Top Issue 1-2024

13 March 2017 Edition

Resize: A A A Print

Tá sé in am dúinn athrú

Bíonn lucht na Gaeilge ró-bheasach

Nuair a chaitheann an DUP anuas ar an nGaeilge tá siad ag caitheamh anuas freisin ar chuid d’oidhreacht na bProtastúnach sa Tuaisceart

AN CEART go mbíonn lucht na Gaeilge ag fanacht go foighdeach le fáil amach cé bhéas i gceannas orainn, nó an cóir duinn bheith chómh gníomhach sin i gcúrsaí polaitiochta nach bhféadfaí gan aird a thabhairt orainn?

Séard a chuir ag smaoineamh ar a leithéid mé ná alt spéisiúil a bhí ag Tuairisc i gcaitheamh na míosa seo caite faoi cheannaireacht Fhine Gael agus dearcadh na n-iarrthóirí i leith na Gaeilge.

Tuairiscíodh, agus is fíor é, nach bhfuil aon bhádh faoi leith léirithe ag duine ar bith díobh ach amháin Leo Varadkar! Tuairiscíodh freisin, cé go bhfuil Gaeilge líofa ag Enda Kenny is aithne mhaith aige ar an ngaeltacht, nach ndearna sé tada mórán le stádas na Gaeilge a chur chin cinn.

Arís, tá cuid mhaith den fhírinne sa gcaint seo.

Nuair a bhíosa féin ag obair mar iriseóir i dTeach Laighean bhí Kenny i gcónaí ar fáil i nGaeilge is níor labhair sé riamh aon teanga eile liom. Ón aithne phearsanta atá agam air dhéarfainn cinnte gur mór leis an teanga.

Chuir sé a chuid páistí féin ag gaelscoil, agus bhí iníon amháin leis, ar a laghad, a bhí an-ghníomhach in agóidí Gaeilge nuair a bhi sí san ollscoil. Ach má bhí sé díograiseach go maith é féin go pearsanta, ní dhearna sé aon scéal mór polaitiúil as an teanga. 

Agus, mar a thuairiscigh Tuairisc, is nuair a bhí seisean ina Thaoiseach, sea, d’éirigh an Coimisinéar Teangan, Sean Ó Cuirreáin as, de bhárr faillí leanúnach an stáit maidir leis an nGaeilge.

Agus, ar ndóigh, ní déarnadh iarracht ar bith agus é ina Thaoiseach brú a chur ar rialtas na Breataine maidir le hAcht Teangan don Tuaisceart cé gur aontaíodh i gCill Rímhinn go mbeadh a leithéid ann.

Cén ceacht atá le foghlaim as seo?

pg13-2

•  An Dream Dearg – Niall Ó Donnghaile agus Luna

Má tá cearta nó polasaí dearfach ar bith i leith na Gaeilge ag teastáil ó lucht na Gaeilge caithfidh muid eagar a chur orainn féin chun brú polaitiúil a chruthú sa gcaoi nach mbeidh duine ar bith – bíodh sé nó sí fábharach go pearsanta don teangain nó a mhalairt – neamhaird a dhéanamh den éileamh sin.

Sa Tuaisceart ar ndóigh bhí namhadas glan dhá léiriú don teanga ó tháinig an chríchdheighilt isteach.  Ó dheas, ní raibh an námhadas céanna ann – go hoifigiúil ar aon chuma – cé gur léir anois nach bhfuil spéis mhadra ag bunaíocht an stáit sa teanga, nó i rud ar bith eile a bhaineann le féiniúlacht na hÉireann.

Agus mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, “ag deire thiar is marfaí neamhshuim ná namhadas ar bith.”

Ach ó bunaíodh an Saorstát, bhi leisce ar Ghluaiseacht na Gaeilge (má bhí gluaiseacht ann) dul i ngleic leis an stát.  Bhí daoine sásta dá dtabharfaí aoibh lách dúinn, fiú dá mba aoibh mharánta ag deire thiar í.

Sea, níl aon eagraíocht, aon fhorsa, a chuireann brú ar an saol polaitiuil maidir leis an nGaeilge.

Sa toghchán deireannach, bhí lucht stocaireacht gach abhar le clos go neamhspleách, ach amhain an Ghaeilge.  Bhí muide ar an imeall, ar an taobh-líne ag fanacht go dtiocfadh ár slanaitheóir chun tarrthála orainn.

Anois ó thuaidh, sa toghchán is déanaí, bhí ceist na Gaeilge go mór mar ábhar.  Mar adúirt Caral Ní Chuilín, bhí Sinn Féin tiomanta d’Acht Ghaeilge a chinntiú.

Ach arís ní rud pearsanta é, ní rud a thiocfas mar gheall ar dhíogras duine, ach ceart a chinnteófar má sheasann muid ar an bpointe nach sásóidh tada muid ach na cearta Gaeilge sin a bheith ann: taitneóidh sé sin leis an DUP nó nach dtaitneóidh. 

Cloisim uaireannta daoine ag rá nach cóir go mbeadh an Ghaeilge ceangailte leis an bpolaitíocht.  A mhalairt ar fad atá fíor.  Is rud polaitiuil é cearta a iarradh is a bhaint amach.

Ach tá sé fíor nach cóir go mbainfeadh an Ghaeilge le dearcadh polaitiúil amhain ar bith. Sea, is cuid de oidhreacht na bProtastúnach í an Ghaeilge chómh maith is atá d’aon chuid eile.

Is nuair a chaitheann an DUP anuas ar an teanga, tá siad ag caithemah anuas ar chuid de oidhreacht na bProtastúnach, oidheacht na hEaglaise Presibitéirigh mar shampla a rialaigh i lár an 19ú céad go mbeidh cumas sa nGaeilge riachtanach da gcuid ministéirí ionas go mbeadh siad in ann labhairt lena bpobal ar fad.

Tá sé in am dúinn, Caitlicigh, Protastúnaigh is eile, gan a bheith béasach a thuilleadh faoinar dteanga. Tá cearta, tá urraim, tá ómós ag teastáil uainn, agus gheobhaidh muid iad.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland