Top Issue 1-2024

12 March 1998 Edition

Resize: A A A Print

19 gCúis Maith

Is aisteach an abairt ach is féidir a rá gur éirigh leis an chéad bhuaiteoir san fhóthoghchán i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath cupla lá sula raibh an toghchán ná an comhaireamh vótaí thart fiú. Nuair a thangthas ar réiteach do stailc na láimhseoirí bagáiste Ryanair, bhí deireadh le cúis amháin de na cúiseanna maithe éagsúla (agus iomadúla) ar ar throideadh an fóthoghchán sa Dáilcheantar. Agus gan amhras troideadh an dá fhothoghchán seo ar `chúiseanna'. Bhí ar an laghad trí abhar a bhain le haerfortanna san fheachtas, agus ar ndóigh bhain peire acu siúd leis an toghchán in Oirthear Luimnigh chomh maith, agus ar an bhonn céanna, nó tá Aerfort an tSionna chomh tábhachtach leis an tsaol ansin agus atá aerfort BÁC do mhuintir Thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Tá cuid mhaith de lucht vótála Tuaisceart Bhaile Átha Cliath fostaithe san aerfort, nó,i bhfocal eile, tá furmhór na n-oibrithe san aerfort ina gcónaí sa Dáilcheantar. Cruthaíonn taithí na n-oibrithe gur féidir le níos lú ná daichead duine rialtóirí aerfoirt a chreathadh, gan tracht ar rialtas tíre. Ach an dtarlódh a leithéid taobh amuigh de thréimhse fothoghcháin?

Tá an dá chúis ghearáin eile ag fanacht ar réiteach fós, `sin iad díolachán Team Air Lingus agus deireadh ré an `saor ó dhleacht', agus bhí an dhá chúis seo ard go leor ar chlár oibre furmhór na n-iarrthóirí. Ní hionann sin agus a rá go ndéanfaidh na vótóirí a gcinniúintí deireannacha ar na ceisteanna seo, ach tá siad ina gcuid den phróiséas méadaithe a imríonn tionchar ar thoradh. Agus is cuma má thosaíonn iarrthóir mar an t-éan corr ag clamhsan faoin chúis seo ná an chúis sin tiontaíonn na h-iarrthóirí go léir ar na `fadhbanna' céanna i rith an fheachtais. Is ar scath a chéile a mhaireas na hiarrthóirí toghchána, agus ós rud é gur polaitíocht áitiúl na polaitíochtaí uile, is amadán an t-iarrthóir nach dtabharann aire do gach fadhb - fiú má's cuma sa tsioc leis nó lei faoi.

San fheachtas seo bhí 19 iarrthóir i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, dhá thrian díobh siúd nár bhain le páirtí mór. I nDáilcheantar nach bhfuil aon srúth eacnamaíochta ar leith ann is féidir a rá go mbaineann iascaireacht, eitilt, an fheirmeoireacht agus turasóireacht leis an cheantar. Tá saibhreas ann, ach tá fadhbanna le drugaí ag fás ann chomh maith. B'í cúis an toghcháin ná gur éirigh le Ray Burke as oifig nuair a fiosraíodh abhar áirithe a bhain leis agus a bhain leis an phróiséas pleanála. Mar gheall ar seo bhí creidmheas polaitiúil ina shlat tomhais do go leor daoine i rith an fheachtais, agus ó tharla Ray Burke bheith ina Aire Gnothaí Eachtrannaí, ní raibh ceist an Tuaiscirt i bhfad ón toghchán ach an oiread. Bhí iarrthóirí ann a rinne gearáin faoi tollan nua a déanfadh freastal ar Chaladh Átha Cliath, iarrthóir a throid cás na ndaoine atá ag ceannacht tí don chéad uair, iarrthóir ag iarraidh go gcríochnófaí an Motarbhealach M1, iarrthóirí in aghaidh an Líonadh Talúin i mBaile Aola, iarrthóir a sheasfadh le `luach an teaghlaigh' agus araile. Bhí an ciorcas seo go léir ina Pot Pourri ceart d'fhadhbanna agus d'abhar argóna le linn an chanbhais, blas de i gceanntar amháin, blas eile i gceantar eile agus mar sin de.

Níl aon rud cinnte i dtoghchán, agus cé go bhfuil na suirbhétha ag maíomh go mbuafaidh Páirtí an Lucht Oibre an dhá fhóthoghchán tá an iomarca cúntas agus athchuntas agus aistriú vótaí an dara, triú agus roghanna eile sula mbeidh buaiteoirí tofa. Cé fios nach mbeidh cás cúirte eile an uair seo, ní rud nua é i saol polaitiíochtaí na hÉireann.. agus go deimhin bhí cás cúirte cheanna féin san fhóthoghchán seo nuair a chuir Clare Daly an dlí ar an Fingal Independent as ucht líomhaint gur dhúirt sí nach raibh seans aici an toghchán a bhuachaint agus ag lua gur chomhairligh sí dá lucht leanúna an dara rogha a thabhairt don Lucht Oibre.

Bhí mé ag eisteacht le Jim Tuney, seanfhondúir Fhianna Fáil agus ainmhí polaitiúil le blianta fada, agus é ag labhairt ar RnaG an tseachtain sna laethanta sular chríochnaigh an fheachtais. Cuiredh ceist air an raibh sé dóchasach go mbuafadh iarrthóir Fhianna Fáil agus d'inis sé do Mhaire Ní Gadhra go raibh sé chomh cinnte den toradh go raibh sé chun a nós gan geall a chur ar thoghcháin a bhriseadh an uair seo agus cupla punt a chur ar an iarrthóir Fianna Fáil, Kennedy. Dá mbeadh an muinín sin ag na páirtithe agus iarrthóirí go léir bheadh an geallghlacadóirí i bhfad Éireann níos saibhre. Nó níl ach iarrthóir amháin a bhuann i dtoghchán. `Sé an cleas is cliste anois ag na hiarrthóirí a chaillfeas, go háirithe i bhfothoghchán, ná bua a bhaint dá gcúiseanna sula gcaitear vóta, sula dtosaíonn an comhaireamh féin in aon chor!


Réitímis do thurnamh na Ríochta Aontaithe!



Is iontach mar a dhéanann gluaiseachtaí staire dul chun cinn mall ar scála beag bídeach, i ngan fhios beagnach, go dtí go bpléascann siad ar an saol mór ar nós maidhm thalún ag brúchtaíl anuas. Is amhlaidh don náisiúnachas sna tíortha Ceilteacha eile.

Le déanaí sheol Brian Stowell, a bhíodh ina Oifigeach Teanga ag Rialtas Mhanann, eagrán speisialta, uimhir 100, de Carn, iris an Chonartha Cheiltigh. Eagrán é seo a mbeidh úsáid á baint as go ceann i bhfad mar fhoinse eolais ó tá ann sraith altanna ina bhfuil achoimre ar dhul chun cinn na ngluaiseachtaí náisiúnta polaitiúla sa sé thír Cheilteach le scór bliain anuas.

Maidhm gan aon agó a bhí ann nuair a vótáil muintir na hAlban Tha! Tha! Aye! Aye! Yes! Yes! ar 11 Meán Fómhair anuraidh. Bhí 74% ar son parlaimint Albanach a bheith ann, an chéad pharlaimint Albanach le beagnach 300 bliain, dá lochtaí í. Tráth dá raibh scríobh John Steinbeck chuig Jacqueline Kennedy: ``You talked of Scotland as a lost cause and that is not true. Scotland is an unwon cause.''

Agus is cúis í a bhainfear amach, agus go luath san 21ú haois. Cuirfidh féinrialtas na hAlban athrú ó bhonn ar pholaitíocht na hÉireann, ar Shasana agus ar iarthar na hEorpa. Anois an t-am le réiteach fá choinne an tsaoil nua a bheas ann tar éis titim ó chéile na Ríochta Aontaithe.

Ní dhearna an reifreann sa Bhreatain Bheag ar 18 Meán Fómhair maitheas don bhrú fola. Bhí 50.3% i bhfabhar comhthionóil Bhreatnaigh. Dá mba é an 49.7% a bheadh ar an taobh sin ba thubaiste stairiúil é. Vótáil an Bro Gymraeg ``Ie'' (taobh amuigh de líon nach beag d'inimirceoirí Sasanacha a thacaíonn leis na Tóraithe) faoi mar ba dhual di agus bhí an vóta ``Na'' chun tosaigh i gceanair ghallda an oirthir faoi mar a bhí tuartha.

D'fhéadfadh gleannta an deiscirt dul treo ar bith. Sin iad na ceantair leasuirbeacha (ceantair Bhéarla den chuid is mó anois) a cruthaíodh ag an mianadóireacht san aois seo caite, ceantair atá scriosta ag an dífhostaíocht agus a maireann traidisiún laídir den eite chlé iontu. Sheas siad an fód in aghaidh na bolscaireachta frithnáisiúnta agus ba é a vóta siúd a chinntigh an toradh. Ba é an toradh sin gur fhógair tromlach na mBreatnach gur náisiún iad.

Tá torthaí na reifreann in Albain agus sa Bhreatain Bheag tar éis dlús a chur le héileamh na gCornach ar chomhthionól dá gcuid féin. Tugann an ceathrar feisire de chuid na nDaonlathaithe Liobrálacha tacaíocht don éileamh sin. Anuraidh bhailigh na mílte daoine le chéile le comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1497. Ar an ócáid sin foilsíodh forógra ag lorg aitheantais do riachtanais ar leith an Choirn. Faoi láthair tá feachtas ar bun ar son áisíneacht fhorbartha Chornach, Ollscoile Cornaí agus maoiniú cothrom don tír chomh maith leis an bhfeachtas ar son comhthionóil.

Pobal Ceilteach amháin a bhfuil réimse féinrialtais acu ar pháipéar is ea na Manannaigh. Faraor níl na polaiteoirí Manannacha ag baint leas as na cumhachtaí atá acu ar son a muintire. Is geall le mantra acu ``to bring into line with the UK'' nuair a bhí reachtaíocht nua á cur i láthair acu. Ní cuid den Ríocht Aontaithe é Manainn ná den Aontas Eorpach ná fiú den Limistéar Custaim níos leithne ach ní stopann sé sin Rialtas Londan agus an Bhruiséil ó chur isteach ar chúrsaí an oileáin.

Tá máistrí coilíneacha eile ag na Briotánaigh, an t-aon náisiún Ceilteach ar an mór-roinn, agus tá gleic chun saoirse ar siúl ansin chomh maith. In Carn 100 is ábhar caointe é do Alan Heusaff nach bhfuil na páirtithe náisiúnaíocha tar éis cur le chéile le haghaidh na dtoghchán réigiúnacha an mhí seo.

Is í Pat Bridson, Manannach a bhfuil cónaí uirthi in Éirinn, eagarthóir Carn. Tá Carn 100 (32 leathanach) ar fáil ar £2 ó 33 Céide na Grianóige, Rath Cúil, Co Bhaile Atha Cliath. De bhreis ar na suirbhétha ar staid pholaitiúil na dtíortha tá cur síos ar a ngluaiseachtaí teanga agus cnuasach spreagúil d'fhilíocht nua ag cuid de na filí is mó i measc na gCeilteach. Orthusan tá Biddy Jenkinson, Pádraig O Snodaigh, Liam Prút agus Aongus Mac Neacaill.

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland