Top Issue 1-2024

13 March 2017 Edition

Resize: A A A Print

Uafáis Earnáil an Fháilteachais

Ciapadh forleathan i mBialanna & Óstáin léirithe i dtaighde eisiach

• An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le h-oibrithe fháilteachais ag Teach Laighean

Daoine faiteach, faoi bhrú, gan chumhacht agus earnáil ard-bhrabaigh, gan náire, gan taise ag sú gach ar féidir leis amach as a chuid fostaithe

TÁ SÁRÚ CEARTA oibrithe ag tarlú go forleathan in earnáil fháilteachais na Gaillimhe de réir taighde nua eisiach atá déanta ag Sinn Féin. Tá leibhéalacha do-ghlactha mí-úsáid o bhéal agus fisiciúil, ciapadh agus ionsaithe gnéís ag tarlú in óstáin agus bialanna i nGaillimh agus caithfear gníomhú chun athrú iomlán cultúr i chur i bhfeidhm iontu.

Thosaigh an feachtais atá ar bun againn le cúpla mí maidir le mí-úsáid oibrithe in earnáil an fháilteachais thar cupán caife tráthnona amháin, nuair a thug bean óg, misniúil as Tiobraid Árainn, Eva Mitchell, léargas dom ar an mhí-úsáid a bhí feicthe aici sna gnónna clúiteacha a raibh sí taréis oibriú iontu i nGaillimh. 

D’inis sí scéalta faoi rudaí a bhí feicthe go rialta aici féin, ina measc ionsaithe fisiciúla, mí-úsáid ó bhéal, sárú dlí fostaíochta, leatrom ar dhaoine leochaileacha agus go leor eile. Ní raibh sí sásta gan seasamh a thógáil níos mó agus thosaigh muid feachtas chun an scéal a cheartú.

Tharraing muid aird sna meáin ar na cleachtais seo agus rinne eagrais ionadaíocha lucht an fháilteachais beag is fiú dóibh. Thuig muid ansin go mbeadh orainn dul i mbun taighde chun fíricí nach bhféadfaí a bhréagnú, a bhailliú.

D’fhreagair os cionn cheithre chéad oibrí óstán agus bialainne an suirbhé ar-líne a raibh ceisteanna curtha inti maidir leis na bunchearta oibre gur chóir do dhuine a bheith ag súil leo. Ceisteanna maidir le conraí, coinníollacha oibre, socruithe scíthe agus saoire, íocaíochtaí agus mar sin de.

Tá réimse ceisteanna ann freisin maidir leis an mhi-úsáid atá ag tarlú ar bhealai éagsúla agus is cúis mhór imní na freagraí atá faighte againn.

Deir beagnach 80% d’oibrithe go dtugtar íde béil dóibh san ionad oibre, 44% acu go leanúnach. Tá suas le 15% dóibh a d’fhulaing ionsaithe fisiciúla freisin. 

Deir 35% do na daoine gur déanadh ciapadh nó ionsaithe gnéis orthu san ionad oibre, rud atá scannallach amach is amach. Sin duine as gach triúr.

Suas le 70% d’oibrithe a d’fhulaing ganníocaíocht agus 60% a deir gur coinníodh siar aiscí nó ‘tips’ uathu. Triúr as gach ceathrar a thug le fios go n-úsáidtear socraithe clár ama mar bhealach le smacht a choinneáil orthu.

pg8-2

Éireannaigh den chuid is mó a d’fhreagair an cheistneoir agus iad ag obair i gcineálacha éagsúla oibre, ón gcócaireacht go freastal agus glanadh. Ní bhfuair beagnach leath acu socraithe scríofa oibre agus níl ach 5% acu a bhfuil ballraíocht ceardchumainn acu.

Níl ach duine as gach triúr a fhaigheann briseadh aon uair a chloig déag idir seársí oibre, mar ba cheart dóibh. Deir beirt as gach triúr nach bhfaigheann siad cúig noiméad déag féin mar bhriseadh i rith leath-lae oibre agus 40% den dream a d’fhreagair a deir nach bhfaigheann siad an cheithre seachtaine saoire bliaintiúil atá ag dul dóibh.

Den chuid is mó, dúradh gurb iad na daoine sinsearacha sna h-ionaid atá i mbun an mhi-úsáid. Ach, is beag duine a bhac leis an mhí-úsáid a thuairisciú. Deir siad gur faitíos roimh céard a tharlódh agus mar gur bhraith siad nach ndéanfadh sé aon difir na cúiseanna is mó leis sin.

Pictiúr iontach duairc a léiríonn an taighde seo ar a bhfuil ag tarlú ins na bialanna agus óstáin a bhfuil muid ag tabhairt ár gcuid tacaíochta dóibh. 

Léiríonn na tuairiscí pearsanta a cuireadh ar fáil freisin, an taobh daonna den scéal seo. Daoine faiteach, faoi bhrú, gan chumhacht agus earnáil ard-bhrabaigh, gan náire, gan taise ag sú gach ar féidir leis amach as a chuid fostaithe.

Tá tacaíocht dhá fháil ag an bhfeachtas ó na ceardchumainn, Aontas na Macléinn, ó eagrais d’oibrithe inimirceacha, an Gréasán um Ionaid Éignithe agus cuid mhór eile.

Tá crógacht Eva Mitchell agus anois comhleacaí léi Kaela Nic Cormaic, ag tabhairt glór phoiblí do na mílte oibrithe eile nach bhfuil sé de mhisneach acu féin labhairt amach, fós. 

Tá sé i gceist againn anois díriú ar fheachtasaíocht dhearfach chun oibrithe a chur ar an eolas faoina gcearta oibre agus chun tacú le h-óstáin agus bialanna a chaitheann go maith lena gcuid oibrithe agus vótáíl lenár gcosa. Ní neart le cur le chéile, agus má eiríonn linn i nGaillimh leanfaidh muid den bhfeachtas ar fud na tíre.

Tá Tacaíocht ar fáil!

SIPTU (Services Industrial Professional and Technical Union)

www.siptu.ieTel: (01) 8586389 | Email: [email protected]

MRCI (Migrant Rights Centre Ireland)

www.mrci.ie | Tel: (01) 889 7570 | Email: [email protected]

WRC (Workplace Relations Commission)

www.workplacerelations.ie | Tel: (059) 917 8800

Rape Crisis Network

www.rapecrisishelp.ie | Tel: 1800 778888

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland