Top Issue 1-2024

22 January 1998 Edition

Resize: A A A Print

Bagairt UVF in Aontroim Thuaidh

TA curtha le fios go bhfuil an UVF ag athghrúpáil agus ath-armáil in Aontroim Thuaidh.

De réir foinse amháim tá na scuaideanna báis in Aontroim Thuaidh agus i nDoire Thoir armtha le abhair pleasctha is gunnaí nua-aimseartha.

Agus creidtear go bhfuil iar-shaighdiúir Briotanach, a chaith níos mó ná seal amháin i bpriosúin ciontach as an ath-eagrú agus an bagairt i gcoinne an phobail náisiúnaigh.

Creidtear go bhfuil an grúpa seo den UVF a rinne an ionsaí buama ar an chomhairleoir Sinn Féineach, James McCarry i rith an tsamhraidh seo caite.

D'éalaigh sé ón bhás nuair a mhothaigh sé go raibh an buama faoina charr, taobh amuigh dá bhaile. Roimh an Nollaig, fuair sé agus na comhairleoirí neamhspleácha Oliver McMullan agus Séamus Blaney bagairtí báis ón UVF. cárta le siombal UVF agus piléar istigh i gcludach.


Ní mór Ryanair a thabhairt go talamh



Le Com de Faoite

LAGAIODH gluaiseacht na gceardchumann ar fud an domhain le deich mbliain anuas ó thaobh ballraíochta de agus ó thaobh tionchair de.

In Éirinn tugadh téarmaí ar leith d'ilnáisiúntaigh maidir le faoiseamh ó chánacha agus a fhios go maith ag na húdaráis go raibh cuid mhór acu ag diúltiú do cheart na n-oibrithe iad féin a eagrú i gceardchumainn.

Ba é an toradh gur fágadh oibrithe gan ghuth ná post nuair a tháinig an buille mór, mar a tharla le déanaí i gcás Seagate. Níl in oibrithe i dtionscal neamhcheardchumainn ach aonaid d'acmhainní daonna.

Tamall ó shin bhunaigh rialtas Bhaile Atha Cliath gasra de státseirbhísigh, ceardchumannaithe agus fostóirí le teacht ar chód deonach a chinnteodh aitheantas do cheardchumainn. Ní fiú tráithnín tuarascáil an ghasra atá anois ar dheasc Mary Harney.

Ní raibh ionadaithe IBEC sásta go mbeadh reachtaíocht ann ag cur iallach ar fhostóirí aitheantas a thabhairt do cheardchumainn. Ní haon ionadh é gur thug Michael Reilly an ATGWU ``a wretched document'' ar thuarascáil an ghasra.

Deir an Raghallach go mba chóir do chomhdháil na gceardchumann athbhreithniú a dhéanamh ar Partnership 2000 ó níl pianós ar bith á chur ar chuideachtaí frithcheardchumainn.

Molann an tuarascáil creat le déileáil le haighnis ag eascair as fostóirí ag diúltiú do cheardchumainn. Chuirfí an cheist faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh Tionsclaíoch i dtosach báire agus ansin chuig an Chúirt Oibreachais.

D'fhéadfadh an chúirt ordú a dhéanamh in aghaidh na cuideachta dá leanfadh sé de dhiúltú aitheantas a thabhairt do cheardchumainn.

Níl an fhadhb seo teoranta d'ilnáisiúntaigh a bhfuil monarchana acu sa tír seo ach tá cuideachtaí Éireannacha ar nós Ryanair nó Dunnes Stores lán chomh nimhneach céanna. Ceart na n-oibrithe iad féin a eagrú i gceardchumainn atá taobh thiar de stailc na láimhseálaithe bagáiste in Ryanair.

Léargas é ar a nimhní is atá Ryanair gur thug siad suaracáin trasna ó Shasana le hobair na láimhseálaithe a dhéanamh.

I mórán gach grád íocann Ryanair tuarastail atá roinnt mhaith níos ísle ná aerlínte eile. Tuilleann láimhseálaithe bagáiste in Ryanair £2,500 níos ísle ná a gcomhghleacaithe in Aer Lingus.

Leis é sin a chur i gcomhthéacs ceart ní mór cuimhneamh go ndeara Tony Ryan agus a mhuintir brabach de £64m i mí Bealtaine seo caite nuair a chuir siad iasacht ar an margadh.

Tá na liaga ag liathadh ag Tony Ryan agus a chlann agus is ar dhúshaothrú oibrithe i bhfiontair éagsúla atá an mhaoin sin bunaithe. Is i bhfad ó shaol oibrithe Ryanair atá béascna mhuintir Ryan, béascna madrúil faoi mar a nochtadh i gcúis shibhialta tamall ó shin.

Tháinig Ryanair chun cinn le linn bhuaicphointe an ámh-Thatcherachais sna 1980í. Níl maolú dá laghad tagtha ar a meon. Thagair príomhfheidhmeannach Ryanair, Michael O'Leary, do rúnaí chraobh na heitleoireachta shibhialta de SIPTU, Carmel Hogan, mar ``bird.'' Thug sé rudaí eile uirthi nach salóidh mé an páipéar seo leo.

Léiríonn scéal Ryanair an phráinn atá leis go mbeadh iallach dlí ar chuideachtaí ceardchumainn a aithint agus aird a thabhairt ar a n-ionadaithe. Ní fiú fionna feanna é cód deonach.

Rinne gach rialtas leis na blianta anuas faillí i gcosaint chearta na gceardchumann agus neamhshuim sa dochar a dhéanann an creimeadh ar cheardchumannachas don chóras eadrána.

Bhí deis ag Ruairí Quinn rud a dhéanamh agus é ina Aire Fiontair agus Fostaíochta. Ach bhí sé róghnóthach ag cuimilt boise le baincéirí agus Eoralathaigh.


An Pápa ag cur cuairte ar an Chúba



Le Eoghan Mac Cormaic

GACH seans go raibh díoma ar go leor caitliceach in Éirinn an tseachtain seo nuair a d'aimnigh an Pápa Eoin Pól 2 dream nua de Chairdinéil, agus nuair a fágadh Sean Ó Bradaigh, Ard Easpag na hÉireann ar lár.

Leis an earcaíocht is déanaí seo do `Scoil na gCairdinéal', tá Eoin Pól i ndiaidh an tromlach dena Cairdinéil a ainmniú, Scoil, ar ndóigh, a thoghfaidh comharba an Phápa féin nuair a imíonn sé leis ar shlí na firínne: imeacht gur féidir tharlú uair ar bith anois nó is fada na tuairiscí go bhfuil an seanleaid i ndrochshláinte. Tá Cairdinéal amháin in Éirinn cheanna féin, Cathal Ó Dálaigh, ach níl vóta aige toisc é bheith ro-shean.

Ach má bhí díoma ar chaitlicigh na hÉireann toisc nár ceapadh Ó Bradaigh ina Chairdinéal beidh amhras ar dhaoine eile faoi nádúr mí-dhaonlathach na hEaglaise a ligeann don cheannaire an lucht tóghóirí uile a ainmniú, nó, má's maith leis an Phápa comharba ina íomha féin a roghnú, nó smacht a choinneáill ar an eaglais blianta ina dhiaidh a thréimhse féin a chinntiú, níl aon slí níos cinntí chun sin a dhéanamh ná tríd an `freasúra' a fhágáil gan vóta.

I saol na dtuathach, tugtar `gerrymander' ar nósanna mar sin, ach b'fhéidir i saol spioradálta agus reiligiúnda go bhfuil cleasaíocht mar sin ceadmhach. Cé go mbeadh an Pápa féin ro-shean vóta a chaitheadh i dtóghchán na hEaglaise, tá na vótaí go léir aige i mbealach eile.

Ach beidh spéis ar an Phápa ar fhathanna eile an tseachtain seo nó tá rapprochement stairiúil le tarlú nuair a tagann sé isteach ar thír Cúba agus cruinniú idir é féin agus Fidel Castro, an Ceannaire Cumannach amháin atá fágtha san Iarthar.

Níl a fhios ag éinne fós an mbeidh siad ag plé cúrsaí spioradálta, nó an mbeidh an Pápa ag iarraidh maithiúnas ó Fidel, do na blianta fada nuair a chomhoibrigh an tIarthar i dtachtú eacnamaíocht Chúba, agus in imeallú pobal Chuba go pointe bochtanais.

Bí ag caint faoi pheaca; bí ag caint faoi carthanacht! B'fhiú maithiúnas a iarraidh, nó b'fhearr sin a dhéanamh in ionad an chuairt a chaitheadh thall ag céiliúradh `filleadh' mhuintir Chuba ar an chreideamh, mar atá á dhéanamh i láthair na huaire ag go leor úrlabhraithe sna meáin.

Agus ar ndóigh tá dhá `phearsantacht' agus `thoil' láidir ag cruinniú le chéile nuair a chruinníonn Eoin Pól agus Fidel, beirt a chreideann go láidir ina dtaobhanna féin den saol, beirt atá, chomh maith, ag dul in aois. Tá rás na comharbachta socraithe ag an Phápa anois, dar leis. Ní fheadar an dtabharfaidh sé aon leid d'Fhidel ar mhodhanna chuige sin do Chuba?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland