Top Issue 1-2024

4 September 2017 Edition

Resize: A A A Print

Comortas? Mó Thóin!

SÉ ‘COMORTAS’ an focal reatha ag trachtairí eacnamaíochta, agus réiteach é dar leó ar gach fadb eacnamaíochta freisin.

Tá praghsanna tithíochta ag dul in airde an iomarca?  Deir siad go gcoinneóidh ‘comortas’ srian ar na praghsanna.  Tá costas árachais – mótair agus tithe – ag dul as smacht?  Cén réiteach eile ach tuilleadh chomortais.

Seo toradh na léachtanna ollscoile a chuala na tráchtairí go léir, toradh a bhaineann le teóiric airithe faoin scéal.

Ar ndóigh, oireann an teóiric seo don dearcadh a thugann túsáit don mhargadh thar riachtanaisí daoine, amhail is dá mba rud ann féin é an margadh seachas tuiscint daoine ar an gcaoi go bhféidhmíonn cúrsaí díola is ceannaigh.

Agus ar ndóigh, cinnte, sé an bundearcadh aicmeach ag na léachtóirí atá taobh thiar den riail eacnamaíochta seo a leagann siad síos.

Ach sa saol mór féin, ní cosúil go bhfuil an scéal chómh simplí.

Mar shampla, roinnt blianta ó shoin bhí argóintí móra ann faoi chostas árachais mhótair.  Cuireadh lucht feasa le chéile agus – go bhfóire dia orainn – chinn siad go raibh tuilleadh chómhortais ag teastáil sa ngeilleagair.

Ghlac rialtas na linne leis an bpolasai sin is athraíodh dlithe is rialacha stáit le cabhru le comhlachtaí nua teacht isteach, an-chuid acu ón gcoigrích.

Agus an toradh fírinneadh?  Támuid inniu ag plé na faidhbe céanna, de reir mar a théanns costas árachais as smacht arís.  Tá an ionam airgid dha thabhairt amach ag na cúirteanna ar éilithe, is nach mór srian a chur leis sin. Agus, le bheith cinnte, tuilleadh chomortais arís.

Tá reiteach eile ann ar ndóigh, ach réiteach é nach gceadaítear: sé sin, go gcuirfeadh an stát srian ar an gcostas! Ní bheadh brabús ann, deir na tráchtairí, agus ní bhíonn plé ar bith eile faoina leithéid.

Ach ní saor-chinneadh é árachas mhótair a fháil.  Tá iachall dlí ar dhaoine é a cheannach.

Ach tá sampla ann de thír nach mbíonn an fhadb sin ann, agus sin í an Astráil. San Astráil tá bun-árachas – árachas tríú pairtí, mar a thugann muide air – ag gach éinne a bhfuil ceadúnas tiomána aige nó aici; agus íoctar é tré táille ar bhreosla.

Fágtar árachas lánchuimsitheach faoi dhaoine go pearsanta, ach toisc go bhfuil ualach an bhunárachais ar an stát déantar monatóireacht ghéar ar chostas deisithe.

Sin comortas de chineál eile – comortas an stáit i gcoinne comhlachtai príobhaideacha.

Ach níl tuilleadh chomortais den chineál sin ag teastáil óna daoine i gceannas.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland