hAoine an 25ú de mhí Mheán an Fhómhair. ``Sé `Bille Cearta do Ghaeilge ó dheas' an chéad díospóireacht atá le tosú ag a 7.30pm. Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge agus Daithí Mac Cárthaigh (eagraitheoir leabhair ar Acht don Teanga Eireannaí) a bheas mar aoí chainteoirí. Beidh an Teachta Dála Caoimhghín O Caoláin, ag labhairt ar son an pháirtí. Is An Phoblacht ag caint leis inniu, is é a dúirt Caoimhghín: ``Fáiltíom go mór roimh an gcinneadh a rinne Roinn an Chultúir an Slógadh a eagrú i gCluain Eois i mbliana. Tá an chomhluadar Gaelach/Poblachtach ón Chontae anseo ag súil go mór le bheith páirteach in ócáid a bheas taitneamhach is buach. Beidh mise i láthair, is beidh mé ag mealladh daoine eile buaileadh isteach thar dheireadh na seachtaine''. Beidh an Teachta Dála ag oscailt an Slógadh go h-oifigiúil ag a 10.00am maidin Dé Sathairn.

Díospóireachtaí spreagúla atá geallta, iad ag tosú ar an 10.30 maidin Sathairn go dtí am lóin, nuair a phléfear téamaí de chuid 1798, Eirí Amach i Loch Garmán, Mná `98 agus Breandán Mac Suibhne (léachtóir Ollscoil Baile Atha Cliath) agus Gordon McCoy (Iontabhas Ulaidh) ag tabhairt a dtuairmí ar ``Cad a d'easaontaigh Protasúnaigh agus Caitlicigh ó 1798 ar aghaidh''. Am sosa nó aiclíochta a bheas ar siúl sa tráthnóna. Braitheann sé ort fhéin, ach ba chóir duit freastal ar an turas, camchuairt ar an láithreáin stairiúla a bhaineann le 1798 san cheantar.

In ndiaidh an bholg a líonadh le bia úr blasta bíonn gach éinne ullamh don bplé deiridh ar an ``Ga le h-athrú polaitiúil bunúsach ó thuaidh'' le Gearóid O hEára, iriseoir is feisire ó pháirtí pholaitiúil 26 chontaethe, bronnfaidh Mícheál Mac Giolla Gunna (Cinnire na Roinne) Gradam na poblachta, a dhearaíonn Clíodhna Cussen, ar an té a bhfuil sé i ndán dó é a fháil i mbliana.

Beir leat do bhróga damhsa, nó bain díot do bhróga, don gCéili Mór atá le tosú ag a 9.00 is a leanfas go meanoíche nó go teacht na síog! Bígí ann!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland