Top Issue 1-2024

9 April 1998 Edition

Resize: A A A Print

Duine gan fód é Ruairí rothalchleasach

Gabhaim buíochas le Crom as Michael O'Leary Ryanair. A bhuíochas dá fhrith-cheardchumannachas cábógach tá gluaiseacht na gceardchumann dúisithe as a toirchim suain. Tar éis na mblianta de chomhpháirtíocht shóisialta, de chomhaontaithe náisiúnta agus de mhaorlathú plúchtach bhain Ryanair geit as daoine a shíl go raibh an aicmechogadh passé. D'fhoilsigh an Irish Times litir ó bhean atá in aois áirithe agus í a rá go raibh sí mórtasach den chéad uair riamh as a ballraíocht in SIPTU.

Chomh fada le m'eolas níl oiread is luaidreán gaoil idir gealtán Ryanair agus an Michael O' Leary a bhíodh ina cheannaire tráth ar Pháirtí an Lucht Oibre.

Bíonn an buachaill báire dóite sin le feiceáil go rialta sa Chúirt Dúiche i Sráid Essex Thoir, Baile Atha Cliath, mar a éisteann sé cúiseanna páirceála. Is beag ná go mbeadh trua ag duine dó. Tráth dá raibh ba é siúd buachaill bán na heite clé i bPáirtí an Lucht Oibre. An chéad uair a toghadh ina Theachta Dála é chuaigh sé crua agus bog ar dhaoine stuama a chur ina luí ar a lucht leanúna nach mbeadh sé ciallmhar an tInternationale a chasadh nuair a d'fhógrófaí an toradh go foirmiúil.

Ocht mbliana déag níos déanaí thréig sé an páirtí sin le dul isteach i bhFine Gael. Ní raibh sé fiú de chneastacht iontusan aon phost tábhachtach a thabhairt dó. ``Cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh...?'' Ach t'anam a dhíol agus gan de chúiteamh agat ach a bheith i do mháistir cró ar fhóram fíneálacha páirceála!

Bhí mé ag smaoineamh ar an ndroch-chríoch a bhí ar O'Leary agus Ruairí Quinn ag tabhairt a óráid uaidh ag comhthionól speisialta Pháirtí an Lucht Oibre le déanaí. Tá cleas níos fearr ag Ruairí ná mar a bhí ag Michael. Fanann sé sa pháirtí agus ina cheannaire fad is a dhéanann sé neamhshuim dá chuspóirí. (I gcás Ruairí de ní bheadh sé cruinn ná cothrom a chur ina leith gur thréig sé na cuspóirí céanna mar ní léir gur chreid sé iontu riamh.)

B'éard a bhí ina óráid frithshruthú ar gach cliché a bhíonn i gcúrsaíocht i mbeáir mhanglam Thriantán Dhomhnach Broc. Ní raibh téagar dá laghad sa chaint. Fear éirimiúil é Ruairí ach ní haon smaointeoir é muna dtugann tú smaointeoireacht ar thodhchas (futurology) nua-aoiseach leath-dhíleáite.

Éist le Smaointe Ruairí: ``Parenting is important. It must be supported and encouraged... There is a growing spiritual unease in the country... With the benefit of hindsight it is easy to say that Karl Marx's predictions were wrong...''

Glacann Ho Chi Quinn leis de réir cosúlachta nach bhfuil dada ar féidir a dhéanamh maidir le hiomaíocht gan taise. Is iontach an t-ailibí é. Dealraíonn sé go bhfáiltíonn Ruairí gan cheist roimh dhomhandú an gheilleagair.

Agus éist leis an tseoid seo: ``Emigration and famine have scattered her population across the globe. Ours is a unique experience of globalisation.'' `Sin an ráiteas is barrúla ó pholaiteoir in Éirinn ó thagair Avril Belton Doyle don Ghorta Mór mar ``shared experience.''

Sheol Quinn polasaí úrnua ag an gcomhthionól. Den chéad uair riamh tá ceannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre a chuireann píobháidiú chun cinn mar pholasaí. Faoi mar a dúirt Sam Nolan ó UCATT: ``Not even the PDs would attempt to privatise everything but we're being asked to do that and we're the Labour Party.''

Beartas dall é an díograis seo chun príobháidithe. Is i measc fostaithe na gcuideachtaí stáit is mó a bhfaigheann Páirtí an Lucht Oibre a thacaíocht. Ní haon ionadh é go léiríonn torthaí toghcháin go bhfuil an paírtí ag cailliúnt vótaí do Shinn Féin, an Páirtí Sóisialach agus Fianna Fáil. De réir mar a théann ceannaireacht Quinn ar aghaidh rachaidh an teannas idir Páirtí an Lucht Oibre agus na ceardchumainn i méid. Agus tá ceardchumannaigh á múscailt na laethanta seo. Go leathnaí an suaitheadh sin isteach i bPáirtí an Lucht Oibre!

Colm de Faoite


Comháltas Idirnáisiúnta ar Scaoileadh Saoir Príosúnach


Trí seachtaine ina dhiaidh dóibh Comhdháil a reáchtáil i Westminster. D'fhoilsigh Comhchaidreamh na Náisiún Aontaithe in Éirinn acoimriú an tseachtain seo de na haighneachtaí éagsúla a rinneadh le linn na comhdhála ar cheist fuascailt na gcimí agus príosúnach polaitiúla. Bunaíodh, leis, `Comháltas Idirnáisiúnta ar Scaoileadh Saoir Príosúnach' mar gheall ar an chomhdháil agus tá an Comháltas sin ag éileamh anois go gcuifí amchlár fuascálta i bhfeidhm láithreach.

Deir an Comháltas - a bhfuil grúpaí cearta daonna, eolaithe ar leasaithe príosúntachta agus daoine acadúla páirteach ann - go gcreideann siad gur chóir go mbeadh `ráiteas sóiléir ag miniú amchláir do scaoileadh saor na bpríosúnach fite fuaite le haon phacáiste a aontaítear sna cainteanna an tseachtain seo.'

Ag labhairt ar an ábhar seo, dúirt Muireann O' Brian, ball den Comhchaidreamh na Náisiún Aontaithe in Éirinn, gur léir go bhfuil `ceist na bpríosúnach polaitiúla lárnach in aon reiteach aontaithe i gcomhlint fóréigneach. Mura bhfuil na príosúnach páirteach sa reiteach, tá an baol agus contúirt ann go mbeidh tuilleadh fóréigne ann dá bharr.'

Tá an dlíodóir idirnáisiúnta, Richard Harvey ina bhall den Chomháltas nua agus áiríonn sé go bhfuil na príosúnaigh `ina ionadaí dá gcomhphobail féin. Is ionann, de bhrí sin, meon an rialtais ar cheist na bpríosúnach agus meon an rialtais ar an phróiséas síochána féin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go n-aithnítear gur cimí polaitiúla iad.'

Agus molann an Comháltas gur chóir `cinneadh feidhmeannach' a dhéanadh i scaoileadh na gcimí. Deir an Dr. Terry Duffy, Ollscoil Uladh, go bhfuil taithí na mbotún a rinneadh ins an Afraic Theas foghlamtha anois. `Níor chóir an próiséas scaoileadh na gcimí a ligint i lámha an mbreitiúna. Agus ba chóir do na rialtais an cathú próiséas a sheachaint a scrúdódh gach cás diaidh ar dhiaidh. Thógfadh a leithéid de phróiséas an iomarca ama agus theipfeadh air sa deireadh'.

Ag déanamh tagairte d'íobartaigh na coimhlinte, cuimhníonn an Comháltas ar an Afraic Theas arís ag rá `go gcruthaíonn an cuardach ann d'fhírinne agus athmhuintearas gur próiséas fad téarmach atá ann a bhfuil go leor oibre agus curaim bainte leis. Ba chóir go bhfeicfí ar fhuascailt na gcimí mar pháirt dearfa de sin, agus mar pháirt deimneach chuig muinín agus iontaobh, cóir agus síocháin a thógáil sa chomhphobal'.

Labhair Brian Currin, Aturnae do Choimisiún ar Chimí Polaitiúla san Afraic leis an Chomhdháil. Bhí ceachtanna tábhachtacha le foghlamh ag Rialtas na Breataine, dar leis.

B'iad na pointí ba chruinne a rinne sé ná:

nár cóir próiséas `cás ar chás' a leanúint nó go dtógfadh sé an iomarca ama
ba chóir cinneadh feidhmeannach in ionadh cinneadh breithiúna a bheith ann
caithfidh an rialtas critéir fhláitiúil chuig saoirse na gcimí a chruthú
caithfidh dáta deireannach cinnte chun an próiséas scaoileadh na gcimí a chríochnú a bheith ann, nó beidh na príosúnaigh féin ina bhfocas le haghaidh míshuaimhneas amach anseo.
Tá sé i gceist an an Comháltas anois tuairisc iomlán a fhoilsiú den chomhdháil i Londan,agus coiste idirnáisiúnta `ad hoc' a bhunú le scaoileadh an gcimí a scrúdú. Chomh maith le sin tá siad ag iarraidh cruinniú eile, níos móille sa bhliain agus sna sé chontae féin a eagrú ina mbeadh deis ann do na cimí a dtuairimí féin a thabhairt don chomhdháil.

D'fháiltigh Eoghan Mac Cormaic, thar cheann Saoirse, an tuairisc agus dúirt sé go bhfuil an cath ar son aitheantas mar cimí polaitiúla buaite ag na príosúnaigh anois. `Bhí go leor grúpaí éagsúla ag an Chomhdháil, gach duine acu ag déanadh tagairte do na `príosúnaigh pholaitiúla'. `Sí an chéad céim eile anois ná an tuiscint a chur ar Rialtas na Breataine go gcaithfidh na príosúnaigh polaitiúla sin a scaoileadh saoir. Is cuma cén crut atá ar an `aontas' an tseachtain seo, mura bhfuil pleán dearfa, fíorghearrthéarmach ann leis na cimí a scaoileadh saor, ní fiú faic é. Tá na príosúnaigh ann mar thoradh den choimhlint, caithfear iad a scaoileadh saor anois mar chuid den reiteach.'

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland