Top Issue 1-2024

2 May 2017 Edition

Resize: A A A Print

Is glas iad na Gaeil i bhfad uainn!

Níor thréig na Gaeil Mheiriceánaigh a ndúchas poblachtach

• I gcomhluadar Marty Glennon agus Paddy Dolan ag comóradh na Cásca i Mineola, Nua Eabhrach

Ná déanfaimid dearmad ar na Gaeil thar lear. Ná déanfaimid beag is fiú don ról a d’imir siad sa streachailt go dtí seo agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu sna blianta beaga atá le theacht

NÍ FÉIDIR BEAG is fiú a dhéanamh don tacaíocht a thugtar sna Stáit Aontaithe don streachailt phoblachtach agus beidh gá níos mó ná riamh leis sin sna blianta beaga atá romhainn.

Bhí sé d’onóir agam i mbliana a bheith sna Stáit Aontaithe mar aoí-speisialta do na comórthaí a bhí ar siúl aimsir na Cásca. Le linn mo thuras ar Bhostún, Chicago agus Nua Eabhrach, chas mé le poblachtaigh Éireannacha, polaiteoirí, ceannairí ceardchumainn, mic léinn, eisimircigh agus Gaeil Mheiriceánacha den uile chineál.

An rud is mó a théann i gcionn orm ar na turais seo agus mé i mo ról mar urlabhraí Shinn Féin don Diaspóra, ná chomh h-eolach is atá na Gaeil anseo ar a bhfuil ag tarlú sa mbaile agus an suim atá acu i gcúrsaí.

Níl aon dabht ann, ach go bhfuil an domhan ag athrú an-sciopaí. Ó thaobh na polaitíochta di i Meiriceá tá an t-athrú réimeas ag cur imní ar Ghaeil nach bhfuil a gcuid páipéir ar fad acu. Deir Méara Marty Walsh i mBostún liom nuair a chas mé leis ann áfach, nár chóir an iomarca imní a bheith ar na Gaeil céanna ach go gcaithfidh siad a bheith cúramach gan aon rud seafóideach a dhéanamh, nó an dlí a bhriseadh, mar gur beag dliteanas atá aige chun cuidiú leo má tharlaíonn sin.

Tá dream sna Stáit chomh maith a bhí iontach gníomhach sa streachailt ar bhealaí éagsúla anuas tríd na blianta agus níl an lasair ina gcroíthe siúd aon rud níos laige de bharr an t-achar ó bhaile is atá siad ná an t-achar ama atá imithe thart. Is iontach an inspioráid iad agus an méid ar thug siad suas ar son na saoirse. 

Tá Gaeil eile anseo chomh maith i measc cuid de na daoine is cumhachtaí sa gcóras. Ag an gcomóradh i Mineola, Nua Eabhrach bhí mé i gcuideachta breithiúna Cúirt Uachtaraigh agus Dúiche, baill Comthionóil agus polaiteoirí eile, Ceannairí na bPóilíní agus an Bhriogáid Dóiteáin agus lucht gnó a bhfuil a saibhreas déanta acu.  Bhí bís orthu ar fad maidir leis na dúshláin agus na deiseanna a thagann leis an mBreatimeacht, go h-áirithe i gcomthéacs na féidearthachtaí ó thaobh athaontú na tíre.

pg9-2

 I gcuideachta Mic Léinn ón gCumann Dlí Éireannach in Ollscoil Hofstra

Chas mé leis na gnáth Gaeil Mheiriceánaigh ag ócáidí agus in ionaid éagsúla freisin. Bhí mé ag caint le lucht ceardaíochta ar shuíomh tógála i mBostún agus iad ag rá go bhfuil an t-uafás oibre ann agus is beag dóchas atá acu go bhfillfidh siad abhaile sa ngearrthéarma. Easpa oibre, droch-phá agus an iomarca constaicí praiticiúla a thiomáineann an mheon atá acu deir siad.

Bhí sé d’ádh orm tamall a chaitheamh i gcomhluadar George Mitchell chomh maith agus bhí cur síos an-spéisiúil aige ar na cainteanna a bhí mar bhunús ag Comhaontú Aoine an Chéasta. Dúirt sé gur thuig sé nach comhaontú foirfe a bhí ann. Deir sé chomh maith gur ceann de na rudaí ba dheacra a bhaint amach ná gach duine a thabhairt le chéile. Bhí suas le deich dtoscaireacht páirteach sna cainteanna ar fad agus chinn air iad ar fad a chur ag suí síos le chéile ag aon phointe le linn na cúig bhliana de chomhráití. Mar mhagadh, d’fhiafraigh mé dó an mbeadh fáil air as seo go ceann cúpla mí dá dteastódh sé arís agus bhí sé an-tapaidh ag rá nach mbeadh! Sílim go dtuigeann sé an sáinn ina bhfuil cúrsaí ó thuaidh.

Rud eile a thug an-mhisneach dom áfach, ná an suim thar na bearta atá ag roinnt mhaith ógánaithe i gcúrsaí Éireannacha. Bhí mé ag ócáidí i dhá ollscoil faoi leith ag labhairt le mic léinn dlí a bhfuil suim faoi leith acu i bpolaitíocht na hÉireann. Bíonn cuid acu in Éireann agus iad i mbun intéarnachtaí agus is maith an chúltaca a bheidh iontu siúd nuair a bheidh siad ar ais sna stáit, lán-cháilithe agus iad i mbun oibre, stocaireachta, nó polaitíochta amach anseo.

Ná déanfaimid dearmad ar na Gaeil thar lear. Ná déanfaimid beag is fiú don ról a d’imir siad sa streachailt go dtí seo agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu sna blianta beaga atá le theacht. Deir an forógra gur chóir don phoblacht an gean céanna a bheith acu ar gach mac máthair Éireannach. Ciallaíonn sé sin na Gaeil i bhfad i gcéin chomh maith.

pg9-3

• Ag bronnadh mapa pearsanta ar Mhéara Bostún Marty Walsh

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland