Top Issue 1-2024

13 August 1998 Edition

Resize: A A A Print

Cuidíonn carbhán Críostaí le Cúba

In ainneoin an diansaol atá á bhfulaingt ag muintir Chúba ó thús na ``Ré Speisialta i dTráth Síochána'' tá méadú déanta sa tír sin ar an gcaiteachas ar shláinte, oideachas agus ar an gcóras leasa sóisialta. Is é 75 bliana an t-ionchas saoil i gCúba, is é 26 daltaí meánmhéid rang scoile agus tá pinsean seanaoise ar fáil ag cách. Cuireann fíricí mar sin Cúba chun tosaigh i measc tíortha atá i mbéal forbartha.

Mar sin féin fágann an trádbhac Meiriceánach go bhfuil ganntanas an-mhór ann maidir le trealamh míochaine, breosla agus tráchtearraí de agus nach bhfuil an éagsúlacht is fearr bia ann.

Ba mhór an fháilte a cuireadh in Habana roimh charbhán cairdeasa ó na Stáit Aontaithe a d'eagraigh Pastors for Peace (comhaontas de lucht eaglasta) an mhí seo caite. Bhí triúr Éireannach, Michael O'Riordan, Bernie Dwyer agus Jessica O'Riordan i measc lucht tionlacain an charbháin.

Chuir an coiste tacaíochta in Éirinn (atá faoi choimirce tréadaithe Caitliceacha agus Protastúnacha) síntiús £1,500 ar aghaidh roimh ré ach ghabh na húdaráis Mheiriceánacha an t-airgead thall tríd an chóras bainc. Go dtí seo níl aon chosúlacht ann go bhfuil sé i gceist acu é a thabhairt ar ais. Ní hé seo an chéad phíosa chúnamh ón tír seo go Cúba. Tá ábhar a bailíodh in Éirinn in úsáid i Scoil Eliso Noel Coamano in Mantazes agus in Policlinico Carlos Verduga sa mbaile céanna.

Ba é a bhí sa charbhán a shroich Cúba ar 23 Iúil 200 tona de chúnamh ar a raibh dhá otharcharr, cúig bhus, dhá leabharlann taistil, dhá vean, trucall, ríomhairí agus luach $1m de chóir leighis, trealamh míochaine agus ámhábhar antaibheathach, inneallra leictreacardagraif agus lasta de ghairis análaithe do dhaoine a mbíonn asma orthu.

Nuair a bhí an carbhán ag fágáil Texas (le dul isteach go Meicsiceo ar a bhealach go Cúba) d'éiligh na húdaráis liosta d'ainmneacha, seoltaí agus uimhreacha slándála sóisialta na Caravanistas. Dúirt urlabhraí ó Pastors for Peace: ``We contemplated giving them a list of those we know are with us: Jesus Christ, Malcolm X, Mahatma Gandhi, Jose Martí, Che Guevara, Dorothy Day, Martin Luther King and others.'' Faoi mar a tharla níor tugadh liosta ar bith.

In eachtra eile dúirt feidhmeannaigh Mheiriceánacha leo nach mbeidis in ann dul ar aghaidh mar nach raibh córas nua ríomhaireachta lucht custaim na Meicsiceach i bhfearas fós agus go mbeadh orthu fanacht air sin. Bréag a bhí ansin ó bhí na Meicsicigh in ann a dheimhniú go raibh an córas nua i bhfeidhm cheana féin agus nach raibh aon deacracht leis, agus pé ar bith, nach raibh sé i gceist acu scrúdú a dhéanamh ar an lasta os rud é go raibh sé faoi bhealach go Cúba. Dála an scéil, d'oibrigh foireann de dhugairí Meicsiceacha go deonach leis an lasta iomlán a chur ar bord loinge in Tampico.

Le déanaí d'fhoilsigh an New York Times ``faoistin'' le Luis Posada Carriles inar thug sé siúd cuntas ar an gcaoi inar mhaoinigh an Cuban American National Foundation sraith de ghníomhartha saibitéireachta in aghaidh Cúba ó leagadh eitleán paisnéireachta go talamh i 1977 go pléascáin a chur in óstáin anuraidh. Thug an fhondúireacht chéanna síneadh láimhe, dála an scéil, d'fheachtas toghcháin an Uachtaráin Clinton i 1996.

Ach sa deireadh thiar thall is é an trádbhac an tsaibitéireacht is measa atáthar á imirt ar Chúba. Bíonn ar mhórán gach uile Chúbánach a bheith páirteach sa mhargadh dubh i ngeall ar an nganntanas. Bíonn caighdeán i bhfad níos airde acusan a mbíonn teacht acu ar dhollair, go dleathach nó go mídhleathach. Cruthaíonn sé sin teannas sóisialta a chreimeann an dlúthpháirtíocht shóisialach más go mall féin é. Tá an Maifia ag suí go te ag dúil le lá a bhfillte ar an oileán. Is iad is mó atá ag gríosadh Washington le cloí leis an trádbhac.

Colm de Faoite


Rabhadh don Gharda


Tá rabhadh tugtha don Gharda go mbeidh an Coiste Eorpach in aghaidh Céasta agus Córa Mídhaonna ag teacht ar chuairt go hÉireann agus go mbeidh spéis ag baill an choiste iniúchadh a dhéanamh ar choinníollacha in Éirinn do dhídeanaithe agus do dhaoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo. Tá cúig bhliain imithe thart ón uair dheireannach a thug an Coiste airithe seo cuairt ar Éirinn, agus bíonn cumhachtaí ag an choiste scrúdú a dhéanamh ar an chaoi a choinníonn tíortha cimí agus príosúnaigh, idir gnathphríosúnaigh, cimí polaitiúla agus anois, dídeanaithe.

Bunaíodh an Coiste i 1987, faoi Choinbhinsiúin Eorpach in aghaidh Céasta agus Córa Mídhaonna, agus cé go bhfuil cumhachtaí acu cuairt a thabhairt aon uair ar mhaith leo, de ghnáth insíonn siad do rialtais coicís nó trí sheachtain roimh ré.

Nuair a foilsíodh tuairisc an Choiste ina dhiaidh a chuairte i 1993, cáineadh go trom ar choinníollacha gábhála i staisiúin Gharda agus i bpríosúin Éireannacha. Dúirt an tuairisc, leis, go raibh príosúnaigh agus daoine a bhí faoi cheist ag na Gardaí in Éirinn `i mbaol nach beag drochíde agus céasta' i staisiúin áirithe. Mar chruthúnas ar seo, d'fhoilsigh an Coiste liosta de ghléasanna, airm agus uirlisí a fuarthas i rith a iniúchtha i staisiún i mBaile Átha Cliath, airm nár dháileadh caighdeánach oifigiúil iad. Thuairiscigh an Coiste fianaise leighis gur imríodh drochíde ar phríosúnaigh, chomh maith.

De réir le meamram a scaipeadh le déanaí do staisiúin éagsúla, comhairlíonn ceannairí an Gharda go bhfuil cead ag an Choiste seo cuairt a thabhairt ar staisiúin, príosúin nó ionaid inimirce, ag aon am nó dáta ar mhaith leo agus tuigeann an Garda go dtiocfaidh an Coiste ar chuairt lá éigin roimh deireadh na bliana seo.

Beidh spéis ag baill an coiste cuairt a thabhairt ar ionad ceistiúcháin ar ndearnadh gearáin ina n-aghaidh cúig bhliain ó shoin chun fáil amach an bhfuil aon athrú ar an scéal, agus tá imní ar na Gardaí go dtabharfaidh siad cuairt ar staisiúin ina hbfuil taifead de ghearáin sna blianta ó shin. Beidh siad ag tabhairt cuairte, is cinnte, ar ionaid dídeanathe mar gheall ar mhéadú ar tarraing na ndídeanaithe ar an tír seo le cupla bliana anuas.

I dtairisc san Irish Times níos luaithe an tseachtain seo, dúradh go raibh meamram an Gharda den tuairim `go bhfuil an grúpa seo ag súil go mbeidh an Garda Síochána ag cosaint cearta daonna, agus ag cinntiú go mbíonn gach cime ag fáil na cúirtéise, dínite, measa agus córa' atá tuillte acu. Tá go leor leor daoine a mbeadh iontas orthu an tuairim sin a chluinsint, nó is minice na Gardaí ag sarú ar chearta daoine ná á gcosaint.

I 993, cháin an Coiste na coinníollacha a bhí i réim i bPríosún Moinseoighe, nó bhí na húdaráis ag baint feidhme as seomraí san ionad fáilte, ag an am sin, mar áit inar choinnigh siad príosúnaigh. Bhí níos lú ná 600 príosúnach faoi ghlás sa seancharcair i 1993, ach ó shin tá breis agus 700 ann i gcónaí. Cúig bhliain ó shin bhí na seomraí in úsáid mar ionad chun príosúnaigh a choinneáill `thar oíche'; cúig bhliain ar aghaidh tá an nós seo, nós a bhí `doghlactha' ag an Choiste ar a chuairt deireannach, mar pholasaí. I láthair na huair bíonn suas le 30 príosúnach ina gcodladh ar thochtanna, ar urlair na seomraí fáilte gach oíche i Moinsoighe. Tá go leor le déanamh fós chun clár cearta daonna na tíre seo a thabhairt isteach san 21ú aois.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland