Top Issue 1-2024

1 August 2017 Edition

Resize: A A A Print

Is féidir leis na Breatnaigh rud nó dhó a mhúineadh dúinn

TÁ CATH tábhachtach ar siúl maidir le hAcht Teangan ó thuaidh, ach is ceart cuimhneamh go bhfuil cath ar siúl ó dheas freisin le fírinne a dhéanamh dena prionsabail is dena geallúintí atá déanta i leith na teangan.

Tá dualgaisí i leith na Gaeilge curtha ar na comhlachtaí poiblí ar fad nach mór. Ach ní thugann cuid mhaith de bhainisteóirí na gcomhlachtaí aird ar bith ar na dualgaisí seo - sa stáitsheirbhís agus i ngnólachtaí ar leis an stát iad i gcónaí.

Mar a deireann an t-eólaí, tá cuid déanta, tá a lán le déanamh go fóill.

Mar sin fhéin ní cóir go mbeadh muid teoranta do chomhlchtaí poiblí, mar - ar ndóigh - tá tionchar níos mó go minic ag comhlachtaí príobháideacha, nó comhlachtaí a bhíodh poiblí ach a príobháidíodh, orainn.

Mar shampla, bhain an Post leis an stát tráth, ach anois, mar chomhlacht phríobháideach, tá sé saor óna dualgaisí a leagtar síos sa reachtaíocht. Bíonn gearáin ann go forleathan, mar sin, go mbíonn moill ar phost a bhfuil an seóladh i nGaeilge ann, nó go minic ní thagann sé a chor ar bith.

Bhí an t-am ann nuair a bhí sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag oibrithe poist - ar a laghad ag leibhéal go mbíodh siad in ann seoltai as Gaeilge a aithint. Ach níl sé riachtanach a thuilleadh, agus an leithscéal atá ag an bPost ná nach bhfuil Gaeilge ag eachtrannaigh agus gur eachtrannaigh a lán dá gcuid oibrithe anois!

Agus an toradh? Ní fhaigheann Gaeilgeóirí seirbhís cheart.

Is fiú súil a chaitheamh ar an mBreatain Bheag. Ní hamháin go bhfuil dualgaisí i leith na Breatnaise ag gach comhlacht stáit, gach comhairle condae, bord sláinte, oideachais is eile.

Má ghlaonn tú ar na comhlachtaí seo, is tú ag labhairt Breatnaise, bíonn duine ann le Breatnais a labhairt leat.

Ach anois tá siad ag dul nios faide.  Aontaíonn 57% de mhuintir na Breataine Bige gur cheart go mbéifear in ann Breatnais a labhairt le bainc is le hinstitiúidí airgeadais eile.  Aontaionn 51% gur chóir go mbeadh dualgas dlí ar lucht ollmhargaí féachaint chuige go bhféadfaí gnó a dhéanamh ann as Breatnais.

Sé sin ní féidir le comhlachtaí iad féin a cheilt taobh thiar den argóint gur gnólachtaí príobháideacha iad.

Nach sampla maith é sin dúinne in Éirinn?

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland