14 December 2016
A chara Gael – Ár gcara Dale
IS LE CROÍ trom agus faoi bhrón a scríobhtar an píosa gairid seo. Tá cara mór dár gcuid imithe ar shlí na fírinne, mar Dale Moore.
Is iomaí sin duine a raibh aithne aige ar Dale. Má bhí a cháil roimh dhuine riamh, ba é Dale é. Bhí sé chomh deas cineálta sin, agus bhí an méid sin ceana ag daoine air, ní haon áibhéil a rá nach mbeidh a leithéidí arís ann.
Bhí cáil na preasoifige air agus an t-ábhar sin aige. Chaith sé tamall fada i mbun poiblíochta agus bloscaireachta, agus ní i bhfad ar shiúl a bhí sé nuair a bhí comhairle ná tuairim de dhíth. Bíodh sé sin i nDoire, sa Tionól ná ar fud na Sé Chontae. I ndáiríre, d’fheictí Dale ar fud na tíre ag gach sórt imeachta – chomhdhálacha, mórshiúlta, agóidí – agus, níos minice ná a mhalairt, an ceamara ina ghlac aige.
Ba scríbhneoir cumasach é a chum gné-altanna go minic do An Phoblacht. Is maith is cuimhin liom féin an tsraith de bhlaganna a d’fhoilsigh An Phoblacht nuair a bhí Dale i gCúba le toscaireacht ó Shinn Féin roinnt de bhlianta ó shin.
Thug sé muid leis, ina stíl sultmhar féin, ón ‘Óstán Sasanach’ ina raibh siad ag stopadh, trí na Sierra Maestra chomh fada le Santa Clara agus másailéam Ché Guevara.
Rud nach bhfuil a fhios ag roinnt mhaith daoine, b’fhéidir, go raibh suim mhór ag Dale sa Ghaeilge. Ní raibh leisce ar bith air a chuid Gaeilge a chleachtadh nó iarraidh ort cúpla focal nua a thabhairt dó. Ní hannamh a d’fhiafraíodh sé cad é mar a bhí cúrsaí Gaeilge ag forbairt sa pháirtí, agus gach rath i gcónaí á ghuí aige.
Chaith Dale a shaol ag obair ar son na Poblachta. Ba phoblachtach agus sóisialach tiomanta é. Móthófar uainn é.
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations
An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures