Top Issue 1-2024

3 April 2017 Edition

Resize: A A A Print

Beannacht leat a Mháirtín

Fear cróga, fear físe, fathach fir

Sin ceann de na tréithe ba láidre a bhí aige dar liom, nach ar mhaithe leis féin a ndearna sé aon cheo ach ar mhaithe lena phobal, lena mhuintir, lena gcuid comh-shaoránaithe

CHEAPFÁ nach mbeadh rud ar bith a chuirfeadh faitíos ar Mhartin McGuinness. Ach, fuair mé amach agus mé ag taisteal leis ar an ‘Bus Cogaidh’ le linn feachtas toghchán na h-Uachtaránachta go raibh eagla an domhain air go mbeadh air óráid nóiméad a dhéanamh tré mheán na Gaeilge le linn díospóireacht na gceannairí ar TG4.

Chaith mé dhá lá i gcuideachta Martin agus foireann an fheachtais ag dul ó bhaile go baile an t-am sin, agus mé ag tabhairt cúnamh dó ullmhú don óráid úd. Mhínigh sé dhom nár fhoghlaim se Gaeilge ag an scoil agus go raibh caith ina dhiaidh air ó shoin nár éirigh leis a theanga dúchais a bhreith leis. Ach, ba léir go raibh an-ómós aige don teanga agus é ar a mhíle dícheall ag cur na focail de ghlanmheabhair, mar gur thuig sé an tábhacht a bhain leis do bhaill an pháirtí agus do phobal na Gaeilge agus na hÉíreann.

Sílim go mba sracfhéachaint domsa é sin ar an cur chuige a bhí ag an bhfear uasal, gealgháireach tiomanta seo, a d’imigh uainn, i bhfad ró-óg, le déanaí.

Rinne muid neart gáirí ar an mbus. In ainneoin chomh tuirsiúil is a bhí an fheachtas dó, bhí aoibh gháire ar Mhartin áit ar bith a ndeachaigh muid agus bhí gean dáiríre le brath ó dhaoine dó áit ar bith ar an gcamchuairt. B’iontach an ambasadóir don pháirtí agus don ghluaiseacht é.

Bhí neart scéalta grinn aige leis an mbóthar idir ócáidí a ghiorrú chomh maith. Scéalta faoin gcaidreamh fhuar, naimhdeach a bhí ag na hAontachtaithe dó nuair a cuireadh bun leis an gComthionóil ar dtús agus an chaoi a ndeachaigh sé i gcion orthu, go dtí an fíor-chairdeas a chruthaigh sé le leithéidí Ian Paisley i ndeire a laetha siúd. Bhí scéalta aige faoin bpróiseas cainteanna san Afraic Theas faoi scátha an ANC, faoi phearsantachtaí idirnáisiúnta ar nós Nelson Mandela, Bill Clinton, Tony Blair agus cuid mhaith eile. Státaire a bhí i Máirtín, gan aon dabht.

D’inis sé faoi na h-uafáis a bhíodh ag tarlú dá phobal i gceantar Thaobh a’Bhogaidh, a mba spreagadh iad do ghníomhaíocht McGuinness i ngluaiseacht na Poblachta.  Sin ceann de na tréithe ba láidre a bhí aige dar liom, nach ar mhaithe leis féin a ndearna sé aon cheo ach ar mhaithe lena phobal, lena mhuintir, lena gcuid comh-shaoránaithe.  Ag seasamh an fód ar son an chirt, ar son cothromas agus ar son an rannpháirtíocht.

Ach, in ainneoin go raibh cleachtadh ag Martin ar a bheith ina státaire ar an stáitse domhanda ba duine de na gnáth dhaoine é. Bua faoi leith a bhí aige ná gur bhrath tú agus tú ina chuideachta go raibh suim dáiríre aige ins an méid a bhí le rá agat. Agus bhí. Mar sin, is iad na cuimhní pearsanta sin den am a chaith daoine ina chomhluadar is mó a bhí ag teacht chun cinn agus muid ag caoineadh a bháis. 

Ceann de na cuimhní pearsanta is mó atá agam féin dó, ná nuair a tugadh cuireadh dom freastal ar chruinniú phríobháideach idir Martin, Gerry Adams agus an Prionsa Seárlas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i 2015. 

An t-aon dream eile a bhí I láthair ná rúnaí phearsanta Seárlas agus Ambasadsóir na Breataine. Ba é seo a chéad uair ar chas Gerry leis an bPrionsa, ach bhí Martin i ndiaidh bualadh leis roimhe sin. Mar sin, bhí roinnt chaint dhíreach le déanamh mar thús, ach, níl aon dabht gur chuidigh pearsantacht réidh, socúlach Martin McGuinness leis an gcaint a threorú i dtreo an todhchaí, an athmhuintearas agus i dtreo daingniú na síochána.

Bhí beagán diabhlaíocht ag baint leis chomh maith agus é ag spochadh as Gerry Adams faoin nós atá aige dhul amach sa dúlra agus barróga a bhreith ar chrainnte – ach thuig sé go maith go n-osclódh sé sin suas an chomhrá maidir leis an tsuim a bhí ag Seárlas féin sa bhfoghlaeireacht, sa gcomhshaoil agus dar ndóigh san iascaireacht slaite. Bhí fhios aige go maith céard a bhí sé ag déanamh.

Ní líonfar an folús atá fágtha ag Martin McGuinness i ngluaiseacht na Poblachta go deo, agus ní chóir dúinn a bheith ag iarraidh é a líonadh. Ach, tiocfaidh ceannaireacht nua chun aibíochta. Beidh muid ar fad ag baint ionspioráide as sampla Martin. Sin an dualgas atá orainn. Mar a thuig seisean go raibh sé de dhualgas air féin tógáil ar oidhreacht na bhfathaigh poblachtánacha uile a chuaigh roimhe féin. Beannacht leat a Mháirtín. 

Tá do chion féin déanta agat a chomrádaí, lig do scíth anois.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland