Top Issue 1-2024

16 January 2017 Edition

Resize: A A A Print

Ní mór don DUP tabhairt faoin dúshlán

Féiniúlacht agus Cothromas á bplé ag an Slógadh

• TIarchimí poblachtach an Comhairleoir Séanna Walsh ag caint

»

An fhéiniúlacht agus an cothromas i leith na Gaeilge, sa phobal agus sa chóras scolaíochta, is iad sin na hábhair is mó a bhí faoi thrácht ag Slógadh Shinn Féin i nDún Richmond (Richmond Barracks), Baile Atha Cliath, le déanaí.  

Bhí scaifte maith Gael i láthair ag an imeacht bhliantúil Gaeilge ag tús mhí na Nollag. Ba é Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams TD príomhchainteoir an lae agus bhí teachtaireacht láidir aige maidir le stádas na Gaeilge, ó thuaidh go háirithe,

"Glacaim leis go bhfuil daoine buartha nach bhfuil Straitéis Gaeilge sa dhréachtchlár Rialtais sa Tuaisceart. Faroar géar, is é an fhírinne nár aontaigh an DUP leis seo a chur isteach,” a dúirt an Teachta Adams.

pg31-2

• Thug Gerry Adams TD príomhóráid an lae

Lean sé leis,

"Agus Sinn Féin sa rialtas ó thuaidh, thacaigh muid le hAcht na Gaeilge agus d'iarr muid go rialta ar Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann a gcuid dualgaisí faoi Chomhaontú Chill Rímhinn a chomhlíonadh ina n-iomlán. Thacaigh muid fosta leis an straitéis Gaeilge a thug an tAire Carál Ní Chuilín os comhair an fheidhmeannais. Is é an DUP agus an UUP a dhiúltaigh an straitéis.

“Anois, tá tréimhse comhairliúcháin ann agus cé gur beag an seans go n-athróidh an DUP a ndearcadh, tá sé ríthábhachtach go mbeidh glór ag pobal na Gaeilge sa phróiséas comhairliúcháin.”

Bhí roinnt aoi-chainteoirí i láthair don chéad díospóireacht painéil a chlúdaigh téama na féiniúlachta; Paula Melvin (Pobal Gaeilge 15), Séanna Walsh (iarchimí), Mairéad Farrell (SF) ina measc. Tugadh dhá óráid shuntasacha eile sa chuid sin den lá nuair a labhair ball de Shinn Féin Seán Oliver faoina chúlra Presipitéireach agus faoina aistear cultúrtha agus polaitiúla. Ba shuimiúil, fosta, an chaint a thug Norman Uprichard (East Belfast Mission) maidir lena thaithí mar Phrotastúnach ag foghlaim na Gaeilge le Linda Ervine agus an togra ‘Turas’.

pg31-3

• Paula Melvin ón eagraíocht Pobal Gaeilge 15 

Cúrsaí Gaelscolaíochta a bhí á bplé tráthnóna ag an Slógadh, sa seisiún ar a ndearna an Comhalta Barry McElduff an cathaoirleacht. Chuir sé fáilte roimh chur isteach suimiúil ó Clare Spáinneach (Gaeloideachas), Carol Nolan TD (SF), Pilib Ó Ruanaí (Iontaobhas) agus ón Dr Séamas Ó Donnghaile, príomhoide bunscoile i mBéal Feirste atá i ndiaidh staidéar a chríochnú faoin téama ‘Tábhacht an Phiarsaigh don Ghaeloideachas san 21ú hAois.’ 

Bhí an t-ábhar sin tráthúil go leor, mar a mhínigh an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh agus é ag caint ar thábhacht Dhún Richmond go díreach i ndiaidh na hÉirí Amach. Gabhadh níos mó na 3,000 duine sa bhearaic, ceannairí na reabhlóide san áireamh.

Tógadh roinnt mháith ceisteanna tábhachtacha maidir le cur chun cinn na teanga san am atá romhainn agus an easpa reachtaíochta éifeachtaí go háirithe i gcomhthéacs na 6 chontae. Le linn an lae, treisíodh leis an méid a dúirt Gerry Adams,

“Ní mór don DUP glacadh leis an dúshlán agus meas a thabhairt don fhéiniúlacht Gaelach agus don Ghaeilge; mar nithe chomh cothrom agus bailí le cúlra ar bith eile. Ní foláir dóibh a aithint nach bhfuil an Ghaeilge ina bagairt ar aon duine.”

pg31-4

• Norman Uprichard ó East Belfast Mission

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland