Top Issue 1-2024

12 February 1998 Edition

Resize: A A A Print

Tógann an tAonach trophaí Glór na nGael

By Marcas Mac Ruairí

AITHNIODH dian obair grúpaí cultúrtha fud fad na hÉireann Dé Mháirt nuair a d'fhógair Glór na nGael torthaí an chomórtais `97.

Agus is é an tAonach i gContae Tiobráid Arainn a bhain an chéad áit amach.

Mhol na moltóirí gníomhaithe teanga san Aonach a d'oibrigh le grúpaí eile le maoiniú a fháil chun Gaelcholáiste a bhunú sa bhaile.

Tá Coiste Glór na nGael an Aonaigh chun oifigí Conradh na Gaeilge a dheisiú agus a oscailt mar ionad cultúrtha is sóisialta do Ghaeilgeoirí na háite. I measc obair eile atá ar siúl sa cheantar, tá Aisteoirí an Aonaigh, Ceoltóirí an Aonaigh agus `Tiobráid Arann ag Labhairt,' scéim a bhunaigh an VEC le taighde a dhéanamh agus teacs leabhair a fhoilsiú do scoileanna Gaeilge.

Moladh an lucht gnó as an tacaíocht a thaispeáin said agus as na comharthaí atá ar chuid mhaith siopaí.

Ag léiriú a shasamh leis na torthaí, dúirt cathaoirleach Glór na nGael Aonach Urmhumhan, Peadar Mac an Bhard, ``Seo torthaí ar obair deich mbliana. Tá athrú meon ar fad ag muintir an Aonaigh ar an Ghaeilge. Tá daoine ag baint úsáid as pé Ghaeilge atá acu.''

Ag amharc ar an todhchaí dúirt Mac an Bhard go gcuirfidh said plean deich mbliana le chéile anois.

Ina iomlán bhuaigh Glór na nGael Aonach Urmhumhan beagnach £8 mhíle agus tabharfaidh siad trophaí Glór ar ais go Tiobráid Arainn.

Bhain Doire duais ar leith, Scéim na mBuaiteoirí, a shaothraíonn £5 mhíle ar son na teanga sa chathair tuaisceartach sin. Tá an dara bhunscoil le oscailt sa chathair agus bhog an Meánscoil go láthair nua.

Is comórtas bliantiúil é Glór na nGael chun teacht ar an phobal a dhéanann an dul chun cinn is mó ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de.

Ghlac 150 coiste páirt sa chomortas i mbliana.


The Great Train Robbery



Le Eoghan Mac Cormaic

NI RAIBH mórán suim agam i gcúrsaí rugbaí riamh. De bhrí sin, ní raibh díoma orm an tseachtain seo nuair a bhuaigh na hAlbanaigh an cluiche mór i mBóthar Landsdowne.

Uair amháin, nó a bhí mé fós i mo dhalta bunscoile, shocraigh ceann de na múinteoirí go mbeadh foireann péile Gaelaigh sa scoil. Dúradh linn `ár mbróga péile' a thabhairt linn an lá dar gcionn nó bheadh `trialacha' ar shiúl don fhoireann.

Ár mbróga péile! Beag nach raibh bróga ag furmhór na sraide ina raibh cónaí orainn gan bheith ag caint ar bróga peile. Bhí mé i bponc. Ach bhí bróga ag Maurice Reid a chónaigh sa sráid céanna liom, ag barr na sráide. Bhí sé bliain nó dó níos sine ná mise.

Bhí Maurice ar fhoireann péile a scoile - foireann rugbaí ba chóir domh a rá. Nó bhí Maurice ina Phrotastúnach.

Tá seanfhocal ag na hIndiaigh Mheiriceanacha a deir nach dtuigeann duine duine eile go dtí go siúlann sé míle i mbróga an duine eile. De bhí sin, deirfínn go dtuigfínn an pobal rugbaí. Nó rugger. Thug Maurice a bhróga `rugger' ar iasacht domh agus má bhí sé dhá bhliana níos sine ná mise, bhí méid a chosa trí huaire níos mó ná mó chosa féin.

Chomh maith le sin, bhí na bróga camtha agus crua agus dolubtha. Ach bhí mé dóchasach fiú mura raibh mé eolasach ná cumasach ar imirt na péile gaelaigh, agus bhí scéal `Billy's Boots' léite agam sa Hotspur agus bhí a fhios agam nach dtagann bua gan dua.

Ach bróga rugbaí a bhí iontu, agus a mhalairt ar scéal an `Auld Orange Flute,' b'iad seo na `Auld Orange Boots' agus ba léir nach raibh mórán taithí acu ar rialacha an spóirt fíníneach.

Is cuimhin liom an cluiche fós. Dúradh liom fanacht siar agus cludach a thabhairt don chúl baire, Ciarán Mac Fhlannagáin. Tháinig an liathróid chugam. Scairt Ciarán liom. Shíl mé go raibh sé ag iarraidh an liathróid. Chic mé chuige é. Gooooaaaal!

B'é sin an baire amháin a ghnothaigh mé riamh i bpéil. Bhí mo thriail thart agus chuir an múinteoir den pháirc mé agus chroch mé mo bhróga (nó bróga Maurice) suas an lá sin ag geallúint nach n-imreoinn péil arís. Cuirim an locht ar na bróga rugbaí ar ndóigh.

Ach níl mé searbh in aon chor. Níl aon `grá' agam do rugbaí ach níl aon `gráin' agam dó ach an oiread cé nach bhfuil aon meas agam ar an spórt, afách, ón uair gur imir siad in Afraic Theas 17 mbliain ó shin, rud a náirigh go leor daoine sa tír seo.

Rugger buggers. Beag an trua a bhéadh agam dobhtha. Ach an rud maith é go mbeadh eagraíocht leathstát ag baint tairbhe as sáinn an lucht tacaíochta a leanann foireann rugbaí na hÉireann?

Tharla sé sin an tseachtain seo chaite nuair a ghearr Iarnród Éireann £3 breis ar phaisinéirí a bhí ag taisteal ó áiteanna eile sa tír go dtí Baile Átha Cliath. Tá go leor daoine a d'fhulaing mar gheall ar seo, daoine nach raibh spéis ar bith acu dul go dtí cluiche rugbaí ach bhí orthu `cartaí bordála' a cheannacht agus trí phunt breis a thabhairt ar a phraghas.

Níl aon seirbhís ná áiseanna breise á soláthar. Níl ann ach go bhfuil Iarnród Éireann ag baint tairbhe as - mar a dúirt úrlabhraí don chomhlacht - soláthar agus eileamh. Tiogar Ceilteach ag beathú ar chosmuintir na hÉireann, sin atá ann.

Is cuma liom má's lucht na liathróide bioraí a d'fhulaing den `sracaireacht' seo ar dtús, ní raibh sé cothrom. Agus cibé scéal, cé fios nach iad lucht leanúna na péile Gaelaí an chéad tairgéad eile i radharc na mbainisteoirí Iarnród Éireann?


Gineann praghas na hola léirscrios



Le Colm de Faoite

AN tseachtain seo caite thug Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Kofi Annan, leide go bhféadfaí na smachtbhannaí ar an Iaráic a mhaolú mar chuid de chomhréiteach ar an aighneas reatha le go ligfí do na hIarácaigh cur lena n-easpórtálacha ola.

Dheimhnigh an chaint sin ráflaí a bhí ag gabháil timpeall le tamall go raibh a leithéid beartaithe.

Nuair a tháinig na ráflaí sin chun tosaigh i dtosach roinnt mí ó shin thit praghas na hola áimhe ar an margadh domhanda go $15 an bairille. Dúradh go rabhthas in ísle brí ar Mhalartán Marsantach Nua-Eabhrach.

Níl cead fós ag na hIarácaigh ach luach $2 billiún d'ola a dhíol le fóirithint dhaonnachtúil a cheannach. De réir tuairiscí bheadh na Náisiúin Aontaithe sásta go n-ardófaí an teorainn go $3 billiún faoi choinníollacha áirithe.

Ní hí an Iaráic amháin atá ag teacht idir rachmasóirí ola agus codladh na hoíche. Fadhb eile atá ag cur fail orthu is ea an t-aothú airgeadais sa Chianoirthear. Tá sé de thoradh air sin go bhfuil an t-éileamh ar ola tar éis titim san Aise.

Dúirt Robert Mabro ón Oxford Institute for Energy Studies ó chianaibh: ``Globally there is an excess of supply over demand of between 500,000 and 800,000 barrels a day.''

Anois dá ligfí don Iaráic luach $1 billiún breise d'ola a dhíol chuirfeadh sé sin 400,000 bairille níos mó fós ar an mhargadh in aghaidh an lae. Is é olagón an Mabro seo ``people won't be able to take all this extra oil into stock.''

Meastar go mbeidh titim de 400,000 bairillí sa lá ar éileamh ola san Aise fad is a mhairfidh an ghéarchéim airgeadais ansin. Cheana féin tá fadhb sna Stáit Aontaithe mar go bhfuil 32 milliúin bairille ola níos mó ar láimh ná mar a bhí bliain ó shin.

Is amhlaidh atá de dheasca an geimhreadh atá díreach thart sa leathsféar thuaidh a bheith chomh teomheasartha sin. Ní maith le rachmasóirí ola El Nino ná an téamh domhanda!

Creidtear coitianta go bhfuil Eagraíocht Tíortha Onnmhairithe an Pheitriliam (OPEC) ag bualadh bob ar na tíortha ceannaigh trí cuótaí a shárú agus, ar an mbealach sin, go bhfuil siad ag cur leis an rósholáthar.

Baineann an dlí um sholáthar agus éileamh le hola chomh maith le gach trádearra eile ar an saormhargadh. Nuair a bhíonn an soláthar níos mó ná an t-éileamh titeann praghas an trádearra.

Ar ais linn go dtí an tUasal Mabro as Oxford. Deir seisean nach bhfuil an cath caillte fós ag na mangairí ola, go bhféadfaí an praghas a ardú go $18 nó $22 an bairille ``if Iraq for some reason stopped producing for a whole year.''

Déan do mhachnamh air sin. Meastú cén chaoi a bhféadfaí é sin a shocrú? B'fhéidir, anois - b'fhéidir, atá mé a rá - go bhféadfaí an cac a bhualadh as na hIarácaigh sa chaoi is go gcuirfí siar na blianta iad. Ní bheadh aon bhealach níos fearr le praghas na hola a tharraingt anuas ná an Iaráic a bhuamáil.

Beidh cogaí acmhainne ina sainghné den impiriúlachas sa 21ú aois. Thosaigh an tsraith cogaí sin le Cogadh na Muarascaile i 1991.

Tháinig méadú ar phraghas na hola dá bharr. Scriosadh na céadta toibreacha ola. Doirteadh na milliúin galún d'ola ámh i Muarascail na Peirse féin, tubaiste éiceolaíoch mhillteanach.

Ina dhiaidh sin agus uile tá daoine in ann na mílte focal a scríobh faoin gcogadh céanna gan an focal ``ola'' a lua.

A Dhia dhílis, maith dom an intinn shalach seo!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland