Top Issue 1-2024

18 June 1998 Edition

Resize: A A A Print

Buckley ina Easpaig...

nach bhfuil aon teorainn lena dul chun chinn?



Ní bheadh iontas ar bith ar einne a bhí ag leanúint scéal cásta Pat Buckley le beagnach fiche bliana anuas leis an nuacht an tseachtain seo go bhfuil an sagart anois ina Easpag. Ceapadh Buckley ina Easpag i searmanas príobháideach i lár Mí Bealtaine nuair a chuaigh sé faoi lámha an Easpaig Micheal Cox. Cé go bhfuil Michael Cox ina easaontóir sa eaglais, tá sé de chumhacht aige easpaig a choisriciú de réir le rialacha na heaglaise féin agus de bhrí sin, tá Pat Buckley ina Easpag anois go hoifigiúil. Níl ach fadhb bheag amháin eile le socrú anois, nó de réir le húrlabhraí na heaglaise, chuir Buckley é féin agus Cox faoi choinnealbhá nuair a chuaigh siad fríd an searmanas. Ní raibh cead na Vaiticine acu ceapúchán dá leithéid a dhéanamh, agus má's sarú dlíthe na heaglaise atá i gceist, tá Pat Buckley amuigh anois.

Ardaíonn scéal Buckley mothúcháin éagsúla i ndaoine éagsúla. Níl aon dabht ná gur dealg i dtaobh na heaglaise catoiligh é le blianta fada, ón chéad uair a thit sé amach le Cathal Ó Dálaigh agus é fós i mBéal Feirste. Ní raibh an Dálach ar an chléir is fearr le go leor daoine agus b'fhéidir, mar gheall ar sin, go raibh bá ar fáil do dhuine mar Buckley i meon na ndaoine; ar an abhar gurb é namhaid mo namhad mo chara.

Ach má' a bhí, níor fhada go dtí gur phléasc aighneas na beirte ar altóir na poiblíochta agus thosaigh an sagart cantalach ag leanúint an easpaig ardnósaigh timpeall agus ag seasamh ar bhun na haltóra uair ar bith go raibh an tEaspag ag léamh aifrinn poiblí.

Bhain Ó Dálaigh cumhachta faoistine sagartóireachta de Bhuckley i 1987 nuair a dhiultaigh an sagart imeacht as teach a pharoiste nua i Latharna, ach faoin am seo bhí blás na poiblíochta aimsithe aige. Bhí tuairiscí le léamh faoin aighneas i nuachtáin mar an Sunday World nó a leithéid gach seachtain. Bhí sé sna chinnlínte arís nuair a stop sé robáil armtha i gclub i Latharna, agus nuair a thug sé fianaise i gcúirt. Cé nach raibh sé inghlactha go mbeadh an sagart ina bhrathadóir, rinne sé argóint ana-eifeachtach in aghaidh béalchraifeachta an Chliarlathais. `Molann siad do dhaoine eolas a sceitheamh leis an RUC ar a chomharsan' arsa sé `ach ní bhíonn siad féin sásta an obair shalach seo a dhéanamh.' Chruthaigh sé go raibh sé toilteanach an obair shalach a chríochnú agus is cinnte gur thit sé go talamh i dtuairim na ndaoine ón phointe sin amach.

Ach bhí taobh eile dá shaoil, an taobh spioradalta, ag buaireamh an Dálaigh fós. Ina theach i Lathrna (a choinnigh sé ina dhiaidh cáis cuirte eile a throid sé in aghaidh an Easpaig) bhunaigh Pat Buckley seirbhís bainise. Thosaigh sé ag eagrú searmanais phosta do dhaoine scartha, nó do dhaoine ó chreidimh éagsúla, nó do dhaoine gan creideamh críostaíoch. Agus níor stop sé ina theach féin. Thabharfadh sé beannacht do leanúin phosta taobh amuigh den teach dá mb'fhearr leo sin, agus deir sé féin gur bheannaigh sé postaí sna coillte, sna páirceanna, i gcumann oíche agus araile. Ach mar a bheifeá ag dual, bhí na bainisí seo ina gcnamh spairne idir Buckley agus an Dálach, nó idir Buckley agus an Eaglais Chatoileach. Dar leo, ní féidir le duine colscartha athphosadh. Dar le Pat, is féidir leo agus fagtar an focal deireannach le Dia faoi. Ó thosaigh sé an Mhinistreacht áirithe seo, tá 12 bhliana ó shin, tá na bainisí ag méadú i gcónaí agus deir sé go bhfuil liosta feithimh fada aige de dhaoine `gortaithe' ag an Chléir, de dhaoine colscartha a bhfuil grá aimsithe athuair acu le céilí nua, agus de shagairt posta nach bhfuil in ann saol sagartóireachta a mhaireachtáil mar gheall ar rialacha na heaglaise. Mar Dealbh na Saoirse, seasann Pat Buckley ag tabhairt fáilte rompu go léir, an duine tuirseach, an duine diultaithe, an duine briste. Ach mar a deirfeá, á mhóide an fómhar is beag an meitheal agus tá Pat ag lorg slite chun a chomhoibrithe a oirniú. Síleann sé gur ceart mná a cheapadh ina sagairt agus gur chóir go mbeadh sagairt phosta san eaglaise chun a mhinistreacht a leathnú amach ó Latharna, agus ón seipéal athdhéanta i gContae na Mí a cheannaigh duine dó le déanaí.

Nach tráthúil é, mar sin, gur sheol Easpag an Dúin agus Conóir, Dr. Patrick Walshe, litir leis an Buckley trí sheachtain ó shin ag tabhairt rabhaidh dó go raibh sé chun an Dlí Canónach a úsáid le deireadh a chur le hobair Buckley agus é a chur faoi choinnealbhá mura stopfadh sé an `scannal'. Tá sé tráthúil, nó ó oirníodh Buckley ina easpag, tá an cheist ina cheist idirnáisiúnta anois, agus beidh ar an Papa agus an Vaiticin dul i ngleic leis an Easpag feasta. Dála an scéil, deir an tEaspag cuthaileach nua nach bhfuil aon teorann lena dheoise, go bhfuil sé ar aon chéim leis an Phapa féin. Coimhead do cháipí n, a Phapa!

Bogann an Vaiticin go mall, de ghnath. Idir an dá linn beidh an tEaspag Buckley agus an tEaspag Cox ag comhlíonadh a ndualgaisí mar easpaig; bí ag fanacht ar sagairt mhná in Éirinn am éigin roimh deireadh 1999.

Cuireadh an cheist tráth faoi Thomas a' Beckett `Will no one rid me of this troublesome priest'. Tá Buckley ina dhiaidh sin a dhéanamh: ach ina áit sagart trioblóideach tá Easpag níos trioblóidí ann anois.


Ní haon mhaise é do CLG an Clúmhánach easpaig



Thíos sna duibheagáin faoi Bhosca na hArdchomhairle in Ardán Uí Ogáin i bPáirc an Chrócaigh tá scrín dá maireann de sheicteachas i gCumann Lúthchleas Gael. Is í an áit atá i gceist agam an buncaer ina n-ólann maithe agus móruaisle sláinte a chéile tráth na gcluichí móra.

Agus tú ag baint súimín as do chupa manglaim ansin feiceann tú thart timpeall ort na ballaí breac le grianghraif. Ní grianghraif de pheileadóirí cáiliúla nó iománaithe mór le rá iad, mar a bheadh cuí, ach íomhánna d'ardeaspaig agus cairdinéil, idir bheo agus mharbh.

Léiriú maith é ar thraidisiún áirithe i gCumann Lúthchleas Gael a cheanglaíonn an eagraíocht le ceannasaíocht aon eaglaise amháin.

Ba é lucht an traidisiúin sin a d'fhéach chuige ar feadh na mblianta go gcasfaí iomann áiféiseach sár-Shasanach ar aon ghradam leis an amhrán náisiúnta roimh chluichí ceannais. B'in ``Faith of Our Fathers'' leis an iar-Angla-Chaitliceach as Aireagal Brompton, Frederick William Faber (1814-1863). Ach ar mhaithe le náisiúnachas bréige rinneadh coilleadh ar an iomann agus fágadh amach an véarsa a thugann eithne agus brí don rosc:


``Faith of our fathers, Mary's prayers
Shall win our country back to thee;
And through the truth that comes from God
England shall indeed be free.''
Casadh an t-iomann sin cúpla bliain ó shin sa séipéal i bPálás Westminster nuair a glacadh Doris Karloff, Ann Widdecombe, isteach in eaglais na Róimhe. Thréig Doris Eaglais Shasana ó shocraigh siad siúd mná a oirniú ina sagairt. Bean í Doris a chleachtann an cineál Críostaíochta a réitíonn le mná a choinneáil faoi shlabhraí agus iad ag dul faoi luí seoil.

Tharla sé sin le linn do Doris a bheith ina hAire Príosún i rialtas John Major. Nuair a bhain duine de na mná, Annette Walker, cúiteamh amach an tseachtain seo caite (toisc gur bhagair sí dul go an Chúirt um Chearta Daonna in Strasbourg) d'fhógair Doris a míshásamh. ``Our fathers chained in prisons dark,'' leoga!

Ba é an claonadh in CLG ba chionsiocair le Faith of Our Fathers i bPáirc an Chrócaigh a bhuanaigh an nós go mbeadh Ardeaspag Chaisil i gcónaí ina éarlamh ar an gcumann. Is drochrud é go mbeadh éarlamhacht oinigh ceangailte le hoifig seachtrach don chumann seachas a bheith ina ghradam pearsanta. Bhí dealramh éigin le ceapadh an Ardeaspaig Uilliam Cróc ina éarlamh an chéad lá ach ar bhás dó i 1902 ba cheart an teideal a bhronnadh ar dhuine cuí ar bhonn pearsanta nó, níos fearr fós, deireadh a chur leis.

Is é toradh an traidisiúin seo go bhfuil Cumann Lúthchleas Gael fágtha san fhaopach leis an gClúmhánach easpaig seo atá ag teacht i dtír ar ghradam oinigh, nár thuill sé go pearsanta, le deachtú a dhéanamh do chumann daonlathach de chuid an phobail.

Apparatchik seachas tréadaí a bhí sa Chlúmhánach riamh anall. Tráthnóna Domhnaigh amháin bhí cuairteoir gan choinne ag an Ardeaspag Tomás Mac Muiris ina theach i nDurlas. Nuintias an Phápa, Gaetano Alibrandi, a bhí ann. D'fhógair Alibrandi don Mhuirisíneach go raibh comharba roghnaithe air pé tráth a shocródh sé dul amach ar phinsean.

``Cé hé féin?'' a d'fhiafraigh an Dr Mac Muiris. ``Tá sé amuigh sa charr agam,'' arsa Alibrandi. Cé a bhí ann ach Dermot Clifford, rúnaí (nó láimhsitheoir?) Easpag Chiarraí! Ach bhí a cháil curtha lena chois. Fair play don Mhuirisíneach, níor éirigh sé as oifig go ceann na mblianta ina dhiaidh sin in ainneoin seanaoise agus drochshláinte.

Is an ceangal idir éarlamhacht CLG agus ardeaspagacht Chaisil an chomhartha sóirt is mó de sheicteachas sa chumann. Is barr ar an donas é an Clúmhánach a bheith san oifig sin. Ní haon mhaise é don CLG. Go deimhin is bocht an ornáid é dá eaglais.

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland