12 January 2017
Arlene Cois Tine
OÍCHE gaoithe móire, spéir thaodach ghruama, bualadh síne in aghaidh na fuinneoige. Bhí rabhaidh sneacht-toirní á ríomh ar na haerthonnta. D’fheannfadh an teannas amuigh na caoirigh.
A ámharaí a bhí sé go raibh Arlene cois tine. Suaimhneas monarc faoina cois.
Má bhí aon mhearbhall ann riamh faoin chaidreamh idir Sinn Féin agus an DUP in Stormont, díobríodh é d’aon iarraidh amháin nuair a d’éirigh Mairtin McGuinness as mar Leas-Chéad Aire.
Dhóbair gur thit cuid de hiriseoirí na 6 chontae as a seasamh.
Ach is é an t-ionadh féin an rud is mó a chuir iontas ormsa. I measc roinnt mhaith de na hiriseoirí agus de na tráchtairí polaitiúla, ceapadh nach raibh i gceist ach cur i gcéill. Ríomhadh gur cath bréige a bhí ann. Líomhaint gan bhunús, is léir, ina dhiaidh sin is uile.
Léiríonn a n-ionadh an easpa tuigbheála a bhí ann maidir leis na hinsitiúidí ó thuaidh; faoin cheangal idir an dá pháirtí sinsearacha ar scor ar bith.
Le fírinne, is le tamall réasúnta fada atá dálaí ag dul in olcas sa Tionól. Red Sky, NAMA, chomhionannas pósta, deonú fola, diúltú d’Acht na Gaeilge agus don Straitéis Ghaeilge, eiteach glan plé le cúrsaí athmhuintearais agus oidhreachta a bhaineann leis an choimhlint.
Ó bhí mí na Bealtaine 2016 ann, go fiú, athbhreithniú ar na seomraí nua don mheánscoil Ghaeilge i nDoire, cur in éadan na n-ionad cothaithe sna bunscoileanna, diúltú arís d’aon straitéis Ghaeilge a chur sa chlár rialtais, agus ar ndóigh, an scannal faoin scéim fuinnimh – RHI. Ní nach ionadh gurbh é buille maraithe na muice scriosadh an mhaoinithe Líofa.
Mar sin féin, ar bhonn simplí, léiríonn an ráiteas a d’fhógair Arlene Foster os comhair an cheamara dá bhfuil le rá faoin DUP faoi láthair.
Teallach, troscáin agus timpeallacht a d’fhóirfeadh do Bhanríon Shasana féin Lá Nollag. “My fellow Americans . . . ” a thiocfadh chun chuimhne. Éirí in airde agus an tuin mórchúiseach mar bharr ar an donas. Cuma, meon agus foclaíocht an fhorlámhais. An t-aon rud a bhí ar lár? An craos tine.
Mar sin féin, níl uachtarán ná príomhaire ann sna Sé Chonate. Ní hionann suaitheantas corónach i liopa an chóta agus corónú, ach oiread.
Nochtann na geaitsí seo go maith an mhéin atá ina constaic thromchúiseach don phróiseas pholaitiúil. Níl aon institiúid pholaitiúil inmharthanach sna 6 chontae má bhíonn cumhacht deighilte ann seachas córas cumhachtroinnte.
Caoinfhulaingt, chomhionannas agus cóimheas; tá said ina mbunchlocha den phróiseas síochána.
Ní leor na sparanáchtaí Líofa a thabhairt ar ais gan dul i ngleic leis na hábhair ag croílár na ceiste.
Dímheas, cearta neamh-chomhlánaithe, gangaideacht – a leanúnaí is atá said, is comharthaí iad den fhadhb bhunúsach atá romhainn.
Údarás uilíoch in éadan an chothromais.
Arbh fhéidir admhad a dhó sa teallach sin, a Arlene?
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures