Top Issue 1-2024

27 November 1997 Edition

Resize: A A A Print

Tapadóir gan téagar

B'fhéidir gur réabhlóidí go smior é Ruairí Quinn. Más ea coinníonn sé ina rún é agus is fada ó lig sé an cat as an mála. Ní cuimhgin le haon duine go ndúirt sé aon rud faoi shóisialachas ó bhí sé ina mhac léinn. Go deimhin níuor luaigh sé aon rud le fada anlá a thabharfadh le fios go raibh an mhíchchothromaíocht shóisialta ag dó na geirbe aige.

Níl d'aisling luaite aige leis na blianta ach ``Eire Liobrálach nua-aimseartha Eorpach.'' D'fheádfá ceisteanna a chur faoi gach ceann de na haidiachtaí sin ach fuaimíonn siad go breá agus tú ag lorg vótaí ó na saibhir i dTriantán Dhomhnach Broc. Bheadh Ruairí agus a chuid manaí slán sa Pháirtí Daonlathach. Agus bheadh na vótóirí céanna mar chroíleacán tacaíochta aige.

Ní hé nach n-éiríonn Ruairí corraithe faoi chursaí. Lá dá raibh sé in Oslann Buswell i ngar do Theach Laighean rinne sé gearán leis an mbainistíocht go raibh poblachtach aithnidiúil i láthair agus go raibh freastal á dhéanamh air. Fair play don bhainisteoir thug sé an chluas bhodhar don ghearán agus níro chuir sé isteach ná amach ar an gcustaiméir eile.

I gcónaí bhreathnaigh Quinn ar Pháirtí na Lucht Oibre mar ghaireas le cumhacht a bhaint amach. Ní léir gur tháinig polaitíocht isteach sa scéal. Nuair a bhí comhaontú ``bogha ceatha'' ar Chomhairle Cathrach Bhaile Atha Cliath (idir an Lucht Oibre, an Comhaontas Glas, Páirtí na nOibrithe agus na comhairleoirí pobail) d'fhéach Quinn chuige gur fágadh Tony Greogort amach as an gcomhaontú, rud a chinntigh nach bhféadcfadh Gregory a bheith ina Ardmhéara. Tá sé ráite gur shín Quinn foirm iarratais ar bhallraíocht i bPaírtí an Lucht Oibre chuig Gregory nuair a rinne sé siúd gearán leis.

Is cuimhin liom féin ócáid i Halla na dTáilliúirí nuair a chosain Quinn an nós a bhí ag rialtas Fhainan Fáil na linne a chuid úspairí a cheapadh ina mbreithiúna. Dar le Ruairí ní raibh dada cearr leis sin. I mbeagán focal dhéanfadh seisean an rud céanna nuair a bheadh sé i gcumhacht. ``That is perfectly right. That is how the system works,'' ar sé. An té a mbíonn an bua aige bíonn an chreach aige.

Bhí mí-ádh ceart ar Pháirtí an Luicht Oibre lena chuid ceannairí ach bhí macántacht ag baint le Frank Cluskey, Tom Johnson agus Brendan Corish. Augs d'fhéadfaí náire a chur ar Dick Spring. Théadh sé ar buille nuair a chuirtí ina leith go raibh feall déanta aige ar an gcosmhuintir. Tá Ruairí Quinn gan náire.

Bítear ag déanamh buaileam sciath de gurbh é Séamas O Conghaile bunaitheoir pháirtí an Lucht Oibre. Bhunaigh sé Páirtí Poblachtach Sóisialacha na hEireann (IRSP) i 1896. As sin a d'eascair Cumannacht na hEireann/Socialist Party of Irlenad arbhlé an Conghaileach a phríomhthimire ó 1910. Thug an Conghaileach comhthionól le chéile den pháirtí sin móide craobhacha Eireannacha den ILP agus an BSP san Antient Concert Rooms, Baile Atha Cliath (fothrach i Sráid an Phiarsaigh anois), aimsir na Cásca 1912.

Ba é gnó an chruinnithe páirtí aontaithe lucht oibre a bhunú. D'imigh teachtaí an BSP abhaile ó chuir duine éigin Union Jack ar thiarseach an dorais. Mar a dúirt Desmond Greaves: ``Trampling on teh symbol of teh forcible fusion of nations was more than the represtnatives of teh revolutionary prolatariat could stomach.''

Roinnt seachtainí níos déanaí bunaíodh Páirtí Lucht Oibre na hEireann de dheasca rún a mhol an Conghaileach ag comhthionól bliantúil comhdháil na gceardchumann i gCluain Meala. Cé gurbh é an Conghaileach príomhbhunaitheoir an pháirtí níor ghlac sé mórán páirte ann. Cúis amháin a bhí leis sin na deacrachtaí a bhí aige oibriú go dlúth le Jim Larkin, cathaoirleach bunaidh an pháirtí. Ba é an Lorcánach a bhí i gceannas ar an gConghaileach ina phost faoi thuarastal san ITWU. Cúis eile ba ea an chaoi ar ghlac na ceardchumainn smacht ar an bpáirtí nua.

Níl traidisiún Shéamais Uí Chonghaile marbh ar fad i bPáirtí an Lucht Oibre ach, faraor, ní hé atá in uacthar.

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland