Top Issue 1-2024

2 July 1998 Edition

Resize: A A A Print

Corn an Domhain: na póilíní abú!

Nuair nach mbíonn foireann Éireannach sa chomórtas tacaím le hAlbain (nó leis an mBreatain Bheag nuair is ann dóibh). Seasann ár gcomhshaoránaigh ar Bhóthar na Seanchille leis na hAlbanaigh freisin. Bhí An Phoblacht taobh thiar de Iamáice ó thús agus féach céard a tharla dóibhsean! Bhí tacaíocht mhór ag an Rómáin ar Bhóthar na bhFál. Tháinig brí as cuimse i bhfoireann na hAirgintíne nuair a chuala siad go raibh muintir Bhéal Easa ag seasamh leo guallainn ar ghuallainn.

Ar fhaitíos go gceapfadh mic léinn PhD ó California (a bhíonn linn i gcónaí, ar nós na mbochtán) go léiríonn sé sin scoilteanna doimhne i measc mhuintir na hÉireann ní miste a rá go mbímid ar fad aontaithe, ón mBaile Meánach go Cill Orglain, ó Bhaile Munna go Taobh an Bhogaigh, nuair a bhíonn Sasana san imirt. Sa chás sin taobhaímid d'aon ghuth leis na póilíní.

Ní peaca an tsinsir ná coiriúlacht ar son na coiriúlachta atá taobh thiar d'amhsóireacht na scabhaitéirí Sasanacha aimsir Chorn an Domhain. Tá fréamhacha a n-iompair le haithint i gcultúr polaitiúil a dtíre. Daoine iad a tógadh le linn réimeas Margaret Thatcher agus a shúigh isteach iontu féin seáivineachas, jingeochas agus seineafóibe na linne sin.

Is iad tablóidí Canary Wharf a lón anama i gcónaí. Tá ``Gotcha!,'' ``Up yours, Froggie!,'' agus ``Kick the Wogs off the pitch'' agus míle píosa deisbhéalaíochta eile greanta ar a gcuimhne acu. Tá siad múnlaithe freisin ag an gciníochas atá i smior na gcnámh ag an sochaí Shasanacha go háirithe i raon an spóirt.

Creidim, dála an scéil go bhfuil tionchar chun donais ag sacar Shasana ar an gciníochas i gceantar Bhaile Atha Cliath agus, b'fhéidir, in áiteanna eile in Éirinn. Gach deireadh seachtaine téann na sluaite daoine ón gceannchathair chuig cluichí i Sasana agus glacann cuid acu an meon ciníoch a bhíonn in uachtar ag na cluichí chucu féin. Le bheith cothrom do lucht leanúna an chluiche thall tá cuid acu ag tabhairt aghaidh ar fhadhb an chiníochais. Tá obair mhór déanta ag clubanna leantóirí Manchester United agus Leeds, mar shampla, ach is snámh in aghaidh easa é.

Maidir le Corn an Domhain de ábhar spéise é an míniú a thugann an t-iaraire agus buachaill báire Tóraíoch, Alan Clark, ar iompar na scabhaitéirí Sasanacha. Dúirt an feisire do thoghlach Kensington agus Chelsea (Londain 4, más mian leat) go raibh na caismirtí in Marseille ar aon dul le turnaimintí na Meánaoise. Munar leor an tseafóid sin rinne sé maíomh as ``martial spirit'' na mbodach. Ní fhéadfá é a thabhairt orthu a bheith fiáin ó, dar le Clark ``the level of prejudice which exists against English people is just so widespread that they dont stand a chance. If you are English you are targeted ... `` Meas tú cén fáth sin?

Ar aon nós, cé a bhí ina sprioc nuair a maraíodh 38 daoine i Staid Heysel sa Bhruiséil i 1985? Agus cé ba chúis le cealú an chluiche úd i bPáirc Lansdúin i 1995?

Sampla maith é den chaoi a eagraítear an amhsóireacht an eachtra dheireanach sin. Eagraíocht fhaisisteach a thugann Combat 18 orthu féin a rinne scrios an chluiche sin a phleanáil an uair sin. Tá Combat 18 ainmnithe in ómós do Adolf Hitler: A an chéad litir den aibítir agus H an t-ochtú ceann - uaidh sin an ``18.'' Bíonn Combat 18 agus dreamanna Sasanacha a ghnáthaíonn ócáidí i dteagmháil go pearsanta agus tríd an idirlíon le heagraíochtaí faisisteacha i dtíortha eile go háirithe sa Ghearmáin, san Isiltír agus sa Danmhairg.

Eagraítear gráscair den chineál a bhí in Marseille go pointeáilte agus ar bhonn neasmhíleata. Go deimhin bíonn go leor saighdiúirí Sasanacha páirteach iontu. Abhar mórtais dóibh an sobriquet a bhronn duine dá nginearáil orthu, ``the scum of the earth'' agus is breá leo é a chruthú chomh minic agus is féidir, faoi éide nó faoi dhathanna sacair. Sa deireadh thiar thall nach saineolaithe iad sa loitiméaracht.

Bíonn sé suimiúil na slite beatha a bhíonn ag scabhaitéirí eile nuair a nochtar iad - stiúrthóirí cuideachta, fir ghnó, lucht díolaíochta, oibrithe poist, agus thug mé faoi deara gur cúisíodh mangaire criadóireachta seanda an tseachtain seo caite. Ní lumpenproletariat iad seo ach daoine a bhfuil poist mhaithe agus fios a ngnó acu.

Agus ní dream beag suarach iad ach an oiread. Tá breis agus 400 acu ar liosta Chatagóir C (an dream is contúirtí) ag an aonad faisnéise atá ag déanamh monatóireacht orthu sa Bhreatain. Sa deireadh thiar thall ní modhanna póilínteachta a leigheasfaidh an galar ach athrú bunúsach ar chultúr polaitiúil Shasana.

Maidir le Corn an Domhain féin, Viva Argentina!

Colm de Faoite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland