Top Issue 1-2024

1 December 2016 Edition

Resize: A A A Print

Cé labhrós i gCoinne na hEorpa mar atá?

BA BHUILLÍ troma do lucht an rachmais dhomhandaithe nuair a vótail muintir na Breataine ar son Bhreatimeachta agus, níos meas fós, nuair a d’éirigh le Trump i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe.

Ach tá an chosúlacht ann go bhfuil tuilleadh droch-nuaíocht ar an mbealach. Creideann David McWilliams, in alt a scríobh sé don Irish Independent, go bhfuil seans maith go gcaillfeadh rialtas na hIodáile reifreann atá dhá reachtáil sa tír sin an mhí seo

Baineann an reifreann go foirmealta le coras riaradh na hIodáile, ach baineann se i ndairíre – dar le McWilliams – le dúshlán a thabhairt do lucht an rachmais dhomhandaithe. Ó ghlac an Iodáil leis an Euro mar airgeadra, ta eacnamaocht na tire imithe tí diabhail, mar chaill siad an chumhacht rátai úis nó rátaí malartaithe a shocrú mar a d’oir do gheilleagar na tíre.

Bhí an fhadb chéanna againne ar ndóigh, ach tá fiche bliain stad in eacnamaíocht na hIodáile ó shoin. Tír a bhíodh réasúnta saibhir atá in aimhréidh ar fad anois.

Agus creideann McWilliams dá gcaillfeadh an rialtas an reifreann go dtabharfadh sé sin borradh mór don Fhronta Naisiúnta sa bhFrainc. Agus tá sé fógartha ag Marine Le Pen go n-imeóidh an Fhrainc as an Euro an lá dar gcionn má bhuann sí.

Cheana féin sa Bhulgáir agus sa Mholdóiv tá uachtaráin nua-thofa ann atá fábharach don Rúis agus criticiúil (mura namhdach ar fad iad) don Aontas Eorpach. Agus sa nGearmain fiú is cosuil go dtoghfar Frank-Walter Steinmeier mar uachtarán na tire – fear eile atá ag lorg dea-chaidreamh leis an Rúis.

Tá’s ag an saol go bhfuil an tAontas Eorpach i dtrioblóid sa todhchaí is go bhfuil athchóiriú iomlán ag teastáil má tá sé le maireachtáil ar chor ar bith, ach má tharlaíonn na feadarachtaí atá os ár gcómhair faoi láthair tiocfaidh titim laithreach.

Ní mhairfeadh an tEuro gan an Fhrainc. Is nuair a thosaíonn an próiseas ag roiseadh, beidh ceist do-sheachanta faoin gcómhoibriu is cóir a bheith ann in ionad an ioarracht le ollstát a chruthú den Aontas reatha.

I ndáiríre níl ach ceist amháin ann faoi seo: cé bhéas i gceannas ar an taisteal nua, an eite dheis nó an eite chlé? Má fhanann an eite chlé ciúin nó gan treoir is ag an eite dheis a bhéas an bua, le ciníochas, coimeádachas is eile.

Má tá an eite chlé ag iarraidh a leithéid a sheachaint caithfidh siad dul i gceannas ar an gcur i gcoinne san Aontas.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland