Top Issue 1-2024

30 April 1998 Edition

Resize: A A A Print

Bac na hAontachtaithe ar theangaí Cheilteacha

De réir scéala san nuachtáin Albanach The Herald faoin teideal ``Gaelic faces Ulster threat'', tá bac indíreach déanta ag na hAontachtaithe ar aird a thabhairt do stadas Gaidhlig na hAlbanach san Alt Eorpach do Theangaí Mionlaigh agus Réigiúnda, a bhfuil le bheith sínithe go luath.

Deir an t-alt go leagadar lámh ar ráiteas inmheánach a doirteadh amach as Oifig Tuaisceart na hÉireann, brainse oifigeach den Rialtas Bhreatanach. Sa ráiteas, scríofa ag oibrí cumhachtach san Stáit Seirbhíse, Tony Canavan, deir sé:

``Welsh clearly will be specified. Mr Wilson (aire rialtas don ghaeilge) - other Scottish Office Ministers have not yet considered the issue - is keen to specify Gaelic also at the time of ratification. This could present serious problems for us. If Irish was the only Celtic indigenous minority language not to be specified, nationalists and the Irish language supporters would be critical. A special position for Welsh is justifiable as the Welsh Language Act 1993 effectively created bilingualism.''

Tháinig oifigeach foilsithe don bhrainse Albanach den Conradh Cheilteach (Celtic League), Alasdair McCaluim, amach go mór i gcoinne an nuacht seo. Dúirt sé nach bhfuil aon bhaint ag an straitéis seo le cursaí reatha san Albain ach go mbeadh an cineadh deanta de bharr cúrsaí sna cainteanna in Éirinn, agus an iarracht ``to make concessions to the anti-Irish language faction of the Ulster unionists.''

Is ceart é stadas cothrom na féinne a bheith ag an dhá theanga, agus ceapadh go raibh an ceart seo mar cheann de na bun-chlochaí riachtanacha a socraíodh san aontú idir na rialtais Londain agus Baile Atha Cliath. Léiríonn an contrárthacht seo go bhfuil gá le cinntiú a fháil ar roinnt pointí san doiciméid úd, nó mí-úsáidfí iad i ndóigh a mbeadh cearta náisiúnaithe thíos leo.

Is suimúil le háireamh go bhfuil bac na haontachtaithe ag leathnú amach, fiú amháin i bpolaitíocht na hAlbain. Airís tá an grúpa beag in ann a claondearcaí féin a chur chun tosaigh ar ceartaí síbhialta daoine eile. An bhfuil aon rud ag athrú?


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland