New side advert

13 February 2017 Edition

Resize: A A A Print

Is marfaí neamhshuim ná naimhdeas ar bith

TÁ SCÉAl na Gaeilge, agus cearta lucht a labhatha, go mor chun tosaigh anois i bpolaitíocht an Tuaiscirt – mar is ceart é a bheith.

Ach díreach nuair a bhíonn aird á díriú ar Acht Teangan ó thuaidh, ní mór duinn suil siar a chaithemah thar an ngualainn agus sampla eile de dímheas an stáit ó dheas ar an teanga.

I dTeach Laighean, i gcaitheamh na míosa seo caite, thug an t-abhcóide Séamus Ó Tuathail aitheasc don choiste um seribhísí uisce i dtaobh úineireacht phoiblí na seirbhísí sin.

Mar ghaeilgeóir, chuir an Tuathalach in iúl d’údarásaí Thigh Laighean roimh ré, go labhródh sé i ngaeilge.  Tá coras ateangaireacht in ainm’s a bheith ar fáil i dTigh Laighean, ar ndóigh, is ní cóir mar sin go mbeadh aon fhadb.

Ach tháinig an lá agus tháinig an fear agus ní raibh aon choras ateangaireachta i bhféidhm.  Fabht teicniúil a bhí faoina dhear seo, dúradh.

Cuireadh in iúl don Tuathalach ansin go mbeadh air a aitheasc a dhéanamh i mBéarla – Béarla éigeantach ar ndóigh – nó nach mbeadh sé in ann a chuid fianaise a thabhairt ar chor ar bith.

“Faoi agóid” agus go drogallach ghlac Séamus Ó Tuathail leis seo.

“Mugadh magadh”  a thug sé ar an scéal ina dhiaidh ag rá gur sampla eile é den easpa dáiríreacht i leith na gaeilge atá le tabhairt faoi ndear ag gach leibhéal den stát.

Sea, ó thuaidh labhrann an DUP go deistineach faoin teanga, diúltaíonn siad glacadh lena gcuid dualgaisí faoi Chomhaontú Chill Rímhinn, agus leiríonn siad naimhdeas neamhchiallmhar i gcoinne na teanga arís is arís.

Ach ó dheas, is cuma leis an stát. Ní dhéanann siad argóintí faoina gcuid dualgaisi i leith na teanga.  Díreach ní chómhlíonann siad iad.

Ní rud nua é seo. Siar i 1969, thug Mairtín Ó Cadhain léacht stairiúil uaidh faoin teideal Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae. Sa léacht sin d’amhdaigh sé go raibh níos mó naimhdis don teanga ó thuaidh ná mar a bhí ó dheas. Ní raibh suim acu inti, dúirt sé.

Ach dúirt se freisin, “ag deire thiar is marfaí neamhshuim ná naimhdeas ar bith”.

Nuair a bhrúnn muide, lucht na gaeilge, ar gclár oibre chun tosaigh ó thuaidh maidir leis an Acht Teanga agus maidir  le meas  is uarraim a bheith ar an teanga, na déanamis dearmad de go bhfuil an cath nach mór céanna le troid againn ó dheas.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group