Top Issue 1-2024

4 September 2017 Edition

Resize: A A A Print

Conspóid Cúram Leanaí i gConamara

Impleachtaí do phleanáil teanga sa Ghaeltacht tré chéile

TÁ CUID mhaith cainte tarraingthe le cúpla seachtain anuas maidir le ionad cúram leanaí i gConamara a dtugtar an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, nó An Crann Taca air. Ionad lán Ghaeilge atá anseo, a chuireann seirbhísí éagsúla luathoideachais agus cúram leanaí ar fáil i gceantar Chois Fharraige. Ach, tá míshásamh imeasc roinnt mhaith tuismitheoirí agus daoine sa bpobal maidir leis an gcaoi a bhfuil siad ag dul i mbun a gcuid oibre.

Baineann cuid na deacrachtaí le stair fhada san ionad ó thaobh athruithe foirne, deacrachtaí bainistíochta agus maoiniú an ionaid.  Baineann roinnt eile le h-easpa cumarsáide rialta maidir le gach a bhfuil ag tarlú ann.

Níl sé éasca ionad cúram leanaí a rith. Tá tú ag brath go mór ar choistí deonacha, foireann dhílis ar dhrochphá agus toil na dtuismitheoirí. Tá sé iontach deacair oibrithe a earcú san earnáil mar nach bhfuiltear ach ag íoc beagán le cois an íosphá náisiúnta leo agus ar an taobh eile tá na dualgais ag méadú agus táthar ag súil le cáilíochtaí níos airde an t-am ar fad.

Tá an scéal níos casta arís nuair is seirbhís trí mheán na Gaeilge atáthar ag cur ar fáil, mar go bhfuil tú ag lorg duine le Gaeilge líofa sa bhreis ar an méid eile ar fad. Ní bhíonn sé éasca teacht ar na daoine seo. Níos deacra arís amuigh faoin dtuath agus feiceann muid oibrithe ag fágáil na h-earnála  agus iad ag glacadh le postanna mar chúntóirí riachtanais speisialta is a macasamhail, mar go bhfuil pá níos fearr le fáil ar uaireanta níos lú agus strus níos lú ag baint leis deir siad.

Tá casadh eile ar scéal nó dhó eile ar scéal An Chrann Taca áfach. Tógadh an t-áras seo ar fad leis an bpríomhchuspóir ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn. Is ar an mbunús sin a fuair siad an maoiniú ar fad. Bhí conspóid ann cúpla bliain ó shin nuair, in ainneoin riar mhaith airgead a chur ar fáil don tógáil, nár éirigh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte lonnú ann de bharr nach raibh bainistíocht an Ionaid sásta ó thaobh polasaí teanga di.

pg12-1

Bhí deacrachtaí airgeadais ag an ionad anuas tríd na blianta chomh maith. B’éigean socrú a dhéanamh ar feadh roinnt blianta go gcuirfeadh Comharchumann Shailearna teo., eagraíocht forbartha pobail áitiúil, seirbhís bainistíochta ar fáil don ionad. Anois, táthar ag cur socrú nua eile bainistíochta i bhfeidhm agus baint ag comhlacht tithíocht pobail Tearmann Éanna leo. Níl sé iontach soiléir cén ceangal dlíthiúil atá idir na h-eagrais éagsúla seo, ná cá luíonn an bhróg ó thaobh freagracht sláinte & sábháilteachta agus cosaint leanaí di.

Tá cuid mhaith cainte tarraingthe chomh maith ag an gcur chuige ó thaobh sruthlú páistí sa naíonra bunaithe ar chumas a dteanga labhartha. Tá dream amháin go láidir ar a shon agus tuismitheoirí eile den tuairim go ndéanfaidh sé dochar ó thaobh sóisialú na bpáistí di. Is deacair feiceáil cén réiteach a bheidh ar an scéal a shásóidh gach duine.

An bun rud a theastaíonn chun teacht ar chomhthuiscint, ná díospóireacht agus plé macánta. Cinnte, caithfear gach deis a thabhairt an Ghaeilge a shealbhú imeasc an dream a labhraíonn sa mbaile í agus cur ina luí ar thuismitheoirí an méid Gaeilge atá acu a úsáid leis na páistí. Ar an taobh eile sa gcás is go bhfuil lánúin, atá ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ag a gclann ach nach bhfuil Gaeilge ag duine nó fiú an bheirt acu, caithfear tacaíochtaí praiticiúla a chuir ar fáil dóibh le gur féidir sin a dhéanamh. Ní leor pacáistí eolais agus físeáin agus ‘ar aghaidh libh’.

Má tá múnla na nIonaid Tacaíochta Teaghlaigh chun feidhmiú i gceart, caithfear freastal ar na leibhéil éagsúla Gaeilge sa bpobal ar a bhfuil siad ag freastal. Caithfear sin a dhéanamh taobh istigh de na rialacháin éagsúla a bhaineann le cúram leanaí & oideachais chomh maith. Caithfidh an pobal a bheith taobh thiar den pholasaí, rud a chiallaíonn go gcaithfear é a phlé, a mhíniú agus a aontú leis an bpobal thrí chéile. 

Má airíonn daoine go bhfuiltear ag brú tuairim ‘mhionlaigh’ in aghaidh a dtola ar chuid mhaith eile, gan amhras beidh aighneas ann. Is léiriú é sin domsa go bhfuil tear ag teip ó thaobh na pleanála teanga sa gcás sin, mar cruthófar deighilt sa bpobail agus naimhdeas don teanga, rud nach bhfuil aon duine ag iarraidh.

Plé aibí mhacánta an réiteach agus is féidir sin a dhéanamh, dar liom.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland