Top Issue 1-2024

11 December 1997 Edition

Resize: A A A Print

Ag iarraidh fadhb an chiníochais a nochtú

Le Marcas Mac Ruairí

Bhí taispeántas i Leabharlann Lárnach Bhardas Bhaile Atha Cliath ar na mallaibh agus é ag díriú aire ar fadhbanna na daoine siúd atá ag iarraidh tearmainn in Éirinn.

Tháinig méadú tobann ar an ghrúpa seo daoine i mbliana agus tá os cionn 4,000 ag fanacht ar fhocal ón rialas ag tabhairt cead dóibh fanacht sa tír.

Bhíos féin ann ag fiosrú cen cineál fáilte a cuireadh rompu ó mhuintir na hÉireann. Ar an chuid is mó chuamar i bhfeidhm orthu mar daoine lach, fáiltiúil, cairdiúil. `Éire an céad míle fáilte.'

Ach insíonn an graffiti ar na ballaí i mBaile Atha Cliath scéal eile. Tá ``Niggers go home,'' ``Nigger free zone'' le feiceáil fud fad na cathrach. Agus tá maslaí agus bagairtí araon faighte acu ar na sráideanna.

Ag an taispeántas sa leabharlann i mBaile Atha Cliath labhair mé le Hope Hanlon, Coimisinéir de chuid na Naisiúin Aonaithe do Dídeanaithe le freagracht ar an Ríocht Aontaithe agus Éirinn. Bhí mé ag iarraidh eolais cúlra uithi ar an mhéadú a tháinig ar lucht na dídeanaithe atá a theacht go hÉirinn. Tar éis di míniú dom faoina hiarrachtaí atá ar siúl chun teacht ar réiteach do na dídeanaithe, ghabh mé buíochas leí as a cuid ama, thiontaigh sí orm agus mé ar tí imeacht, ``No, you wait there I am not finished .... The Irish are a warm, welcoming and friendly people. You people in the media are always trying to pick on the negative!''

D'éirigh sí ar chapall ard morálacha ag rá cad a ba chóir don phreas a rá. Bhí an ceart aici insan meid is go bhfuil clú cairdiúil ar Éireannaigh ach ar chóir ligint orainn féin nach maireann ciníochas sa tír?

Dúradh uair go bhfuil Éire beagnach saor ón chiníochas. I dtuairisc Coiste Pairlimint na hEorpa ar Chiníochas in Éirinn dúradh gurb amhlaidh mar nach bhfuil daoine gorma sa tír. Is é an fo-théacs anseo ná dá mbeadh mionlach suntasach de daoine gorma sa tír, bheadh fadhb níos fairsinge againn.

Ach baineann ciníochas le grúpaí eile cosúil leis an lucht taisteála a fhulaingíonn míthuiscint agus nimh ó dhaoine socraithe. Cuireann pobail iomlán ina gcoinne agus eagraítear agóidí má dhéantar iarracht láthair a thabhairt dóibh le seirbhísí.

Tigeann an ciníochas ón aineolas, níl ciall ar bith le hiarracht séanadh go bhfuil sé ann.

Tá muid ag cur dallamullóg orainn féin má cheapaimid nach bhfuil a leithéid de rud mar chiníochas sa tír. Agus bhí an mícheart iomlan ag Hope Hanlon agus í a rá nár chóir scríobh air. Is é fríd oideachas a réiteofar an fhadhb agus ní dhéanfar sin ach má scríobhtar faoi.


Níl aon tíogar tinn mar do thíogar tinn féin



Ar feadh deich mbliana ní riabh ach dea-thuairisc sa phreas airgeadais ar ``thíogair'' na hAise thoir-theas. Anois le leathbhliain anuas is léir go bhfuil na tíogair chéanna trína chéile.

Geilleagair iad seo arb iad a dtréithe tús áite a bheith ag an easpórtáil, costais saothair ísle agus spleáchas ar infheistíocht ón taobh amuigh, go háirithe ó chomhlachtaí trasnáisiúnta.

Tá rialtais i ngach cheann de na tíortha sin a ghéilleann ó thaobh polasaí de do na trasnáisiúntáin chéanna. An chuid den bhrabach nach bhfágann an tír téann sé chuig dornán beag daoine ag barr na pirimide. Bhíodar siúd ag baint brabach ollmhór amach go dtí lár na bliana seo.

Sna 1980í cuireadh tionscail bheaga na sráidbhailte ar ceal ar fud na hAise thoir-theas agus cuireadh monarchana móra dúshaothair ina n-áit. Chomh miath leis sin díbríodh feirmeoirí ón talamh ar mhaithe le comhlachtaí talamhghnó.

Ach sa deireadh thiar thit an tóin as an mborradh. Thit peso na nOileán Filipíneacha chomh mór sin cuireadh trádáil san airgeadra sin ar fionraí. Tá dollar Shingeapór ar an luach is ísle le trí blaina anuas. Tá rinngit na Malaesia, rupiah na hIndinéise agus baht na Téalainne buailte go dona.

Le tamall anuas tá carnadh ar an méid airgid atá na tíortha sin ag íoc le fónamh ar iasachtaí ó bhainc san Eoraip, sa tSeapáin agus i Meiriceá Thuaidh.

Tháinig na Tíogair Aiseacha i dtír ar dhomhandú an mhargaidh ach anois tá siad ag tosú ag fulaingt dá bharr. Thóg siad tionscail a tháirg earraí nach raibh éileamh orthu sa mhargadh baile. Sampla de sin is ea an táirgíocht mhór ar éadaí geimhridh san Indinéis.

O ag trácht ar an Indinéis atáimid, ní miste a lua go bhfuil an Aise thoir-theas ag fulaingt tubaiste éiceolaíche de bhries ar a gcuid deacrachtaí eacnamaíocha. B'in toisc gur chuir corporáidí ollmhóra san Indinéis foraoiseacha trí thine ansin le crainn phailme a chur (ar mhaithe le táirgeadh ola pailme.)

Bíonn na hinstitiúidí airgeadais san Iarthar ag moladh na dTíogar Aiseacha go haird na spéire as a bheith sásta a ngeilleagair a oscailt don domhan mór agus a bheith tugtha do nua-chóiriú agus as an náisiúnacha eacnamaíoch a thréigint.

Sula dtáinig borradh ar gheilleagair na dTíogar Aiseacha d'fhualaingt siad uile ón tearcfhorbairt, toradh ar pholasaithe coilíneacha Shasana, na Fraince, na hIsiltíre agus na Portaingéile leis na cianta (agus ar pholasaithe na Seapáine agus na Stát Aontaithe san aois seo).

Agus iad gann ar infheistíocht tháinig na trasnáisiúntáin chucu mar Dhaidí na Nollag. Ach ba é críoch an scéil go ndearnadh sna tíortha sin forbairt eacnamaíoch de chineál a d'fhág an Aise thoir-theas spleách ar bhainc agus ar mhargaí i bhfad i gcéin.

Ní ceart go mbeadh aothú na dTíogar Aiseacha ina hábhar iontais chomh mór sin. Le roinnt mí anuas tá an Wall Street Journal agus an New York Times ag tuar go raibh anlucht ag teacht ar an margadh domhanda i gcás earraí tomhaltóireachta.

Fós lean na tíortha i mbéal forbartha de bheith ag tógáil monarchana le hearraí dá leithéid a tháirgeadh agus lean na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais de bheith ag tabhairt iasachtaí dóibh chuige sin.

Ach nuair a dhúnann Dia doras amháin oscalaíonn sé dora eile. Do lucht caipitil ar chaoi ar bith. Feictear do na baincéirí go dtugann géirchéim na dTíogar Aiseacha deis dóibh athstruchtúrú míthróciareach a dhéanamh ar na geilleagair sin agus níos mó brabaigh ná riamh a shú amach as na tíortha sin.

Tá na húsairí seo - fíor-rialtóirí na dTíogar Aiseacha - ag cur iallach ar na rialtais cánacha a ardú, caiteachas a chiorrú agus níos mó acmhainní stáit a dhíol. Pobal an réigiúin a íocfaidh go daor as géilleadh a gceannairí do na máistrí airgid.

Colm de Faoite


Seasamh Oifig an Phoist i gCoinne na Gaeilge



le Marcas Mac Ruairí

Tá Sinn Féin in Ard Mhaca Theas ag ionsaí Oifig an Phoist sa Tuaisceart mar gheall ar socrú gan cód poist a thabhairt d'eastát ag a bhfuil ainm Gaeilge air.

Agus ag tacú le seasamh Sinn Féin scríobh Comhairle an Iúir agus Mhurn litreacha agóide chuig Oifig an Phoist faoi Charraig Dubh, eastát sa sráidbhaile Béil Leice in Ard Mhaca Theas.

Deir Royal Mail nach féidir leo glacadh le hainmneacha ach amháin má tá siad as Béarla.

Ag rá go bhfuil deistín air leis an dúiltiú, dúirt an Comhairleoir de chuid Sinn Féin sa cheantar, Breandán O Luaighe, ``Is ráiméis críochnaithe é seo.

``D'aontaigh Comhairle Iúir agus Mhurn gur Charraig Dubh an t-aimn a bheadh ar an eastát seo, agus `sin an t-aimn atá a úsáid ag na húdarais pleanála. Ní thuigim cad thuige go mbeadh fadhb ag Oifig an Phoist. Sé an rud íorónach faoi ná go bhfuil an ceantar seo lán de logainmneacha Gaeilge.

``Ním an athróidh Royal Mail ainm oifig an Phoist i gCam Loch go dtí the Crooked River Post Office?'' a cheistigh sé.

Dúirt Oifigeach Forbartha na Gaeilge de chuid an Chomhairle, Gearóid McGivern go mbeidh an Comhairle ag troid an socrú.


An Cumann Luthchleas Gaeil faoi ionsaí


BHí a chuid fadhbanna féin ag An Cumann Luthchleas Gaeil an tseachtain seo, nó bhí an eagraíocht faoi ionsaí ó go leor taobhanna.

Nuair a d'fhógair Charlie Mc Creevy go mbeadh maoiniú de £20 milliúin ag dul, thar tréimhse trí bhliana, don eagraíocht ó chiste an Chrannchúir Náisiúnta, thosaigh raic cheart. Fábharachas, Fianna Fáileachas agus a leithéid á chur in aghaidh Bertie agus a dhream-san. Ach tá níos mó ná polaitiocht na bpáirtithe in aimsir na caineisnéise i gceist anseo.

Bhí go leor dena daoine a cháin an chinniúint seo ag cáineadh tacaíocht don CLG per se, iad ag rá nár chóir airgead a thabhairt do ghrúpa spóirt nach ligfeadh do dhaoine códanna peile eile mar shacar a imirt i bPáirc Uí Chrocaigh. Bhí More Mc Dowell ar RTÉ ag maíomh nár chuir sé féin cos isteach san áit ó 1954. Nó 1953. Ní raibh sé ro-chinnte. B'fhearr i bhfad leisean spoirt a imirt le `liathróid cheannphointithe'. Rugbaí duitse agus domhsa. Agus ní raibh sé ar a aonar, nó tá an iomarca daoine sa tír anois a déanann, beagnach, rud 'frithnáisiúnta' as meon náisiúnta an CLG.

Ach bhí rudaí le dul in olcas nuair a dunmaraíodh Gerry Devlin, ball den CLG, in ionsaí seicneach i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine. Duine bocht eile i sraith fhada d'íobairtí don bheithí seicneach, agus is cuma anois le clann an Doibhlinnigh cé acu dena heagraíochtaí LVF nó UFF nó UVF a rinne an feall. Tá a ngaol ar lár, agus tá tairgéad déanta d'eagraíocht spoirt in athuair.

Agus ba cheart smaoineadh ar an bholscaireacht frithCLG a ligeann do na heagraíochtaí sin baill den CLG a aimsiú mar `thairgéid'. Bolscaireacht a ritheann siar le blianta, le oraidí ó pholaiteoirí aontachta, le comparáidí díspeagtha idir `cungacht' an CLG agus `oscailteacht' na heagraíochtaí eile.

Nuair a nach bhfuil móran abhar macnamh in intinn dunmharfa gunnadóir an LVF, ciallaíonn na focail sin in aghaidh an CLG, gur `cheart' baill den CLG a mharú. An rud is náisiúnach, is namhaid é do chultúr na ndilseoirí.

Agus ansin, sula raibh an dara lá den tseachtain thart, bhí an diansolas ar an CLG arís le glaoch ó Mháire Mac Giolla Íosa ar an eagraíocht lena bunreacht a athrú agus deireadh a chur le Riail 21. Síleann sí `go bhfuasclódh sé sin alán den teannas' agus `go mbeadh an fhlaithiúlach (sin é deireadh a chur leis an riail) croíúil'. Croíúil, go deimhin.

Bhí mé buartha faoi thuiscint Mary Mc Aleese ar chúrsaí croíthe an CLG nuair a foilsíodh agallamh léi tamall ó shin i leabhar Eamonn Rafferty, Talking Gaelic. San agallamh sin, a rinneadh nuair a bhí sí ar an chéim céanna leatsa agus liomsa, mhol sí gur chóir don CLG ligint do bhaill an RUC agus Arm na Breataine, bheith ina mball ann.

Bhí sí ag caint arís an tseachtain seo chuaigh thart leis an Irish News agus dar léi anois, ag labhairt ex cathedra ina ról mar Uachtarán, creideann sí go gcuirfeadh cinniúint chun deireadh a chur le Riail 21 teachtaireacht iontach de dhóchas agus fhlaithiúlacht.

B'fhéidir go gcuirfeadh. Ach dá mba mise i mo bhall den CLG , léifínn teachtaireacht eile ina ráiteas-sa. Léifínn teachtaireacht a déanann neamhaird de chroí an CLG, a déanann beagspéis de bhlianta fada leatróime, de bhlianta fórlámhas ar pháirceanna spoirt na heagraíochta, de bhlianta d'ionsaithe ar chlubanna agus táilte agus baill an CLG agus de bhlianta séanadh cabhair stáit, mionaigneachas agus dúracht ranna rialtais, agus bagairt agus rabhadh ó fhórsaí an stait.

Agus ina dhiaidh torramh Gerry Devlin, bhéinn ag lorg comhartha iontach dochais agus flaithiúlacht ón mheon a déanann `naimhde' den CLG agus trína focas air, a ceadaíonn - i mbealai indíreacha nó díreacha - ionsaithe air.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland