Top Issue 1-2024

26 March 1998 Edition

Resize: A A A Print

Feachtas Mac Giolla Bríde

I ndiaidh d'fheachtas 12 bhliana a chur isteacht in aghaidh na Comhluchta Ford Motors sna Stáit Aontaithe, d'éirigh leis an Irish National Caucus go leor brú a tharraing ar an Chomhlucht Idirnáisiúnta gur chinn Ford an tseachtain seo go nglacfaidís leis na Prionsabail Mhic Giolla Bhríde. Bhí an INC ag eagrú baghcat i gcoinne Ford ag éileamh go síneodh bainistíocht na Comhluchta na Prionsabail. B'é Seán Mac Giolla Bríde a scríobh na Prionsabail chun stop a chur le tionscail Mheiriceanach ag `maoineadh claonpháirtíochta' sna Sé Chontae.

Ciontaíodh Ford go minic thar na blianta as seicteachas ina mhonarcha ar Bhóthar an Fhionnachaidh. I gcás áirithe amháin gearradh píonós £40 000 orthu nuair a fuarthas amach go raibhh triúr den bhainistíocht sinsireacht ag cur fianaise i bhfolach go raibh claonadh déanta in aghaidh oibrí caitlicigh. Le breis agus trí bhliana bhí `lipeadú' air, gur `caitliceach gníomhach' é.

Cuireadh na prionsabail ar bhun ar dtús ar iarratas ón INC i 1984 agus tá Ford ar an 42ú comhlucht síniú leo, i ndiaidh don INC tionchar a imirt ar dhíolacháin Ford sna Stáit. Agus ag fógairt deireadh leis an bhaghcat, dúirt an tAth Seán Mac Manus rach raibh amhras riamh air ach go síneodh an comhlucht leis na prionsabail lá eicint. `Ní raibh ann ach brú leanúnach a choinneáill orthu.

Agus chur Cisteoir Chathair Nua Eabhrach, Alan G Hevesí fáilte roimh an nuacht ag rá `go gcuireann an síniú seo teachtaireacht láidir amach nach ngeillfí do chlaonadh seicteach riamh'.


Caipitealachas ag saothrú a bháis féin



Ní minic a thugtar aird ar ilghnéitheacht an phobail Iaránaigh ar deoraíocht. Tá an pobal sin ar aon dul leis an diaspora Rúiseach céad bliain ó shin nó leis na deoraithe ón nGearmáin trí scór bliain ó shin. Pobal é a bhfuil an smaointeoireacht réabhlóideach faoi bhláth ann. Comhartha sóirt de sin is ea an leagan neamhfhoilsithe Fairsise d'ardleabhar István Mészáros, Beyond Capital: Towards a theory of transition (Merlin Press, Londain, 1995). (An Dr Morteza Mohit a chuir Fairsis air.)

Tá réamhrá speisialta scríofa ag an Dr Mészáros don leagan Fairsise seo. Meabhraíonn sé dá lucht léite Iaránach go dtagann daorsmacht an chaipitil i gcruthanna éagsúla ón gcaipitealachas príobháideach a bhfuil taithí againn air san Iarthar go dtí go dtí an dialathas atá i réim san Iaráin agus tíortha áirithe eile. Lascann an t-údar polaiteoirí, idé-eolaithe na ``Deise Radacaí'' agus maorlathaigh iarchaipitealaíocha ach díríonn sé an cáineadh is géire orthusan a dtugann sé ``trasfheisteoirí polaitiúla'' orthu. New Labour Shasana an sampla is túisce díobhsan a ritheann leis ach tá teacht ar a leithéid i ngach tír.

Iarollamh le fealsúnacht in Ollscoil Sussex é an Dr Mészáros, Ungárach. Foilsíodh cheana tuairisc le Neil Forde in An Phoblacht (5 Márta) ar léacht a thug Mészáros i mBaile Atha Cliath le déanaí.

Lochtaíonn an Dr Mészáros an téarma ``ilnáisiúntach.'' Is cruinne go mór, dar leis, an focal ``trasnáisiúntach.'' Is éard a bhíonn i gceist againn le hilnáisúntach de ghnáth cuideachta Mheiriceánach (nó Sasanach nó Dúitseach nó Seapánach) a bhíonn i mbun táirgíochta ar scála domhanda. Ní bhíonn aon rud ``ilnáisiúnta'' faoi úinéireacht na cuideachta go hiondúil. Is de dhlúth agus d'inneach an chórais chaipitealaíoch é an stát nua-aimseartha ar stát náisiúnta é ó bhonn. Sin ceann de na codarsnachtaí atá faoin Aontas Eorpach.

Bíonn codarsnacht ann freisin idir an stát náisiúnta agus domhandú an gheilleagair. Náisiúnachas eacnamaíocha callánacha na Meiriceánach atá taobh thiar den domhandú. Faoi mar a d'admhaigh urlabhraí de chuid Washington tráth: ``the business of the American government is to protect American business.''

Is í saintréith an chaipitealachais i súile Mészáros go ndéantar trádearra de shaothar an duine. ``Outrage'' a thugann sé ar a leithéid mar go gcuirtear saothar daoine daonna ar aon chéim le déantáin. Sheol Gorbaitiof trádearrú an tsaothair san Aontas Sóivéadach. Ní tír chaipitealaíoch a bhí san Aontas Sóivéadach go dtí sin. Dar le Mészáros níor chleachtaíodh an caipitealachas stáit ann fiú. Bhí an ceart chun oibre ag an uile oibrí go dtí ré Ghorbaitiof.

Is í tuairim Mészaros nach ionann géarchéim an lae inniu agus na géarchéimeanna timthriallacha a bhí faoin gcaipitealachas go dtí seo ach géarchéim struchtúrtha faoin gcóras caipitil féin. Deir sé: ``In the years ahead of us the structural crisis of capital ... is bound to get deeper. It is also bound to reverberate across the globe, even in the most remote corners of the world, affecting every aspect of life, from the directly material reproductive dimensions to the most mediated intellectual and cultural concerns.'' Dúshlán dúinn é seo. Dúshlán agus deis.


Colm de Faoite



Is iontach, uaireanta, na háiteanna ina bhfaighfeá rudaí nach mbeifeá ag dual. An tseachtain seo chuaigh thart, mar shampa, d'fhoilsigh spás-eolaithe NASA an scéal go raibh siad ina dhiaidh aimsiú go bhfuil uisce ar thlacht na gealaí. Uisce, go deimhin. Ní nach ionadh gur léim an bó thar... ní raibh an créatúr bocht in ann snámh.

Bhuel, níl aon amhras ná go raibh an leithéid de scéal iontach suimiúil, agus spreag sé na hiriseoirí lena mbluiriní nuachta faoi chóilíniú agus cóilínigh agus laethanta saoire ar an ghealach... Ní gá domh a rá gur fada an scuaine de dhaoine soineanta a bheas ag iarraidh na laethanta saoire seo a cheannacht, cé nach bhfuil a leithéid de rud ann fós. Ní nós nua-aimseartha é an coibhneas idir gealach agus gealt nó lunar agus looney.

Agus ansin bhí cás Peter Mc Clay agus Gregory Campbell. Tá Peter Mc Clay cosúil le huisce na gealaí, ní bheifeá ag dual lena leithéid a aimsiú san áit ina n-aimsítear é.

Tá Peter Mc Clay sna Blocanna H, agus tá beagnach deich mbliain caite aige ansin. Cé nár cuireadh faoi ghlas é go dtí deireadh na n-ochtóidí, shíneann na cúiseanna a cuireadh ina aghaidh siar go dtí lár na seachtóidí nuair a mharaigh sé beirt náisiúnach cóngarach do Dhoire. Bhí go leor cúiseanna eile ina léith, chomh maith, ach gearradh téarma saoil air. Bhí sé ina bhall den UDA/UFF agus chuaigh sé isteach i sciatháin an dream sin lena am a chur isteach ina dhiaidh a dhaortha. Agus níor chualathas aon rud eile uaidh ná faoi go dtí an tseachtain seo chuaigh thart nuair a chuir Gregory Campbell a ladar isteach sa scéal.

Mar a bheifeá ag smaoineadh, tá Gregory - ardbhall den DUP - glan in aghaidh fóiréigin. Is iomaí uair a luaigh sé a fhreasúra ar fhóiréigin thar na blianta. Fóiréigin a thagann ó lámha na bPoblachtánach ach go háirithe, ach ar ndóigh in intinn claonta Ghregory ní thagann fóiréigin ó áit ar bith eile.

Ach níor chóir go mbeadh iontas ar dhaoine go raibh Gregory ag scaoileadh ráitis ar son Peter, nó tá Peter, de réir a sheanchara Gregory, ina fhear athraithe anois. Agus dar le Gregory, a dhiúltaíonn amach agus amach tacaíocht a thabhairt d'aon éilimh cimí a scaoileadh saor, agus a deireann nár chóir d'éinne laghdú ama a fháil, dar leis go bhfuil sé in am anois Peter Mc Clay a ligint saor. Ach tá cás Mc Clay `difriúil' dar le Gregory.

Éiríonn a scéal rud beag cásta nó bhí Peter bainte leis an UDA agus ní réitíonn an DUP leis an UDA a thuilleadh. Ní chuirfeadh sé iontas ar dhaoine, de bhrí sin, go mbeadh ar Mc Clay a fhréamhacha a stoitheadh agus cur faoi arís in ithir níos óiriúnaí don DUP, agus cá bhfuighféa ithir mar é i ngaineamh fásach an Ceise Fada ach i talún meath an sciatháin LVF. Ionas gurbh fhéidir leis an DUP, agus Gregory Campbell, tacaíocht a thabhairt do chás Peter Mc Clay, bheadh air a bhogadh isteach leis na dílseoirí `neamhthruaillithe'.

Anois - ionas gur féidir leis an DUP tacaíocht a thabhairt d'fheachtas chun duine atá críochnaithe le fóiréigin, gluaiseann an síochánaithe athbhreithe go dtí croílár na ndilseoirí is fóiréigní. Curiouser agus curiouser, go deimhin. Agus don té a chreideann sin uilig, ólfaidh sé uisce na gealaí nuair a thiteann tart air. Tá an dá rud cothrom i meá na hinchreidteachta, fiú mura bhfeiceann Campbell íorón ar bith sa scéal.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland