Top Issue 1-2024

27 August 1998 Edition

Resize: A A A Print

Ná lig do na bodysnatchers teacht i dtír ar uafás na hOmaí

Cothrom an lae inniu, ar 27 Lúnasa 1789, foilsíodh an Forógra um Chearta an Duine agus an tSaoránaigh a d'fhógair agus a d'éiligh, inter alia, saoirse an duine ó phríosúnacht ar togradh. Bíodh is go dtugtar béalghrá don fhorógra sin ar fud an domhain anois, 210 bliana níos déanaí, tá bonn an-íogair i gcónaí faoi na cearta sibhialta a dheimhníonn sé. Tá rialtas Éireannach an tseachtain seo ag maíomh as beartas draganta dlí a chúngóidh cearta an uile shaoránaigh má ghlactar leis. Agus bail orthu tá siad ag maíomh as!

Mura mbeadh i gceist ach prionsabal na saoirse pearsanta bheadh dualgas ar gach daonlathaí cur in aghaidh a bhfuil ag léimt amach as cófra seo Phandóra.

Ní ceart cur suas leis an díolúine bhunúsach seo ó Ghnás an Dlí is cuma cé orthu a bhfuil an beartas dírithe. Fiú dá mbeadh an reachtaíocht dírithe ar Aine Ní Chonaill bheadh sé fós mícheart.

Pé ar bith is í ár gciall cheannaithe mar chine daonna go mbaintear leas i gcónaí as dlíthe comhéigin ar scála níos mó agus níos leithne ná mar a ghealltar tráth a reachtaithe. Bíonn sé de dhlúth agus d'inneach i gconstáblachtaí polaitiúla i ngach tír teorainneacha reachtaíocht éigeandála a bhrú amach chomh mór agus is féidir leo. Agus níl breithiúna ná lucht riaracháin an stáit Éireannaigh chomh saor sin ó thruailliú - an truailliú intinne atá i bhfad níos measa ná truailliú an chlúdaigh dhoinn - nach ligfidis dá leithéid tarlú.

Ná déanaimis dearmad ar fhianaise an diagaire Martin Niemoller: gabhadh na Cumannaigh agus níor dúirt sé dada ó níor Chumannach é; d'ionsaigh siad na Giúdaigh agus níor bhog sé lámh ó níor Ghiúdach é; chuir Hitler in aghaidh na gCaitliceach agus lig sé air féin nach bhfaca sé dada ó níor Chaitliceach é; ansin gníomhaíodh in aghaidh na gceardchumann agus ó nár bhall de cheardchumann é bhraith sé nár bhain an scéal leis. ``Then,'' a dúirt Niemoller, ``Hitler attacked me and the Protestant church - and there was nobody left to be concerned.''

Tá an dream atá taobh thiar den reachtaíocht neasfhaisisteach seo ag breith ar an bhfaill an smachtstát a dhaingniú. Tá siad ag teacht i dtír ar an rabharta feirge a leanann ár na hOmaí. Agus ná bíodh amhras ar aon duine faoi, is fearg chóir an fhearg sin.

Ba ghránna mar a pléascadh fir, mná gus gasúir an tráthnóna Sathairn úd agus ba ghránna freisin mar a rinne gach frithbheartach sna meáin iarracht leas a bhaint as a mbás agus a mbriseadh agus tráma a muintire. Bí ag caint ar bodysnatchers! Ní bheifeá ag súil lena mhalairt ó stábla William Martin Murphy-Tony O'Reilly ach nár dheas mar a thit aghaidhfhidil an liobrálachais ón Irish Times!

Ba thruamhéileach an scéal é mar a chlis rialtas Bhaile Atha Cliath. Cuid den deacracht nach bhfuil mórán polaitíochta - ná spéis inti - ag Bertie Ahern. Mar bharr ar an donas cailleann sé an bloc go héasca. Beidh náire fós ar bhaill den rialtas seo gur ghéill siad do histéire, fiú má bhí an histéire sin ginte as fearg cheartbhunaithe.

Amach anseo tabharfar creidiúint do na daoine a bhí in ann breith ar a gciall i dtráth an rachta.

Tá an tseancheist le cur faoi uafás na hOmaí: Cui bono? Cé a bhaineann tairbhe as? Tá an faicsean a bhí taobh thiar de tar éis comhshaol a chruthú a réitíonn an bealach do mhúchadh cearta sibhialta do chách. I ngan fhios dóibh féin tá siad tar éis misneach a thabhairt dóibhsean a chuir Rónán Mac Lochlainn chun báis go míthrócaireach agus go mídhleathach.

Seo an t-am do dhaonlathaithe cur le chéile le nach maolófar cearta sibhialta a thuilleadh. Agus mholfainn do liobrálaithe faiteacha smaoineamh ar a ndúirt James Baldwin i litir oscailte chuig Angela Davis: ``If they take you in the morning they will be coming for us that night.''

Colm de Faoite


Bolgam Mínádúrtha



Faoi dheireadh thiar thall tá an Roinn Chomhshaol chun rud éigin a dhéanamh faoi lipeadú bia géin-athraithe agus beidh, feasta, reachtaíocht ann chun cosaint a thabhairt do thomhaltóirí ionas go dtuigeann siad cad é atá siad ag ithe. Beidh feabhsú i ndán chomh maith don chóras measúnachta do chontúirt ó ábhar géin-athraithe má ghlactar le moltaí na Roinne i léirmheas a foilsíodh níos luaithe an tseachtain seo. Tá an Roinn ag déanamh léirmhis fórleathain ar pholasaí a bhaineas le innealtóireacht géiniteach.

Ach má tá próiséas comhairliú poiblí a bheith ann, níl Éire ar an chéad tír lena a leithéid de chóras nó cheanna féin tá próiseas mar é ag obair sa Fhrainc agus sa Ostair.

`Seo an chéad léirmheas ar pholasaí den chineal seo agus táthar ag súil go mbeidh sé i bhfábhar lipeadú. In einneacht le sin, beidh próiséas comhairle poiblí: iarracht na Roinne barúil na ndaoine a athrú ar cheisteanna bia géin-athraithe.

Tá rialacha an Aontais Eorpaigh ar thoradh géin-athraithe le leasú níos moille i mbliana agus tá Rialtas Bhaile Atha Cliath ag tacú le héilimh anois go mbeidh lipeadú iomlán, sóiléir i bhfeidhm. D'admhaigh Noel Dempsey, an tAire Comhshaol, go bhfuil daoine, an pobal i gcoitinne, buartha faoi bhia nár fhás go nadúrtha. ``Tá imní bunúsach ann nach leor é an córas lipeadú mar atá'' arsa sé. ``Níl aon eolas cruinn nó sóiléir ar lipeadaí i láthair na huaire a dheirfeadh go bhfuil, nó nach bhfuil an bia lán de thoradh géin-athraithe. Tá sé de cheart ag daoine an t-eolas sin a bheith acu.''

Níl aon amhras ná go bhfuil imní agus fearg ag fás ar fud na tíre faoi athraithe géiniteacha ar bhia. Cuimhníonn daoine toradh na nósanna cumtha le beithí a bheathú agus a ramhraigh le ceimicí agus le bia mínádúrtha as a d'fhas BSE agus galair eile. Le blianta beaga anuas bíonn feirmeacha ina bhfuil comhlachtaí móra ag déanamh triallacha anseo in Éirinn agus thall i Sasana, á n-ionsaí ag grúpaí atá buartha faoi thoradh na dtriallacha amach anseo. B'é Monsanto an chomhlacht ba mhó cáil - nó drochcháil - as ucht a thriallacha sa tír seo ach de réir tuairisc san Irish Times tá breis agus 170 comhlachtaí, idir dúchasacha agus iolnáisiúnta, ag leanúint bealach Mhonsanto anois.

De réir Dempsey, níl aon `díospóireacht sóiléir' ann ach an oiread fá dtaobh bith-theicneolaíocht, agus meastar go mbeidh fás de 3 milliúin i gceist i líon postanna an tionscail áirithe seo sa Chomhphobal roimh an bhliain 2005.

Ach cé go bhfuil an tuairisc ag moladh lipeadú sóiléire, níl an tuairisc féin ag teacht amach in aghaidh géin-athraithe. De réir leis an Aire Dempsey tá freasúra láidir d'abhar géin-athraithe i measc an phobail. Admhaíonn sé go bhfuil imní an phobail `deabhunaithe' i gcásanna áirithe, ach go n-éiríonn imní i gcásanna eile as easpa tuisceana ar na próiséis ríalacha agus an réimse reáchtaíochta smachtúla atá ann cheanna féin. Le suim de £300 billiúin i gceist do gheilleagar an Chomhphobail, is léir nach bhfuil Rialtas chun aon rud a dhéanamh a rachadh in éadán na gcomhlachtaí móra. Dála an scéal, is é an mhalairt ar fad a tharlódh nó is dóichí an Roinn ag tacú le taighde ar bhith-theicneolaíocht ná ag cur sriain air. Ina dhiaidh na lipeadaithe, agus rialacha nua a ordóidh `rianú' d'abhar a chuideoidh le monatóireacht ar `éifeachtaí' an bhiad athraithe, níl aon phlean ag aon rialtas in Eoraip stop a chur leis an tionscail. Ciallann sé sin go mbeidh saghas cosaint ag daoine in aghaidh príomhthoradh athraithe, le lipeadú `sóiléir' ar abhar athraithe. Ach is beag seans go mbeidh lipeadú d'ath-toradh.Le fás agus leathnú amach nósanna bia `scioptha' amhail pizza, mar shampla (ina bhfuil taos trátaí, agus meastar go bhfuil an chuid is mó de thaos thrátaí `géin-athraithe') caidé mar a beidh a fhios agat cé chruthaigh nó caidé mar a cruthaíodh an ghreim biad ido bhéal?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland