Top Issue 1-2024

6 November 1997 Edition

Resize: A A A Print

An eiseamláir a scanraíonn

An mhí seo caite a cuireadh Ernesto Che Guevara i gCúba 30 bliain i ndiaidh báis dó. Ba dhuine de mhuintir Uí Loinsigh í a sheanmháthair athartha. Mar sin féin ní raibh aon ionadaí ón stát Éireannach i láthair ag an athadhlacadh. Tá diaspora agus diaspora ann. Níor fhág an tórramh aon duine in amhras faoin ngean a thugann muintir Chúba dá chuimhne, fiú an ghlúin óg nach cuimhin leo réimeas Bhatista.

Nuair a bhíonn an crú ar an táirne ní miste eiseamláir laochra a sheas sa Bhearna Bhaoil a thabhairt chun cuimhne. Is iomaí tagairt a rinneadh de Che le linn an chúigiú comhdháil de Pháirtí Cumannach Chúba trí seachtaine ó shin, ní nach ionadh. Rinneadh tagairt níos minice fós d'fhuascailteoir na tíre sa aois seo caite, José Mari. Tá sé suntasach gur thug réabhlóidithe Chúba le 38 bliana anuas ómós poiblí níos mó dó siúd ná do bhunaitheoirí Eorpacha an tsóisialachais. Is mar sin is ceart óir is é an gad is gaire don scornach ag muintir Mheiriceá Laidinigh an deis a bheith acu a gcinniúint féin a shocrú.

Nuair a díbhunaíodh stáit shóisialacha tosaigh na hEorpa, agus go háirithe tar éis turnamh Aontas na Sóivéide, fágadh Cúba san fhaopach.

Tháinig deireadh le soláthairí óla ar phraghas íseal agus le hiasachtaí Sóivéadacha. Bhí titim de 75% ar iompórtálacha. Thit caighdeán maireachtála na ndaoine. D'éirigh busanna agus cairr gann ar na sráideanna i ngeall ar easpa breosla agus b'éigean ciondáil a dheánamh ar bhia. Bíonn Cúba ag brath ar iompórtáil bia ó tá a cuid talmhaíochta tugtha an iomarca don aon bharra amháin, an siúcra. Cuireadh tús leis an ``Ré Speisialta'' mar a thugann muintir Chúba ar an éigeandáil ina bhfuil siad.

Agus pobal an oileáin in umar na haimiléise ghéaraigh Washington ar an léigear eacnamaíoch atá ar bun ó 1964. Chuir George Bush cosc ar sholáthairtí daonnachtúla (trealamh míochaine agus cógais leighis) agus tosaíodh ar iarracht ar smachtbhannaí a chur i bhfeidhm in aghaidh aoinne ó thíortha eile a bhí i mbun trádáil le Cúba. De réir reachtaíocht Helms-Burton cuireann na Stáit Aontaithe rompu píonós a ghearradh ar dhaoine, ar ghnólachtaí agus fiú ar stáit nach mbaineann lena ndlínse féin as trádáil a dhéanamh le Cúba.

Is éachtach mar atá muintir Chúba ag tabhairt aghaidh ar fhadhbanna na Ré Speisialta. Tá dhá mhilliún rothar in úsáid sa tír mar ghnáthchóras taistil (a bhfuil daonra 11 mhilliún inti). B'éigean an dollar Meiriceánach a cheadú mar airgead faoi chuinsí áirithe agus tá teacht isteacht suntasach ag an tír dá dheasca. Tá fadhbanna tar éis teacht chun cinn dá bharr freisin ach tá ceannairí na tíre idir dhá cheann na meá maidir leis sin.

Sleamhnaíonn na mílte Cúbán-Mheiriceánaigh isteach sa tír gach bliain (trí Cheanada nó Meicsiceo) agus tugann siad a gcuid dollar leo. Cuireann Ciubánaigh thar lear neart airgid ar ais chuig a ngaolta, tuairim is $800m sa bhliain, más fíor. Agus is foinse mhór airgid chrua í an turasóireacht.

Ceadaítear gnóthais bheaga phríobháideacha in earnálacha áirithe i gCúba anois ach in ainneoin na ndeacrachtaí móra atá á bhfulaingt ag muintir na tíre níor smaoiníodh riamh ar chiorrú a dhéanamh ar bhunghnéithe den chóras: oideachas agus seirbhísí sláinte saor in aisce do chách agus pinsean stáit a bheith i ndán do gach saoránach.

Níl de mhíniú ar an bhfuath aonsmaointeach atá ag an mbunaíocht Mheiriceánach do Chúba, go gcuireann eiseamláir na réabhlóide ansin scanradh orthu.


Saoirse Anois do Sheán Kinsella!



Tá tacaíocht ag fás don fheachtas atá á eagrú ar son Seán Kinsella, cime atá faoi ghlas i bPríosún Phortlaoise. Chruinnigh 400 duine le chéile an tseachtain seo chuaigh thart le haghaidh feighil coinnle i gCluain Eois, Contae Muineacháin agus iad ag eileamh saoirse don chime. Tá cás Sheán Kinsella ar cheann des na cásanna is míchothroime faoi láthair, nó tá Seán ag cur téarma saoil isteach sa tír seo, téarma a gearradh air siar i 1974. D'éalaigh sé as an phríosún tamaillín ina dhiaidh sin ach gabhadh air arís i sasana. Idir an dhá linn, chaith Seán Kinsella 21 bhliain faoi ghlas thall. Scaoileadh saor é i Mí Márta 1996 agus d'fhill sé ar an bhaile, agus ba mhór an fáilte poiblí a cuireadh roimhe ansin. Chaith sé an chéad bhliain eile ina chónaí, go hoscailte, sa cheantar. Ach bliain ina dhiaidh sin gabhadh arís é, de bharr an téarma saoil ar daoradh air in Éirinn i 1974. Tá fearg ar go leor daoine ina cheantar, mar is léir ó mhéid an tslua a bhí páirteach san agóid an tseachtain seo caite, mar gheall ar an chasadh seo ar scéal Kinsella, agus ceapann go leor anois go bhfuil an stait ag imirt díoltais air mar gheall ar éaló as Charcair Phortlaoise 23 bhliana ó shin. Agus cé go bhfuil 21 bliain curtha isteach aige thall, tá na húdarais anseo anois ag súil go gcríochnóidh sé an téarma iomlán den céad daoradh. B'é Máire Connolly, úrlabhraí an Ghrúpa Saoirse i gCluain Eois, a bhí ina cathaoirleach don chruinniú ar 24 Deireadh Fómhair agus ar an ardán lei bhí an tAth. Joe Mc Veigh agus Comhairleoir Pat Treanor. Léamh litir tacaíochta óna cimí i Sasana chomh maith. Bhí imeacht eile níos moille an oíche céanna nuair a labhair Caoimhghin Ó Caoláin TD i bhfabhar an fheachtais.

Camchuairt ar an Bhruiséal


`Labhair muid le go leor ionadaithe tofa, le dlíodóirí, le feisirí pairliminte agus fiú le Uachtarán an Chúige Gent i bhFlanders, agus d'ardaigh muid cás na gcimí chuile áit'. Sin mar a chuir Bernie Farrell síos ar chamchuairt ar an Bhruiséal lei féin, Anne O Sullivan (Roinn na gCimí) agus Edel Kelly, céile Patrick Kelly atá faoi ghlas i Sasana. Eagraíodh an chuairt le poiblíocht a ardú ar mhoill ar na cásanna aistrithe, ar cheist na SSU, ar chás na gcimí a bhfuil breis agus 22 bhliana déanta i Sasana agus na cimí a bhfuil téarmaí 40 bliain le déanamh i bPortlaoise.

B'é an dlíodóir Piet de Pauw a d'éagraigh camchuairt an tríur agus le linn an deireadh seachtaine chruinnigh siad le Magda Aelvoef, Patricia Mc Kenna agus Jaac Vandemoullebrouckf, Teachtaí Pairliminte na hEorapa. Labhair siad chomh maith le seisear Teachta ó Phairlimint na Beilge agus Teachta Pleamais chomh maith agus tugadh eisteacht maith dá n-éilimh. Bhí an-speis ag na meáin chumarsaide Beige i scéal an tríur agus labhair siad ar theilifis agus ar an raidió faoi dhrochstat na gcimí.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland